Tá deireadh leis an gcomhghuaillíocht thrasatlantach, agus níl tuairim dá laghad ag an Aontas Eorpach ná ag lucht an Atlantachais i gcoitinne céard is féidir a dhéanamh faoi nó cén cruth is ceart a chur ar an gcaidreamh idirnáisiúnta feasta. Ní léir fiú go bhféadfaí beatha a chur arís i gcorp na seanré dá dtiocfadh na Daonlathaithe ar ais i Meiriceá.
Tá dímheas oscailte ar an Eoraip léirithe ag Trump, ach níos tábhachtaí ná sin, tá an fhírinne faoin gcaidreamh idir Meiriceá agus an Eoraip léirithe freisin.
Feidhmíonn an Eoraip ar an stáitse domhanda le cead na Stát Aontaithe. Gan an cead sin níl san Eoraip ach na híochtaráin nua a bhfuil a n-impirí imithe go deo.
Goilleann an fhírinne seo go mór ar an Eoraip. Mhínigh Bart de Wever, príomh-aire na Beilge, an scéal mar seo, nuair a labhair seisean in Davos ag cruinniú mór na n-uasal ansin.
“Go dtí seo, rinneamar iarracht an t-uachtarán nua sa Teach Bán a shásamh,” ar seisean. “Ach anois, tá an oiread sin línte dearga á dtrasnú. Is rud amháin é bheith sásta is sona is tú i do vasáilleach. Is rud eile ar fad bheith i do sclábhaí truamhéalach.”
Agus d’fhógair Emmanuel Macron na Fraince go dána nach am é seo le haghaidh an nua-impiriúlachais nó an nua-choilíneachas. Ní hé go raibh sé ag cur i gcoinne an impiriúlachais, ach is é an sean-impiriúlachas atá uaidh.
Ach thug Mark Carney, príomh-aire Cheanada, leis an chraobh.
“Ní thiocfaidh an sean-ord ar ais. Níor chóir dúinn a bheith á chaoineadh,” a dúirt sé. “Ní straitéis é an maoithneachas.”
“Glacaimid lena bhfuil á thairiscint dúinn. Bímid in iomaíocht lena chéile faoi cé againn is cuidiúla. Ní flaitheas é sin. Níl ann ach flaitheas bréige fad is a bhímid ag glacadh leis an daoirse.”
Dúirt Carney chomh maith:
“Is cosúil go meabhraítear dúinn gach uile lá go mairimid tráth a bhfuil géarchoimhlint chumhachta ann, tráth a bhfuil deireadh ag teacht leis an saol a bhí bunaithe ar rialacha, gur féidir leis an tréan a rogha ruda a dhéanamh agus go gcaithfidh an lag cur suas lena dtarlaíonn dóibh.”
Is é an rud is mó a chuir iontas orm, gur dhearbhaigh Carney go hoscailte go bhfuil an t-ord idirnáisiúnta bunaithe ar rialacha — mar a thugtar uirthi — marbh, agus gur cheistigh sé go deimhin arbh ann dó riamh i ndáiríre:
“Leis na scórtha bliain anuas, d’éirigh go maith le tíortha cosúil le Ceanada faoin ord idirnáisiúnta bunaithe ar rialacha mar a thugaimis air. Ghlacamar páirt ina institiúidí, mholamar a phrionsabail agus bhain muid leas as a intuartha is a bhí sé. Agus dá bharr sin d’éirigh linn, faoina chosaint, polasaithe eachtracha bunaithe ar luachanna áirithe a chur chun cinn.
“Bhí a fhios againn nárbh fhíor ar fad an chaint faoin ord idirnáisiúnta a bheith bunaithe ar rialacha agus go ndéanadh an dream ba láidre neamhaird ar na rialacha sin nuair a d’oir sin dóibh, nach mar a chéile a chuirtí na rialacha trádála i bhfeidhm. Agus bhí a fhios againn nach mar a chéile a chuirtí an dlí idirnáisiúnta i bhfeidhm ag brath ar an dream a bhí cúisithe nó a bhí thíos leis an dlí sin.”
Mar sin féin, níor tháinig aon athrú intinne ar Carney ar an mbóthar go Damascus. Ní dhearna sé aon leithscéal as an dúshaothrú a raibh baint aige leis ná as an bhforéigean ar thacaigh sé leis i gcoinne na stát a bhí ina n-íospartaigh ag an gcomhghuaillíocht Atlantach. Ní hea, níor léirigh sé ach go raibh iontas air go ndéanfaí dochar inniu do Cheanada, don Eoraip agus don Chomhghuaillíocht Atlantach den chineál céanna a rinne siad féin roimhe seo ar an Domhan Theas.
Agus féach arís, agus an Iaráin faoi bhagairt ionsaithe, nach bhfuil aon cháineadh déanta ag an Aontas Eorpach faoi bhagairt Trump uirthi in ainneoin iadsan in ainm is a bheith an-bhuartha faoi bhagairtí Trump.
Tá ceacht sa scéal seo dúinne, Éireannaigh a bhí inár n-íospartaigh ag an impireacht is measa ar domhan riamh, impireacht na Breataine. Impireacht a chleacht slad is marú, sclábhaíocht is creach ar fud an domhain.
An cóir dúinn seasamh le lucht an Atlantachais, an dream a dteastaíonn uathu ‘na laethanta breátha’ a thabhairt ar ais nuair a bhí an Eoraip, in éineacht le Meiriceá, in ann an domhan ar fad a chur ag crith?
An cóir dúinne an sean-ord a thabhairt ar ais, nó an cóir dúinn seasamh amach i gcoinne an dúshaothraithe?
An gcuirfidh muid fáilte roimh imeacht an tseanoird agus páirt a imirt i gcruthú domhain eile.
Fág freagra ar 'Tá deireadh leis an Atlantachas ach céard a thiocfaidh ina áit?'