Tá clicití-cleaic an Rubik Cube ag éirí níos airde arís

Tá cead ag comhlachtaí anois leaganacha nua den chiúb Rubix a cheapadh agus iad ar fad ag baint barr dá chéile ag iarraidh an ceann is mó a mbeadh tóir air a chur ar an margadh

Tá clicití-cleaic an Rubik Cube ag éirí níos airde arís

B’fhéidir gur fada ó chonaic siad solas an lae, ach fearacht an tí sin againn féin, tá mé cinnte go bhfuil ar a laghad ceann de na nithe atá faoi thrácht inniu agam san áras ina bhfuil tusa freisin – caite i mbun preasa nó i gcúl tarraiceáin, clúdaithe le dusta agus beagán tréigthe. B’fhéidir gur i ndorchadas an áiléir thuas atá siad le fada anois, ag coinneáil cuideachta le réaltaí eile a linne, na Cabbage Patch Kids, My Little Pony agus na Care Bears.

Is fiú na mílte euro an ceann an chuid is gainne de na bréagáin is deireanaí sin atá luaite agam agus b’fhéidir gurbh fhiú duit a dhul in mbun póirseála. Ach mura bhfuil fanta agat ach an Rubik Cube, mar a bhí agamsa, ná corraigh de do thóin. Inniu féin 40 bliain tar éis dó a bheith ar an mbréagán ba mhó a raibh tóir air ar fud na cruinne, tá Rubik glan nua as an bpíosa le ceannacht ar €2.

Is beag duine faoi bhun aois vótála nár láimhseáil ceann acu sin ag tráth éicint déarfainn. Ach ar fhaitíos gur ar bhun Shruth na Maoile, ar bharr na Cruaiche nó in iontais na foraoise báistí i Seanadh Mhacha a bhí tú agus an chuid eile againn ag dul as ár meabhair dá bharr, is puzal ar a bhfuil sé  thaobh ar dhathanna éagsúla é an Rubik Cube – agus naoi gcuid i chuile thaobh.

Ba chóir a rá ag an tráth seo freisin go bhfuil sé déanta ar chaoi a cheadaíonn don té a bhfuil sé ina lámh na taobhanna a chasadh pé bealach is mian leis. Ceathair nó cúig de chastaí agus tá brachán déanta d’ord agus d’eagar na ndathanna agus an dúshlán anois iad a chur ar ais mar a bhí – a thaobh beag deas néata arís ag an mbán, dearg, gorm, oráiste, uaine agus buí.

Ungárach darbh ainm Ernő Rubik a cheap an chéad cheann acu sa mbliain 1974. Bhí sé bliana eile ann sular tosaíodh á tháirgeadh mar bhréagán – cé go bhfuil sé chomh mícheart sin a thabhairt air agus atá sé iasc a thabhairt ar mhíol mór. Déarfainn gur mó daoine a chuir an Rubik ar mire ná ar thug sé pléisiúr dóibh.

In imeacht bliana bhí 200 milliún Rubik Cube ceannaithe ar fud an domhain. Bhí nuachtáin, irisí eolaíochta, leighis agus oideachais á mholadh go hard na spéire. Bhí ceann acu ar sheastán sa Museum of Modern Art i Nua-Eabhrac, bhí cláracha teilifíse bunaithe air agus i samhradh na bliana 1982 tionóladh an chéad Chraobh an Domhain i mBúdaipeist.

Idir an dá linn d’imigh múinteoirí sna ceithre hairde le báiní. Go dtí sin ba é neamhaird agus sioscadh seasta a gcuid scoláirí a bhíodh ag cur aoise orthu. Anois ní raibh gíog ná míog le cloisteáil as a mbéal siúd – ina áit sin bhí macalla á bhaint as na ballaí ag clicití-cleaic dhá scór Rubik Cube a bhí folaithe faoi bhun na ndeascanna ag dhá scór dailtín agus iad in iomaíocht lena chéile.

Ba shólás agus suaimhneas do na hoidí nár mhair an t-iontas ach cúpla bliain agus cé gur le linn dó a bheith ag meath san Eoraip agus sna Státaí a tosaíodh ag cur suime ann sa tSín agus san India, ba chomhartha go raibh sé ag dul i léig nár eagraíodh aon Chraobh an Domhain ón gcéad cheann go dtáinig 2003.

Ach tá beocht ag teacht in athuair ann, beocht atá treisithe ag an bpaitinn a bhí ag Ernő Rubik agus acu siúd ar dhíol seisean leo é a bheith gaibhte in éag. Anois tá cead ag comhlachtaí leaganacha nua den chiúb a cheapadh agus iad ar fad ag baint barr dá chéile ag iarraidh an ceann is mó a mbeadh tóir air a chur ar an margadh.

Sé thaobh a bhíodh ar chiúb Rubik – inniu tá cinn phóca ar fáil, cinn atá níos mó, cinn a bhíonn níos téagartha ina lár ná a bhíonn ina mbun agus ina mbarr, cinn a mbíonn múnla dá chuid féin ar an bpíosa corr agus mar sin de.

Is é Max Park, Meiriceánach nach bhfuil ach 17 bliain d’aois, Usain Bolt an Rubik Cube. Is ina sheilbh atá chuile churiarracht dhomhanda i gcúig cinn de na sé roinn atá sa gcomórtas. Lena leathlámh tá sé in ann an ciúb 3x3x3 a chur ar ais sa riocht ina raibh sé in imeacht 9.42 soicind.

Ag Astrálach darb ainm Feliks Zemdegs atá an t-aon churiarracht nach bhfuil ag Parks (3x3x3 leis an dá lámh). Beagán le ceithre shoicind a thóg sé air, timpeall an achair chéanna a thóg sé orm féin ord 16 punt a tharraingt aniar as na hUaimíní agus míle píosa a dhéanamh de cheann a fuair mé in iomaire fataí a bhí mé a chartadh an lá faoi dheireadh.

Fág freagra ar 'Tá clicití-cleaic an Rubik Cube ag éirí níos airde arís'