Tá céim a dó de phlean na Samhna sroichte – ‘Cuir culaith bharrúil ar Mhamaí’

Tá siobáil Oíche Shamhna á déanamh faoi láthair ag na gasúir agus ár gcolúnaí bocht sceimhlithe ina beatha go dtarraingeofaí isteach sa scéal í

Tá céim a dó de phlean na Samhna sroichte – ‘Cuir culaith bharrúil ar Mhamaí’

Níl a fhios a’m céard a thabharfá ar an suíochán beag íseal atá ag gobadh amach in aice leis an tine, ach an ‘hob’ a thug muide riamh air. Bhí an tine sa gcistineach is muid ag fás aníos agus bhí suíochán brící ar chaon taobh di. B’iad na suíocháin ab fhearr sa teach iad, dar linne.

Nuair a thiocfá abhaile ón scoil, chaithfeá rith isteach ó dhoras na cistine dá mbeifeá ag iarraidh suíochán a fháil ar an ‘hob’ sula mbeadh sé faighte ag aon duine eile.

Bheadh do leathcheathrú leis an tine téite, i ngar a bheith dóite dháiríre. Fainic an mbeadh rud ar bith fágtha i do phóca agat, mar go mbeadh sé leáite. Tharla sé dom lá amháin agus ‘mallow’ 5p i dtaisce i mo phóca agam, le haghaidh ‘ar ball’ agus mé ag súil go mór lena ithe ar mo shuaimhneas.

Abair go raibh mé croíbhriste nuair a tháinig ‘ar ball’. Nuair a chuir mé mo lámh síos i mo phóca chuaigh mo mhéaracha i bhfostú thíos sa smeadar leamhacháin a bhí leáite thíos ann.

Thosaigh mé ag cuimhneamh ar na suíocháin sin an tseachtain seo mar go bhfuil aimsir phleanála na Samhna buailte orainn agus déantús na gcultacha Samhna faoi lán seoil.

Chuimhnigh mé go suíodh mé féin is mo dheirfiúr ar chaon taobh den tine ag caint ar oíche Shamhna. Thosaíodh an phleanáil trí nó ceithre seachtainí roimhe, is muid ag caint ar na cultacha, na cluichí a d’imreodh muid, agus níl a fhios agam céard eile.

‘Cén chulaith a bheidh ort i mbliana, Mamaí?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonáin Bheaga díom an tráthnóna eile.

Bhí sí ina suí ag bord na cistine, an phéint dhubh amuigh aici agus hataí caillí á ndéanamh agus á bpéinteáil aici. Ón méid a bhí mé in ann a dhéanamh amach, bhí an t-éadach boird, a héadan, a gruaig, an chathaoir agus an t-urlár á bpéinteáil aici freisin.  

‘Tá mé a cheapadh go bhfuil mé beagán róshean anois le bheith ag gléasadh suas don tSamhain,’ a dúirt mé. ‘Agus, ar aon chaoi,’ a dúirt mé, ‘níl aon chulaith agam.’

‘Tá sé sin ok, Mamaí,’ a dúirt sí.

Agus ‘buíochas le Dia’, a dúirt mé liom féin.

Ach lean sí uirthi, ‘mar déanfaidh mise culaith duit, agus féadfaidh tú theacht thart ag na tithe linne oíche Shamhna.’

‘Cén sórt culaith atá tú a iarraidh?’ a d’fhiafraigh sí. ‘Tá Daidí le bheith ina fhathach agus beidh maide mór aige agus puincín mór fada.’

‘Ó, a’ bhfuil?’ a dúirt mé agus iontas orm. Ba léir go raibh Daidí i ngreim aici cheana féin, agus go raibh sí imithe go dtí céim a dó de phlean na Samhna – ‘Cuir culaith bharrúil ar Mhamaí’.

‘Ach meas tú an osclóidh daoine an doras daoibh Oíche Shamhna má fheiceann siad fear ag seasamh sa doras agus maide mór ina lámh aige?’ a d’fhiafraigh mé di go hamhrasach.

Stop sí den déantúsaíocht ar feadh meandair. ‘Níor chuimhnigh mé air sin,’ a dúirt sí agus bhreathnaigh sí uaithi soicind.

‘Féadfaidh sé an maide a chur i bhfolach taobh thiar dhá dhroim.’

Agus an fhadhb sin réitithe, d’fhill sí ar an bpéinteáil.

Fág freagra ar 'Tá céim a dó de phlean na Samhna sroichte – ‘Cuir culaith bharrúil ar Mhamaí’'

  • Learraí

    Ó mhuise mo ghraidhin iad! Nach iad atá seiftiúil!

  • Niall na Naoi bPiontaí

    An-scéal atá an-deas ar fad agus an bhean óg an-chríonna! :-)