Tá ceardaithe ‘Sideways’ ar ais le chéile – beidh tú ag gol is ag gáirí acu

Ag gol is ag gáirí a bheidh tú ag The Holdovers, scannán nua Alexander Payne ina bhfuil taispeántais den scoth ón gcliar ar fad

Tá ceardaithe ‘Sideways’ ar ais le chéile – beidh tú ag gol is ag gáirí acu

The Holdovers

Stiúrthóir: Alexander Payne

Cliar: Paul Giamatti, Da’Vine Randolph, Dominic Sessa, Carrie Preston

Tá ceardaithe Sideways (2004) ar ais i mbun comhghuaillíochta lena chéile. Deacair a chreidiúint go bhfuil fiche bliain caite ó chuir an saothar greannmhar, tathagach sin an lucht féachana faoi dhraíocht. Is é a chuir Paul Giamatti i lár an aonaigh agus níl aon stop leis ó shin.

Tá comparáidí láidre le rianú idir an carachtar a bhí aige ansin agus an ceann atá á léiriú aige in The Holdovers. Múinteoir righin, cancrach, stubarnálta, achrannach é Paul Hunham a bhíonn ag caitheamh achasán agus carúil uaidh ar dalladh.  “Life is like a hen house ladder,” a deir sé go fealsúnach, “shitty and short”.

“Tá an buachaill sin chomh dúr ní féidir leis mún a dhoirteadh as buatais,” a deir sé faoi dhalta bocht áirithe atá faoina chúram.

Ní bocht ó thaobh maoine atá na buachaillí atá ag freastal ar scoil Barton na

bliana 1970, áfach. Iad ag suí agus ag díriú ar shaol in ollscoileanna móra amhail Cornell agus Yale. “Hormonal vulgarians” a thugann Hunham orthu. Tá sé ina chadhan aonair agus ina éan corr i measc a chomhghleacaithe fiú. É gléasta ina charbhat cuachóige, geansaí veiste, anorac agus ag ól a phíopa. Tá sé báite ina chuid leabhar agus seachnaíonn sé teagmháil dhaonna.

Gach aon bhliain bíonn ar dhuine den fhoireann fanacht sa scoil chónaithe leo siúd nach bhfuil ag dul abhaile i gcomhair na Nollag, holdovers an teidil. Mar gheall ar aighneas leis an bpríomhoide titeann an cúram ar Hunham. Gach re sea acu lena chéile i radharc iontach. An príomhoide ag cáiseamh go bhfuil sé róthraidisiúnta, Hunham ag meabhrú dó gur bunaíodh an scoil i 1797 agus dá réir go bhfuil an traidisiún ar cheann de bhunluachanna na scoile.

Bíodh sin mar atá fágtar buíon daltaí faoina chúram agus an cócaire Mary (Randolph) ag tindeáil orthu. De réir a chéile imíonn na daltaí ar fad seachas Angus (Sessa). Eachtraí míthapa, tromchroíocha ag tarlú i rith na coicíse le chéile.

A scéalta bróin agus deacrachtaí féin acu ar fad. Mothaíonn Angus tréigthe ag a mháthair agus a fear nua mar aon le drochbhail a athar. Mary ag caoineadh bás a mic in Vítneam. Máthair aonair í a thóg an post sa scoil an chéad lá riamh le go gcuirfí oideachas le dealramh ar a mac. Ní raibh sé d’acmhainn aici é a chur ar ollscoil agus chuaigh sé san arm.

“Ní théann buachaillí Barton go Vítneam,” a deirtear linn ag pointe eile. Téann, má tá siad bocht agus den chine gorm. Tá Hunham féin feargach faoi bhrionglóidí nár fíoraíodh agus uaillmhianta neamh-chomhlíonta. Tá ardú croí agus briseadh croí ag baint le scéalta agus eachtraí an triúir.

Tá cad é bús faoi thaispeántas Giamatti agus níl aon dabht ná go bhfuil sé go hiontach. Níl a shárú le tabhairt faoin ról agus is é is mó a bheidh á fhéachaint le Cillian Murphy oíche na nOscar. Tá Da’Vine Randolph agus Dominic Sessa nótálta chomh maith agus an-seans go mbeidh Randolph ar stáitse oíche Oscar chomh maith.

Saothar cumasach a chuirfidh ag gol is ag gáirí tú.

Fág freagra ar 'Tá ceardaithe ‘Sideways’ ar ais le chéile – beidh tú ag gol is ag gáirí acu'