Tá ceangal spéisiúil idir an caoineadh agus na hamhráin oibre…

Tá de cheangal idir na hamhráin saothair agus an caoineadh gur shíolraigh an t-amhrán saothair ‘ó ghnáis chanta na draíochta’

Tá ceangal spéisiúil idir an caoineadh agus na hamhráin oibre…

Feidhm osnádúrtha a bhíodh leis an gcaointeoireacht in Éirinn in aimsir na Págántachta, áit a bhféachfaí le spiorad an duine chaillte a aistriú ón saol seo go dtí na críocha lastall, a deir an tOllamh Breandán Ó Madagáin, nach maireann. 

Cuid lárnach den deasghnáth ab ea ainm an duine mhairbh a rá os ard le linn do shiollaí gaoithe – leithéidí ‘ochón’ – a bheith á rá. Is cosúil gur athraigh feidhm na caointeoireachta le himeacht aimsire sa tslí is gur chun racht a ligean a chuathas ina bun, cé gur fhan rian den tseanfheidhm osnádúrtha. 

Deir Breandán Ó Madagáin in Caointe agus Seancheolta Eile gur de bharr an athraithe béime ar an racht a ligean a tháinig ann don dara céim sa dreas caointeoireachta, mar atá, véarsa gearr filíochta a rá. 

Le seancheol reacaireachta a chantaí an véarsa sin, agus bean i mbun a ráite de ghnáth. De réir dealraimh, bhí sé mar a bheadh cantaireacht neamhornáideach ann, áit a raibh mórán siollaí ar an nóta céanna agus ‘críoch thiteamach’ nó cadence ina dheireadh. 

Tá de cheangal idir na hamhráin saothair agus an caoineadh gur shíolraigh an t-amhrán saothair ‘ó ghnáis chanta na draíochta’, gnáis a dtéití ina mbun aimsir an chaointe féin. Is le rath a chur ar an obair agus ‘dea-thoradh a chinntiú’ a théití i mbun na ‘ngnás canta’ céanna ó thaobh na namhrán oibre de, ar eagla go gcuirfeadh ‘fórsaí dorcha dothuigthe an dúlra’ an obair ó mhaith (Ó Madagáin). 

Ar ndóigh, bhíothas ag brath ar ‘dhea-thoradh’ faoi mar a bhíothas ag brath ar bhainne, agus is é a deir an Madagánach go gcloistear ‘rithim an bhainne isteach sa soitheach’ i gcuid de na hamhráin chrúite atá againn, ‘Grá mo chroí mo bhó bheag dhílis’ as Contae an Chláir ina measc. Cloistear san amhrán sin ‘an crúiteoir ag caint go ceanúil leis an mbó, á cur ar a suaimhneas,’ cúis eile a dtéití i mbun feadaíola nó fonnadóireachta. 

Ba nós le Bab Feiritéar a leithéid a dhéanamh ina máthair óg di: ‘…nuair a bhínnse an uair úd suite fé bhó agus mé á crú, dá mbeadh an bhó deas briosc agus í suaimhneasach, chuireadh fuaim an bhainne ag dul don channa dánta agus duanaireacht a bhíodh ag m’athair críonna i gcuimhne dhom, agus mé á síortharrac trím phaidríní’ (Ó Bhéal an Bhab). 

Maidir leis an leagan Muimhneach ‘crú’, a deirtear ó dheas le ‘bleán’, is cosúil gur ó cró-udh a thagann an focal sin, áit arb ionann udh sa seanleagan agus ‘úth’ i nGaeilge na linne seo.  ‘Bíonn úth maith bainne ag bó’, a deir Ó Tomás Máille, ‘agus blitear í, i.e. déantar an bainne a bhleán as na siniúcha.’ Léiriú deas é an méid sin ar an gceangal idir ‘crú’ agus ‘bleán’.

Bhí ceist na rithime lárnach sna cuspóirí a bhain leis an amhrán oibre, agus bheadh an rithim ag freagairt, a bheag nó a mhór, don chúram a bheadh ar bun, cibé acu obair aonair nó obair meithle a bhí i gceist. 

Ní hamháin gur chuir amhrán saothair eagar ar an obair a bhí ar siúl, más ea, ach chuidigh sé le hardú meanman a thabhairt don mheitheal, i dtreo is go mbainfí roinnt den ualach díobh agus go mbeidís cuibheasach gealgháireach i mbun na hoibre. Bhí gá lena leithéid de dhearfacht agus a dhéine a bhí cuid den obair láimhe, mar a mhínigh Pádraig Ua Cnáimhsí, a thug seal ina bhuachaill aimsire ar fheirm i nDún na Gall:

‘Sa tsamhradh, chaithfinn an bainne a bhualadh dhá lá sa tseachtain… Cuinneog mhór ard a bhí acu agus chuirinn ina seasamh í i lár an urláir leis an mhaistreadh a dhéanamh. Bhí cathaoir agam le seasamh uirthi le linn domh a bheith ag bualadh an bhainne… Ba ghnách liom seasamh ar an chathaoir seo, breith ar an loine agus coinneáil liom ag bualadh go dtí go mbriseadh an bainne ramhar sa chuinneog. Obair mhaslach a bhí anseo domhsa, nó ní raibh bealach agam cuidiú a fháil ó aon duine sa teach.’  

An t-amhrán ‘cuiginne’ a thugadh faoiseamh do mhuintir na hAlban, áit a ndeirtí ‘Thig, a chuinneag, thig’ (‘Tar, a chuinneog, tar’) agus im á dhéanamh (Ó Madagáin). 

Tá an ceangal seo idir obair agus amhráin tugtha le chéile go snasta ag Niall Ó Dónaill faoin gceannfhocal ‘dreas’, mar a bhfuil an leagan ‘dreas ar chuigeann’ le fáil, áit arb ionann ‘cuigeann’ agus ‘maistreadh bainne’, nó an chuinneog lena ndéantar an maistreadh. Cé go raibh daoine breá láidir agus in ann aici, ná cuireadh sé iontas orainn go mbíodh ‘obair throm á hiompú ina hócáid spóirt’ go minic agus iad bailithe le chéile in aon áit amháin.  

Ba é an ‘milieu’ seo, shílfeá, a bhronn orainn na hagallaimh bheirte agus na lúibíní, agus ba mhór i gceist a leithéid nuair a bhíodh mná cruinnithe le chéile, ag sníomh, ag cardáil nó ag cniotáil, tráth a mbíodh cúrsaí caidrimh agus cúrsaí grá á gcur trí chéile acu. Ba é a dúirt Mairéad Nic Dhonnchadha, as Carna, ina thaobh sin: 

‘Bhíodh na mná ag casadh lúibíní agus slua acu le chéile ag baint charraigín, ag cardáil, ag sníomh nó ar buaile. Ba mhinic iad ag samhailt chleamhnais lena chéile. Mar shampla, ‘Sóra mhíle grá’, ‘Sambó éile’, ‘Aba ba búna’, ‘Im bó a chumainn’, ‘Chuaigh mo mháilín ar iarraidh’, ‘Máimín máimín maidin chiúin cheo’.’ 

An fear nó an bhean a tógadh faoin tuath agus ar nós leo a bheith ar an bpeann ó am go chéile, thiocfadh corrlá sa bhliain acu a gcaithfidís roghnú idir an peann agus an sleán, nó an láí, nó an céachta. An scoláire a mbeadh teaspach air agus nach gcuirfeadh de stró air féin an talamh a shaothrú, áfach, ba mhar a chéile aige an obair a dhéanann na treabhdóirí leis an gcrannghail nó an céachta agus an obair a dhéanann sé féin leis an bpeann, mar atá sa dán ‘Beatha an Scoláire’: 

‘Maith biseach a sheisrighe / ag teacht tosaigh an earraigh; / is é is crannghail dá sheisrigh / lán a ghlaice de pheannaibh’. Línte iad seo ar bhain Séamus Heaney macalla astu, shílfeá, ina dhán ‘Digging’, áit a mbíonn an file ‘ag treabhadh leis’ agus é ‘coitianta ar an bpeann’, d’fhonn barr feabhais agus sárchumas a bhaint amach ina cheird.

Scíth a ghlacadh ón obair agus filleadh ar an bpeann a bheartaíonn Jackie Mac Donncha a dhéanamh in ‘Aoine an Chéasta’, tráth a mbíonn an Carghas ‘ar thob scoir lá an troscaidh is an tréanais’: 

‘Scaip mé craobhacha
pailme
faoina cosa
nuair a d’ofráil sí
pár
mar bhronntanas
dom shaoradh
óm sciúrsáil.

Ní thiomáinfinn tairne
ní iompóinn fód
inniu…

Ach fuair an craos
an ceann ab fhearr
ar an bhfuil is ar an bhfeoil
is ar an íobairt

Mar gur lá síl é
ní dóigh gur bhris an truán seo
a Charghas le siolla
nuair a leag sé an peann
ar an bpáipéar.’ 

Fág freagra ar 'Tá ceangal spéisiúil idir an caoineadh agus na hamhráin oibre…'