Tá ceachtanna tábhachtacha le foghlaim ag an stát ó ghéarchéim an Covid ach tá muid fós ag fanacht ar fhiosrúchán

Tá fiosrúchán geallta anseo ó dúirt an Tánaiste Micheál Martin i mí Mheán Fómhair 2021 gurbh fhiú a leithéid a dhéanamh ach níl aon amharc ar an bhfiosrúchán céanna go fóill

Tá ceachtanna tábhachtacha le foghlaim ag an stát ó ghéarchéim an Covid ach tá muid fós ag fanacht ar fhiosrúchán

Meabhraíonn an fiosrúchán atá ag leanúint ar aghaidh sa mBreatain faoi láthair i dtaobh Covid-19 dúinn anseo in Éirinn nach raibh a leithéid againn go fóill. Pé ní a cheapann tú, tá an t-eolas á chur i láthair an phobail – go dtí seo comhairleoirí, saineolaithe leighis agus eolaíochta atá ag cur a gcuid fianaise i láthair.

As seo go ceann roinnt seachtainí tá súil leis an iar-phríomh-aire Boris Johnson, an Príomh-Aire reatha Rishi Sunak, a bhí ina sheansailéir ag an am, agus an rúnaí sláinte ag an am, Matt Hancock a thabhairt os comhair an fhiosraithe lena gcuid fianaise féin a thabhairt.

Ní miste an cheist a chur cén aidhm atá leis an bhfiosrúchán seachas an milleán a chur ar na polaiteoirí nach ndeachaigh i ngleic go práinneach leis an ngéarchéim sláinte, más as faillí nó mí-éifeacht a tharla sin.

Tá fiosrúchán geallta anseo ó dúirt an Tánaiste Micheál Martin i mí Mheán Fómhair 2021 gurbh fhiú a leithéid a dhéanamh agus go mbeadh ceachtanna le foghlaim uaidh. Níl aon amharc ar an bhfiosrúchán céanna mar sin féin go fóill. Dúirt an Taoiseach i mí Mheán Fómhair seo caite go bhfuil na téarmaí tagartha don fhiosrúchán beagnach réidh agus go mbeadh súil aige go bhféadfaí a leithéid a reáchtáil taobh istigh de bhliain.

Tá sé dearbhaithe freisin ag Stephen Donnelly go bhfuil fiosrúchán ar an mbealach ach nach mbeidh sé cosúil le fiosrúchán na Breataine. Ní ciontú ná síneadh méire a bheidh san athbhreithniú a dhéanfar anseo a deir na polaiteoirí ar fad. Cén fáth an mhoill, mar sin?

Go dtí seo tá muid ag fáil tuairiscí faoin méid a tharla le linn na géarchéime Covid-19 i sraith leabhair – an ceann is déanaí sa gceann atá foilsithe ag an bhfear a bhí ina phríomhoifigeach leighis ag tús na paindéime, an Dr Tony Holohan. Iriseoirí a scríobh an péire eile. Tugann siad ar fad léargas ar an teannas, an éiginnteacht, an imní agus na coimhlintí a bhí forleathan nuair a bhí an Stát ag iarraidh déileáil leis an ngéarchéim. An bhfuil aon cheachtanna le feiceáil?

De réir cosúlachta tá athbhreithniú déanta ar an mbealach ar láimhseáladh an phaindéim i réimse shláinte an phobail – moltar eagras a bhunú le déileáil le sláinte an phobail ina leithéid de chás amach anseo.

An rud nach bhfuil déanta go dtí seo agus a theastaíonn a dhéanamh má tá ceachtanna le foghlaim ná iniúchadh a dhéanamh ar an gcaidreamh idir an pholaitíocht, an státchóras agus an réimse sláinte phoiblí. Céard iad na ceachtanna atá le foghlaim faoin gcaidreamh eatarthu?

Glactar leis gur láimhseáladh an phaindéim ar bhealach réasúnta stuama sa tír seo, fiú má tá an tuairim ann go raibh muid róghéar le srianta in amanna. Teastaíonn na háiteanna a ndearna muid botúin a iniúchadh ionas go mbeidh na ceachtanna foghlamtha má tharlaíonn a leithéid arís. Deir an uile dhuine gurb í sin an aidhm le fiosrúchán a bhunú. Cén fáth, mar sin nach bhféachtar lena dhéanamh?

Fág freagra ar 'Tá ceachtanna tábhachtacha le foghlaim ag an stát ó ghéarchéim an Covid ach tá muid fós ag fanacht ar fhiosrúchán'