Tá beocht i dtraidisiún na mbollaí bóthair i gcónaí

Glacadh leis tráth go raibh na bollaí chomh Gaelach le ceachtar de na cluichí eile

Tá beocht i dtraidisiún na mbollaí bóthair i gcónaí

Aon chluiche amháin bollaí bóthair a chonaic mé riamh agus tá sin beagnach cúig bliana déag agus fiche ó shin. Taobh amuigh de chontaetha Chorcaí agus Ard Mhacha is beag tóir atá sa tír seo ar an spórt. Ní dóigh gurbh amhlaidh a bheadh dá mbeadh Cumann Lúthchleas Gael chomh ceanúil air agus a bhíodar ar an bpeil choise agus ar an iománaíocht nuair a bunaíodh an eagraíocht.

Cén bhrí ach bhí glactha leis ag an am go raibh na bollaí chomh Gaelach le ceachtar de na cluichí eile agus sin ráite go sonrach ag Micheál Cíosóg … ‘a ‘Celtic’ game worthy of preservation’ a thug sé air san iris phoblachtach United Ireland, ceithre seachtaine sular toghadh ina rúnaí ar CLG é ag an gcruinniú stairiúil údaí in Óstán Hayes Lá Samhna 1884.

Sin ráite, tharlódh gur ar an tóir a bhí ag pobal na tíre air ag an am, seachas ar dhúchas na mbollaí, a bhí an Cíosógach ag cuimhneamh. Ba bheag bóthar a bhí ann aimsir Chú Chulainn déarfainn agus má bhí féin ba lú ná sin a d’fheileadar do scileanna agus d’imirt bollaí, rud a mheabhródh do dhuine go mba thar tír isteach a tháinig an cluiche.

Tá a mhacasamhail de chluiche san Ísiltír agus iad ann a deir go mba iad saighdiúirí Liam Oráiste a thug leo chun na tíre seo é. In Ard Mhacha is le saighdiúirí Chromail atá sé luaite. Tá a leithéid sa nGearmáin freisin.

Bhíodh tóir faoi leith ag fíodóirí ar na bollaí is cosúil. Ba i dtuaisceart na tíre seo, sna ceantair ina raibh tionscal na teicstíle láidir, ba thréine a bhí sé ó dheireadh an 17ú céad ar aghaidh. I dtús an chéid dár gcionn tosaíodh ag forbairt tionscal an línéadaigh in Iarthar Chorcaí agus tá seans ann go mb’fhéidir gur oibrithe a tháinig aduaidh a thug an cluiche leo.

Chonaic Cíosóg á imirt é i ndeisceart na Gaillimhe, ach ainneoin a ghean air níor mhair suim oifigiúil Chumann Lúthchleas Gael ann ach achar gearr agus bheartaigh siad tús áite a thabhairt do na cluichí faiche agus don lúthchleasaíocht.

Fós, mhair traidisiún na mbollaí bóthair sa tuaisceart agus sa deisceart, cé nár cuireadh eagar ceart ar chomórtais gur bunaíodh Cumann Imreoirí Bollaí na hÉireann i 1952 agus Cumann Bollaí Ard Mhacha beagnach deich mbliana dár gcionn. Deich mbliana ina dhiaidh sin arís thángadar le chéile in aon eagraíocht amháin – Bol-Chumann na hÉireann.

Bhí tráth ann nuair a bhí an cluiche tite i léig, ach chuir tarráil na mionbhóithre beocht arís ann sna 1930idí.

Cluiche simplí go leor é an bolla bóthair nó an ‘score’ mar is minice a thugtar i gCorcaigh air – an uimhir 20 is údar don ainm sin. Bhí tráth ann nuair ba ag an té ab fhaide a chaith an liathróidín miotail 28 unsa (c.80 gram) i 20 iarracht a bhí an bua – ‘scór’.

Inniu is é fad an chúrsa an bunús – idir dhá agus trí mhíle (3.2km- 4.8km) go hiondúil – agus an bua ag an té is a ghlacann iarrachtaí leis an sprioc a shroichint. 18 iarracht nó mar sin ar meán a bhíonn ag an sárimreoir.

Duine in aghaidh duine is mó a fheictear, ach tá foirne beirte nó níos mó ceadaithe freisin.

Ní hé an bealach céanna a thugann na Corcaígh agus muintir Ard Mhacha faoin gcaitheamh – ó dheas déantar ciorcal iomlán leis an lámh sula scaoiltear an t-urchar, ó thuaidh is amhlaidh a chaitear ‘lámh an íochtar’ é – sin le rá nach ndéantar ach leathchiorcal.

Bíonn cúntóir nó b’fhéidir beirt ag chuile imreoir ar a dtugtar ‘road-shower’. Fanfaidh duine ag an líne thosaigh agus beidh an duine eile tamall síos an bóthar agus é mar dhualgas airsean an cosán is oiriúnaí don liathróid a léiriú – súil faoi leith aige ar dhroim an bhóthair, ar aon chasadh nó cor a bheadh ann, ar dhraenacha nó ar aon chonstaic eile. Is minic leis tom féir nó spreab á leagan ar an mbóthar ag an ‘road-shower’ leis an líne is fearr a thaispeáint dá imreoir.

Nuair a théann imreoir caitheamh iomlán chun cinn ar a chéile comhraic, tugtar ‘bowl of odds’ air sin.

Tá cúis eile b’fhéidir nach raibh oiread sin d’fhonn ar CLG lántacaíocht a thabhairt do chluiche na mbollaí agus b’in go raibh agus go bhfuil an cearrbhachas go smior ina thraidisiún siúd.

Déanann an Bol-Chumann iarracht an bhéim a chur ar an iomaíocht, ach ar ndóigh níl aon smacht acu ar an lucht féachana agus bíonn cistí ina mbíonn idir na céadta agus na mílte curtha acu siúd lena chéile ag dul le chuile chluiche.

Bíonn na sluaite ina seasamh ar chaon taobh den bhóthar le linn na himeartha – chuirfeadh sé an Tour de France i gcuimhne duit. Sa mbliain 1954 bhí oiread i láthair ag ceann idir beirt de mhórimreoirí na mbollaí, Mick Barry as Tobar an Iarla agus Denis O’Donavan as Cloich na Coillte gur ghlac sé seacht n-uair an chloig an t-aistear a dhéanamh.

I Múscraí, in áit a bhfuil Baile Sheoinín air, a chonaic mé féin an cluiche á imirt agus mé faoi bhealach go Páirc Uí Chaoimh chuig cluiche ceannais peile na Mumhan i 1987. Thug mé m’aghaidh ó dheas an tráthnóna roimhe sin mar go mba spéis liom na bollaí bóthair a fheiceáil le mo dhá shúil féin.

Cuimhním go mba Chríodánach as Cluain Droichid agus Allúránach as Garraí Thancaird a bhí san iomaíocht agus ainneoin go mba é an grád idirmheánach a bhí i gceist bhí €200 curtha i ngeallta – sin beagnach €700 inniu.

Cé nach mba leis a bhí súil, ba é an fear as paróiste an Ath. Peadar Ua Laoghaire a bhuaigh.

Fág freagra ar 'Tá beocht i dtraidisiún na mbollaí bóthair i gcónaí'

  • Donnchadh Ó Seaghdha

    Sop a thugamar ar an píosa feir a chuireamar síos ar an mbóthar le treoir a thabairt don imreoirí bóllála

  • Larry Phelan

    Dia leat a Mhártain, b’fhiú triall ar Ard Mhacha agus ar Chorcaigh arís go bhfaighidh tú tuilleadh ábhair, ní foláir nó tá mórán seanchais i dtaobh an chluiche le bailiú i gcónaí.