Tá bástchótaí do mhná sa bhfaisean an tráth seo bliana – seo seacht gcinn

 Rogha de sheacht gcinn de bhástchótaí aimsithe ag ár gcomhfhreagraí idir €14 agus €70

Tá bástchótaí do mhná sa bhfaisean an tráth seo bliana – seo seacht gcinn

Tugaim faoi deara le tamaillín anuas go mbíonn bástchótaí á gcaitheamh níos minice ag mná agus rogha níos leithne acu ar díol ag na siopaí faisin. Le gairid a cheannaigh mé féin an chéad cheann acu, ceann fada liath a bheidh á chaitheamh chun na hoibre agam.

Tá rogha dheas feicthe agam ar phraghsanna idir €14 agus €70.

 

 

Cóta trinse gan mhuinchillí ó ASOS ar €66.36

Cóta trinse i stíl bhástcóta atá anseo agus dath álainn air, an dath uaine sin a fheictear ar éide mhíleata.

 

 

Bástchóta bréidín ó Zara ar €59.95

Cuireann an bástcóta seo an branda Chanel i gcuimhne dom agus measaim go mbeadh sé seo go hálainn ar fad d’aon ócáid ach feisteas dubh a chur leis. D’fheilfeadh sé don obair nó d’oíche shiamsaíochta sa mbaile mór.

 

Bástchóta le pócaí ó Zara ar €39.99

Seo é an ceann a cheannaigh mé féin. Bheadh an ceann seo go deas freisin le caitheamh le héadach dorcha agus an-fheiliúnach le caitheamh ag an obair.

 

Cabhaileog ar dhath béas ó Next ar €72

Cabhaileog nó veist a thugtar i nGaeilge ar gilet agus is breá liom an craiceann caorach agus an fionnadh atá ar an gceann seo. Ceann le thú a choinneáil te teolaí an lá is fuaire san earrach agus dath álainn neodrach air.

 

Veist fhada línéadaigh ó Mango ar €69.99

Meascán den chadás agus den línéadach atá sa gceann seo agus chuirfeadh sé barr feabhais ar aon fheisteas atá beagán níos foirmiúla. Beidh an ceann sé níos fearr fós i lár an tsamhraidh nuair a bheidh an aimsir bhreá againn.

 

 

Seaicéad dubh gan mhuinchillí ó H&M ar €39.99

Is dócha gurb é seo an dara rogha a bheadh agam féin agus seans go gceannóidh mé ceann acu go luath. Is breá liom an bheilt ar an mbásta a chuireann cruth banúil air. Measaim go bhféadfadh an ceann seo a bheith i gcroílár vardrús na hoibre ag cuid mhaith daoine. 

 

Cóta ‘duster’ gan muinchillí ó boohoo ar €14

An praghas is túisce a mheall mé chuig an gceann seo. Má tá tú fós idir dhá chomhairle faoi chótaí gan mhuinchillí b’fhiú duit an ceann seo a thriail ó tharla é a bheith chomh saor sin. Tá dath álainn bándearg ar an gceann seo.

Fág freagra ar 'Tá bástchótaí do mhná sa bhfaisean an tráth seo bliana – seo seacht gcinn'