An capaillín is airde léim, bíodh aige an chraobh. Réiteach soiléir, simplí atá ar an gcomórtas don chapaillín is fearr a thabharfadh na cosa leis ag Seó Chapaillíní Chonamara sa gClochán i gConamara an Déardaoin seo amach romhainn. An comórtas ‘puissance’ ag an Seó bliantúil. Ní bheidh seitreach ná sárú idir na capaillíní maidir le toradh an chomórtais. Mar a deir duine éigin atá bainteach le himeachtaí na gcapaillíní – níl ‘badráil’ ar bith leis na capaill; siad na daoine an crá croí.
Seó ar leith é an ceann seo, an céadú ceann uilig ó bunaíodh Cumann Lucht Chapaillíní Chonamara os cionn 100 bliain ó shin. Ach, ní hé an Cumann atá i ngreim san adhastar ar an ócáid stairiúil seo.
Bunaíodh grúpa áitiúil i gConamara de bharr imní, ar bhealach, nach gcoinneofaí an Seó ag imeacht i gConamara, fiú is gur thug na hoifigigh sinsearacha deimhniú faoi sin. Rinneadh réiteach leis an gCumann go mbeadh an grúpa, atá cláraithe mar chomhlacht anois, i bhfeighil an tSeó ar feadh trí bliana. Tá clár na n-imeachtaí ar fáil agus cosúlacht air go mbeidh rath ar Sheó 2025.
Is dual do chapaillín ársa Chonamara gur mar sin a bheadh.
Sé an capaillín dúchasach an t-ambasadóir is fearr atá ag Conamara anois ar fud an domhain. I mbailte beaga agus móra, tá seónna agus ócáidí bunaithe acu ar chapaillíní Chonamara. Ní hé amháin go dtarraingíonn siad clú ar Chonamara; dúisíonn siad aird ar Éirinn.
B’fhéidir go ligeann muintir na Gaeltachta i gConamara i ndearmad scaití gur as ceantar na Gaeilge a d’eascair, agus a d’fhás, an fhiontraíocht agus an t-eagrúchán a chuir cosa idirnáisiúnta faoi Chapaillíní Chonamara.
Bhí Micheál Ó Máille as Ros Muc ina cheannródaí.
Thug an Máilleach agus Joe Breathnach as an Oileán Mór i Ros Muc dhá chapaillín de mhianach Chonamara leo i gcaitheamh an bhealaigh chuig Seó mór chapaill an domhain i Londain i 1912. Cuireadh os comhair an tsaoil iad. Choinnigh Micheál Ó Máille air ag craobhscaoileadh an scéil sna nuachtáin agus d’aimsigh sé cara eile do chapaillíní Chonamara sa Roinn Talmhaíochta i dtús na 1920idí, Beartla Ó Súilleabháin. An toradh: bunú Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara.
Lean an ceangal sin leis an nGaeltacht in eagraíocht na gcapaillíní agus bhí na seónna bliantúla ar bun sa bPlantation i gCarna sna 1920idi, sna 1930idí, agus go dtí lár na 1940idí. Is díol suntais é go dtugann an pictiúr ar chlúdach leabhair atá le seoladh le linn Seó na bliana seo, an ceangal sin le Carna chun cuimhne.
Bean darb ainm Phyllis Jones as Cill Dara a chuir an leabhar grianghrafanna seo, ar a dtugtar 100 Champions i dtoll a chéile. Tá bunáite chuile chapaillín a bhuaigh príomhgheall na Seónna sa bhfoilseachán seo. Ar an gclúdach tosaigh tá pictiúr de Val Ó Caodhna (Val Sheáin mar thugtaí air thart anseo) as baile Ghabhla, agus an stail ‘Rebel’, seaimpín ag an Seó i gCarna i 1927.
Tugtar buneolas faoi na capaillíní, an airde a bhí iontu freisin, sa leabhar. Tá ceist na hairde ar cheann de na hábhair a tharraing an clampar mór i gCumann Lucht Chapaillíní Chonamara i mbliana. Táthar ag iarraidh go gcoinneofaí níos gaire do na seantoisí agus tá fogha tugtha faoi oifigigh an Chumainn faoi seo.
Bheadh an baol ann go mbeadh úinéirí caillteach leis mar go bhféadfadh sé a bheith 5 bliana sula gclárófaí capaillín – sin dá bhféadfaí é/í a chlárú ar chor ar bith.
Ceapann Phyllis Jones go bhfuil na capaillíní faighte níos airde ach, a deir sí, tá suas agus anuas ann. Bhí buaiteoir Chraobh an tSeó sa gClochán, ‘Bridge Boy’ 14.2 lámh ar airde i 1963 – sin lámh iomlán níos airde ná an tomhas a leagadh síos sa tseanaimsir.
Tá an léimneach ina cuid mhór den Seó anois, agus ar na capaillíní sin is fearr atá praghas.
Cuir i gcás ‘Callowfeenish PJ’ atá ar fhoireann léimní na hIodáile, ba ag Johnnie agus Peadar Ó Maoilchiaráin a bhí an bromach sin i dtosach, ceann de mhianach Chaladh Mhaínse.
Ní rabhadar ann níb fhearr.
Beidh féasta ag lucht leanta phór dúchasach chapaillíní Chonamara an tseachtain seo.
Seán
Grianghraf iontach. Chomh maith le haon rud a gheofaí i ‘Mionléirmheas’.