‘Tá an teanga seo ábalta don dá insint’ – Hozier meáite ar an nGaeilge a fhoghlaim

Labhair an ceoltóir as Cill Mhantáin faoina shuim sa Ghaeilge leis an údar agus ceoltóir Blindboy Boatclub

‘Tá an teanga seo ábalta don dá insint’ – Hozier meáite ar an nGaeilge a fhoghlaim

Tá an t-amhránaí cáiliúil Hozier meáite ar an nGaeilge a fhoghlaim.

Labhair an ceoltóir as Cill Mhantáin faoina shuim sa Ghaeilge leis an údar, aorthóir agus ceoltóir Blindboy Boatclub ar an bpodchraoladh aitheanta The Blindboy Podcast.

Agus cúrsaí béaloidis, cultúir agus teanga á bplé acu, dúirt Hozier, atá ina réalta idirnáisiúnta ó cuireadh a chéad singil ‘Take Me to Church’ amach in 2013, gurb iad na “miondifríochtaí” sa Ghaeilge a bhí á mhealladh i dtreo na teanga athuair.

“Rud amháin ba mhaith liom a dhéanamh sna blianta beaga seo romham dul ar ais agus Gaeilge a fhoghlaim i gceart arís. Tá an dá chiall le leannán – do ghrá geal nó galar is tinneas ainsealach.

“Bíonn na miondifríochtaí sin ann i gcónaí. Tá an teanga seo ábalta don fhéintuiscint dhóite agus don dá insint.  An focal sin céile – d’fhear nó do pháirtí b’fhéidir ach do chéile comhraic chomh maith i gcomhthéacs eile. Do chéile do namhaid nó b’fhéidir do chéile leapa,” arsa Hozier.

Fág freagra ar '‘Tá an teanga seo ábalta don dá insint’ – Hozier meáite ar an nGaeilge a fhoghlaim'