Tá an N-fhocal in Cré na Cille – ar cheart mórshaothar an Chadhnaigh a dhó?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Taitníodh sé le pobal na Gaeilge nó ná taitníodh, ach tá sleachta in Cré na Cille a ghoilleann go mór ar chluas an lae inniu

Tá an N-fhocal in Cré na Cille – ar cheart mórshaothar an Chadhnaigh a dhó?

——— . . . Tá do mhacsa, a bhean agus a mbeirt pháistí sa mbaile . . .

——— A, ag cumadh dhom atá tú, a Bhileachaí! . . .

——— Nár lige Dia, a chomharsa! Dar an ladhairicín bheannaithe! . . .

——— Agus an bhean Bhlack aige sa mbaile? . . .

——— Tá ’mo choinsias, agus an dá pháiste . . .

——— Cogar mé seo leat, a Bhileachaí! Déan chuile ghreim den fhírinne liom. An bhfuil siad chomh dubh is adeirtear? Chomh dubh le Blackín an Iarla? . . .

——— Ná bíodh imní ort, a chomharsa. Is fada uathu é . . .

——— An bhfuil siad chomh dubh le Ceann an Bhóthair tar éis a bheith thuas i sean-simléar súíoch? . . .

——— Go deimhin a mh’anam muise, níl . . .

——— Chomh dubh le Tincéara Mór na mboiriceachaí? . . .

——— Ná bíodh imní ort, a chomharsa. Níl, ach oiread . . .

——— Chomh dubh le cóta fionnaidh Bhaba Pháidín, th’éis tí Chaitríona? . . .

——— Éist do bhéal, a ghrabairín . . .

——— Chomh dubh le Briain Mór agus allas póite air? . . .

——— Ach th’éis a bheith i seomra an “ghíosair” i mBaile Átha Cliath dó, bhí Briain Mór chomh dreachsholasta ag dul i láthair an Bhreithimh le duine de na naoimh bheaga i bhfuinneoig theach an phobail . . .

——— Briain Mór agus allas póite air. Tuairim is chomh dubh sin anois . . .

——— Ó’s má sea, ní niggers chor ar bith iad . . .

An N-fhocal, daoine dubha á gcur i gcomparáid le glantóir simléar, drochmheas ar an lucht siúil: bheadh ionadh mór orm murab í an mhír ghairid thuas as Cré na Cille an sliocht is ciníche i litríocht na Gaeilge.

Agallamh le beirt leaids cróga as Conamara a craoladh ar 7 Lá TG4 le gairid, i measc rudaí eile, a chuir an sliocht seo i gcuimhne dom – sliocht a tharla a bheith ar an gceann ba mhó a thug trioblóid dom agus Cré na Cille á aistriú go hÍsiltíris agam roinnt blianta ó shin (i gcomhar leis na foilsitheoirí thall, shocraigh mé an N-fhocal a sheachaint san aistriúchán d’fhonn cuid den ghoimh a bhaint as an mír.)

Ach a Alex, a deir tú, nach bhfuil tú ag dul thar fóir rud beag agus ciníochas á shamhlú le Máirtín Ó Cadhain agat? Tá caint na gcarachtar ficseanúla ciníoch, ach ní hionann sin is a rá gur fear ciníoch a bhí san údar. Go deimhin, b’fhéidir go raibh sé i gceist ag Ó Cadhain scáthán a choinneáil os comhair mhuintir Chonamara agus aineolas na gcainteoirí sa mhír sin á léiriú aige! Os a chionn sin, is léir nach raibh i gceist ach píosa grinn! Agus nár cheart dúinn breathnú ar an sliocht sin, a scríobhadh ag deireadh na 1940idí, le súile na linne sin seachas le súile an lae inniu? 

Cogar, fiú má bhreathnaímid ar an sliocht thuas le súile lár na haoise seo caite, ní féidir linn éalú ón méid seo: léiríonn Ó Cadhain sochaí ina raibh an ciníochas chomh fréamhaithe agus atá sa lá atá inniu ann más fianaise an t-agallamh a thug Liam agus Vitor Ernesto da Cruz Ó Fátharta do 7 Lá – agus fiú más rud é gur theastaigh ón gCadhnach dúshlán an chiníochais sin a thabhairt, is baolach fós gur mheas sé go mbainfeadh caint atá ciníoch go smior gáire as a phobal léitheoireachta. Drochjóc, dar liom: píosa scríbhneoireachta fíormhíthaitneamhach a fhágann smál ar cheann de scothshaothair na Gaeilge.

Agus anois? Tá dúshlán cheannas an duine bháin á thabhairt ar fud an domhain. Tá dealbha á mbaint anuas. Ar cheart Cré na Cille a dhó go siombalach ar Sheanchéibh an Spidéil? Nó b’fhéidir fógra séanta a chur leis, mar atá á dhéanamh i dtíortha áirithe le sraitheanna teilifíse ar nós Fawlty Towers?

Ar ndóigh níor cheart. Agus tá an áit atá bainte amach le blianta beaga anuas ag mórshaothar an Chadhnaigh ar ardán na litríochta domhanda tuillte aige. Ach ná bímis dall ar an gciníochas gránna a léirítear in Cré na Cille, agus bíodh an misneach againn an saothar a mheas le súile na linne seo.

Fág freagra ar 'Tá an N-fhocal in Cré na Cille – ar cheart mórshaothar an Chadhnaigh a dhó?'

  • Frithchiníoch Dúisithe

    Níl réiteach simplí air seo, tá sin cinnte. B’fhearr liom féin go mbainfí an sliocht ciníoch seo as an saothair ar fad sa chéad eagrán eile a fhoilsítear.

    Caithfidh mé a rá go bhfuil sé tugtha faoi deara agam go mbíonn muide in ann i bhfad níos mó a rá i nGaeilge go poiblí agus ligtear linn gan aon rud tarlú. Breathnaigh ar TG4 agus cloisfidh tú maslaí agus teanga gharbh minic go leor ag aisteoirí Ros na Rún, ní bheadh a leithéad de theanga ceadaithe ag a leath i ndiaidh a hocht ag lucht an Bhéarla in Eastenders nó Fair City ag an am sin. Mar sin, cad chuige go ligfeadh muid don saothair seo fanacht mar atá- níl muide ná ár dteanga saor ó chiníochas. Ní féidir glacadh níos mó le sliocht mar seo a bhfuil comparáidí lofa ann, gan trácht ar an bhfocal N. Tá glúin nua le Gaeilge, ar nós iad a cuireadh faoi agallamh ar 7 Lá le gairid, ag teacht chun cinn agus níl sé tuillte acu go leanfadh muid ag cosaint nó ag cur chun cinn saothair chiníocha nó sleachta mar seo astu feasta. Ba cheart an plé a bheith againn, is maith sin- ach gan rud níos mó ná sin a dhéanamh, ní leor é. Níl aon chosaint, sách maith ach an oiread, ní leisce cathain a scríobhadh é, i 2020 atá muide anois!, ní leisce é aineolas na bpearsa, nach sin leisce Trump!, ní leisce é ach oiread gur ceann de na mórshaothair Ghaeilge é, nach ceann de mhórlaochanna Shasana ab ea Rhodes agus Churchill?! Teastaíonn gníomh. Agus teastaíonn sé *inné*.

  • Séamus

    Mar léitheoir, b’fhearr liom i bhfad an leabhar a léamh díreach mar a scríobh an t-údar é. Duine fásta mé féin agus ní gá mé a ‘chosaint’ ó ghnéithe áirithe den saol. Ní bheadh spéis dá laghad agam leabhar a cheannach dá mbeadh a fhios agamsa go ndearnadh ‘ceartúcháin’ den saghas sin air.
    B’fhéidir go raibh an Cadhanach ag iarraidh ‘scáthán a choinneáil os comhair mhuintir Chonamara’ agus a bheith greannmhar ag an am céanna, ní thuigim cén fáth nach bhféadfadh sé a bheith amhlaidh. Caint aiféiseach atá sa sliocht thuas agus d’fhéadfadh an léitheoir gáire a dhéanamh faoi aineolachas na gcarachtéirí sin.
    Cuireann caint mar sin an t-aistriúchán Béarla a rinneadh ar Cúirt an Mheán Oíche ag tús an chéad seo caite – baineadh go leor de, tagairtí do chúrsaí creidimh go háirithe. Ar ndóigh, má thósaítear ar shaothair a ‘cheartú’ mar sin is féidir achan rud ‘gránna’ mar sin a bhaint agus ní bheidh stop leis go deo, b’fhéidir. Tá go leor liricí gránna in amhráin NWA agus Public Enemy maidir le mná agus le muintir na hÁise, mar shampla. Céard faoin ‘Citizen’ in Ulysses? Ar chóir a chuid ráiméise féin a cheartú? I gcás nár chóir, cén fáth? Is minic a rinneadh comparáid idir na Gaeil agus muca in An Béal Bocht, nach bhfuil sé sin maslach freisin?
    I ndeireadh an lae, ní spéis liomsa saothar Myles na gCopaleen a léamh agus an searbhas agus an greann uilig bainte de.

  • Anraí

    Bíodh an misneach againn an saothar a mheas le súile na linne seo cinnte ach bíodh an misneach againn an saothar a thuiscint i gcomhthéacs an ama inár scríobhadh é.

    Ní fada go mbeidh muid ag lorg lá náisiúnta faoistine sa dóigh is gur féidir le scríbhneoirí
    – agus má tá siad i gcré na cille – sliocht a sleachta ábalta a fhógairt go poiblí, go raibh, go bhfuil agus go mbeidh aiféala orthu má chuir, má chuireann nó má chuirfidh a gcuid scríbhneoireachta isteach ar aon duine, ar aon slí. Go bhfóire Dia orainn má thosaítear ar ghortghlanadh teanga sna leabhair Ghaeilge.

    Dála an scéil, aon seans go dtiocfadh aistriúchán Alan Titley slán ó na scriosadóirí!