Tá an DUP míshásta. Slán an tsamhail!

Dá nimhní í an chonspóid faoin mBreatimeacht is ea is measa an caidreamh idir an DUP agus Sinn Féin, idir an DUP agus rialtas na hÉireann agus fiú idir an dá rialtas

Tá an DUP míshásta. Slán an tsamhail!

Tá an DUP míshásta. Slán an tsamhail!

Ian Paisley ag moladh cath iascaireachta mura bhfoghlaimeoidh rialtas na hÉireann dea-mhúineadh. Stangadh bainte as Arlene Foster ag cur chuige dána Leo Varadkar agus Simon Coveney. “Ó tháinig an bheirt sin i gcumhacht ní raibh an comhoibriú céanna leis an DUP a bhí againn le Enda [Kenny] agus Charlie [Flanagan],” a dúirt sí. Tá ceannaire an DUP ar buile freisin le Sinn Féin atá á coinneáil as oifig.

Déardaoin bhagair Sammy Wilson nach bhféadfadh Theresa May talamh slán a dhéanamh de thacaíocht an DUP dá ndéanfadh sí socrú ar bith a dhéanfadh idirdhealú idir Tuaisceart Éireann agus an chuid eile den Ríocht Aontaithe. Comhartha go raibh imní ar an DUP, seans, ach rinne Nigel Dodds a bheagán den imní. N’fheadar cén aird a bheadh ag May ar fholáireamh Sammy ó tá a fhios ag an bPríomh-Aire nach dtacódh an DUP le Jeremy Corbyn.

Is é an Breatimeacht an chailís nimhe. Is é diongbháilteacht an Taoisigh agus Simon Coveney nach nglacfaidh Éire le teorainn ‘chrua’ nuair a imeoidh an Bhreatain as an Aontas Eorpach an chnámh spairne. An t-údar conspóide céanna atá ag cothú an teannais Angla-Éireannaigh. Bíonn an dá léamh ar an scéal san aon ghearán amháin uaireanta- damáiste gan údar á dhéanamh ag droch-chomharsa d’fhiontar na Ríochta Aontaithe agus fainic go dtréigfidh na ballstáit eile Éire agus go dtabharfaidh siad tacaíocht don Bhreatain.

Ní hé go bhfuil moltaí ar leith déanta ag an DUP agus an t-eiteachas tugtha dóibh i mBaile Átha Cliath. Go praiticiúil ní bhíonn aon rud le moladh ag an DUP faoin bhfadhb seo as a stuaim féin ach iad mar a bheadh macalla ar na Tóraithe. Ráitis ghinearálta, gan a dhul go croí an scéil a chualathas go dtí seo agus an páirtí cáinte go forleathan faoi thacaíocht gan cheist a thabhairt do Theresa May beag beann ar leas an phobail abhus. Ceistíodh ceannaire an DUP go dian ar Today ar BBC Radio 4 le gairid faoi cad a bhí á mholadh aicise. Ní raibh freagra le fáil.

Cé go ndearna Leo Varadkar ar a mhíle dícheall ar feadh seachtaine cinniúint na tíre a chur i mbaol agus plé faoin mBreatimeacht ag druidim le cnámh na huillinne, is cosúil gur féidir leis féin agus Simon Coveney díriú ar an obair phráinneach anois. Tráth a bhfuiltear ag treisiú ar iarrachtaí chun foirmle réitigh ar cheist na teorann a aimsiú taobh istigh de sheachtain níl á thairiscint ag an DUP ach milleánú ar rialtas na hÉireann. Chuir siad ‘iompar náireach’ ina leith agus bhagair Paisley óg go n-íocfadh Éire as amach anseo dá mbainfeadh sí tuisle as an mBreatain anois. Gan amhras tá straitéis Bhaile Átha Cliath contúirteach ach tá go leor i ngeall acu – cúrsaí eacnamaíochta agus talmhaíochta go háirithe, saorthaisteal, slándáil agus feidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Bhrúcht an bhinb seo thar maoil an tseachtain seo tar éis ionsaithe nuachtáin Murdoch agus orgáin eile atá báúil leis an mBreatimeacht maille le dornán polaiteoirí Caomhacha. Tháinig sé sna sála chomh maith ar chomhdháil bhliantúil an DUP an deireadh seachtaine seo caite. Bhí an chomhdháil níos measartha ná mar a bhí riamh cheana. Cuireadh srian ar chuid de na daoine ar dual dóibh a dhul thar fóir. ‘Coinnígí guaim oraibh féin, táthar ag faire orainn’ an treoir , is cosúil mar go raibh iriseoirí ón taobh eile de Mhuir Éireann i láthair. Ó tá Theresa May á coinneáil i gcumhacht acu tá iniúchadh á dhéanamh ar an DUP ag polaiteoirí agus meáin nach mbíodh aird ar bith acu ar an bpáirtí go dtí Meitheamh na bliana seo.

Bhí an chomhdháil dírithe go sonrach ar Westminster. Labhair príomh-aoire na dTóraithe ón ardán mar a rinne an LeasPhríomh-Aire, Damian Green. Bhí leas-cheannaire an DUP, an ceannaire i Westminster, buacach is é ag insint do na toscairí faoin tábhacht atá leo i dTeach na Parlaiminte agus Whitehall. Níorbh fhéidir áfach gan suntas a chur san líon mór toscairí a bhí ag brath ar Stormont, 28 Teachta Tionóil agus na sluaite eile a bhíonn fostaithe mar thaca leo. Ní féidir leo filleadh ar Stormont gan réiteach le Sinn Féin – céim atá go mór in amhras. Cá bhfágann se sin Arlene Foster? Mura gcuirfear Stormont ar ais ar a bhonnaibh ní bheidh aon bhaint aicise ná na Teachtaí Tionóil eile le hábhar is cuma cé chomh minic is a scríobhann sí litreacha ag príomh-airí 27 mballstát ag leagan amach dearcadh an DUP – teorainn i Muir Éireann doghlactha. Thug sí óráid leamh gan aon smaoineamh nua ann ina haitheasc bliantúil. Drochsheans gur ghríos sí éinne chun sáinn a scaoileadh. Dá nimhní í an chonspóid faoin mBreatimeacht is ea is measa an caidreamh idir an DUP agus Sinn Féin, idir an DUP agus rialtas na hÉireann agus fiú idir an dá rialtas. Is baolach gur a thuilleadh feirge agus nach fuascailt atá i ndán do Stormont sa ngearrthréimhse.

Fág freagra ar 'Tá an DUP míshásta. Slán an tsamhail!'

  • Bart

    Cad é cíortuathail, buaileam-sciath agus tóirtéis! Tuairisc shármhaith ar an anacair nimhneach seo mar is dual. An seasfaidh LV an fód, meas tú? Tá teannta maith aige i Simon ach an dtabharfaidh siad iontaoibh dá chéile sa ghleo atá amach romhainn? Nó an mbeidh an lá leis an ego in athuair? Níl aon bheartas soiléir ag an sop ó thuaidh ná ag an scuab thall. Cén chaoi ar féidir dul i ngleic le folús?