‘Tá an chumhacht agat, bain leas aisti’ – teachtaireacht Chonradh na Gaeilge don Státrúnaí ag cruinniú ‘cinniúnach’ ag Stormont

Bhí cruinniú stairiúil tráthnóna ag Conradh na Gaeilge le Státrúnaí an Tuaiscirt Karen Bradley agus bhí agóid ar siúl ag Stormont ar son na reachtaíochta Gaeilge chomh maith

‘Tá an chumhacht agat, bain leas aisti’ – teachtaireacht Chonradh na Gaeilge don Státrúnaí ag cruinniú ‘cinniúnach’ ag Stormont

Ag cruinniú a bhí acu ag Stormont inniu d’iarr toscaireacht de chuid Chonradh na Gaeilge ar Státrúnaí nua Thuaisceart Éireann leas a bhaint as “an chumhacht” atá aici agus cearta teanga phobal na Gaeilge a chinntiú.

Bhí cruinniú stairiúil tráthnóna ag Conradh na Gaeilge le Státrúnaí an Tuaiscirt Karen Bradley an chéad uair riamh, a deirtear, ag toscaireacht de chuid na heagraíochta a leithéid de chruinniú a bheith acu. Le linn an chruinnithe, mhaígh Karen Bradley go raibh tuiscint aici ar a leithéid de cheist agus cearta teanga toisc gur iar-aire cultúir í.

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge gur chruinniú “tábhachtach agus cinniúnach” a bhí sa chruinniú le Bradley tráthnóna ach nach mbeadh aon “tairbhe” leis mura dtabharfaí Acht teanga don Ghaeilge amháin isteach agus “cothrom na Féinne” a thabhairt do lucht labhartha na Gaeilge. “Tá na héilimh atá ag pobal na Gaeilge réadúil agus réasúnta agus luíonn siad leis na cearta céanna atá ag an Bhreatnais agus ag Gàidhlig na hAlban.

“Is dlúthchuid de shochaí na tíre seo í an Ghaeilge agus go dtí go n-aithnítear sin go hoifigiúil agus go mbíonn na forálacha cuí i bhfeidhm, forálacha atá aitheanta ag saineolaithe go hidirnáisiúnta, ní mhaolófar ar na hiarrachtaí Acht Gaeilge neamhspleách a bhaint amach,” a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Dúirt duine eile de thoscaireacht an Chonartha, an Bainisteoir Abhcóideachta Ciarán Mac Giolla Bhéin, gur cuireadh in iúl don Státrúnaí “na dualgais shoiléire atá ar a Rialtas a chinntiú go n-aithneofaí cearta Gaeilgeoirí sa dlí”.

“D’inis muid di go mbeidh muid ag leanúint ar aghaidh ag feachtasaíocht agus i mbun agóidíochta go dtí go mbaineann muid na cearta sin amach le hAcht Gaeilge neamhspleách.

“D’iarr muid ar an Rúnaí Stáit an chumhacht atá aici a úsáid leis na hathruithe atá de dhíth a thabhairt isteach agus gur anois an t-am le dualgais a Rialtais a chomhlíonadh. Má tá an Rialtas agus an Rúnaí Stáit dáiríre agus ionraic maidir le Tionól agus Rialtas buan agus láidir a thabhairt isteach anseo ní mór go mbeadh cearta do Ghaeilgeoirí lárnach sa socrú sin,” a dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin.

Tá Conradh na Gaeilge ag súil le bualadh arís le Bradley sna seachtainí amach romhainn.

Idir an dá linn, roimh an gcruinniú maidir le héileamh Chonradh na Gaeilge ar acht teanga don Ghaeilge amháin, bhí agóid ar siúl ag Stormont ar son na reachtaíochta Gaeilge.

Bhí slua mór daltaí Gaelscoile i mbun agóide ar son Achta Gaeilge ag Stormont ar maidin. Bhí daltaí ó Coláiste Feirste, Gaelscoil an Lionnáin, Gaelcholáiste Dhoire, Gaelscoil na Daróige agus roinnt Gaelscoileanna eile i láthair.  

Dúirt Katy-Rose Meade, urlabhraí ón ngrúpa feachtasaíochta An Dream Dearg, atá ina scoláire i gColáiste Feirste go raibh “an pobal anois ag troid ar ais”.

“Bhí mise sé bliana d’aois nuair a tugadh an choimitmint dúinn go mbeadh Acht Gaeilge ann agus le linn mo shaoil chonaic mé bac i ndiaidh baic á gcur roimh an Ghaeilge agus roimh fhás na hathbheochana pobalbhunaithe.

“Níl an pobal seo sásta glacadh leis sin a thuilleadh. Ní ghlacfar le haon rud nach Acht Gaeilge neamhspleách ceartbhunaithe é, faoi mar atá ag pobail mhionteangacha eile sna hoileáin seo.

“Ní ghlacfar leis na hionsaithe a thuilleadh, leis an leatrom nó leis an chos ar bholg, tá an pobal anois ag troid ar ais. Éilíonn muid ar na páirtithe atá ag tacú linn seasamh linn uair amháin eile chun cothromas lucht labhartha na Gaeilge a chinntiú as seo amach,” arsa Katy-Rose Meade ó An Dream Dearg.

Fág freagra ar '‘Tá an chumhacht agat, bain leas aisti’ – teachtaireacht Chonradh na Gaeilge don Státrúnaí ag cruinniú ‘cinniúnach’ ag Stormont'