Tá amhras ar chách faoi mheon rialtas na Breataine agus an Prótacal le plé arís

Is léir an chontúirt a bhaineann leis an gcultúr polaitiúil agus an machismo frithEorpach atá i réim i Londain

Tá amhras ar chách faoi mheon rialtas na Breataine agus an Prótacal le plé arís

Níor chuir Maroš Šefčovič, leasuachtarán choimisiún an Aontais Eorpaigh, fiacail ann nuair a labhair sé Déardaoin faoi chomhréiteach ar fheidhmiú Phrótacal Thuaisceart Éireann a bhfuil bailchríoch á cur air sa Bhruiséil.

“Ní hé an Prótacal an fhadhb ach a mhalairt – níl ar fáil ach é mar réiteach,” a dúirt sé le linn seimineáir ar líne a d’eagraigh an Foras Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha i mBaile Átha Cliath

Thug Šefčovič le fios go mbeadh tairiscint chomhréitigh an choimisiúin réidh an tseachtain seo chugainn agus go raibh súil aige go bhféadfaí teacht ar chomhaontú leis an Ríocht Aontaithe roimh dheireadh na bliana. Ach dheimhnigh sé arís eile nach ndéanfaí idirbheartaíocht ar an bPrótacal féin, mar a theastaíonn ón mBreatain, agus nach nglacfaí le socrú ar bith a scarfadh Tuaisceart Éireann ó mhargadh aonair an AE.

Ar  ndóigh ní sa Bhruiséil ach i Londain a dhéanfar an rogha is tábhachtaí maidir le réiteach an aighnis a spreag an Prótacal, a cháin ionadaí Breatimeachta na Breataine, David Frost, a luaithe beagnach agus a cuireadh i bhfeidhm é an chéad uair i mí Eanáir – ainneoin Frost a bheith páirteach sna comhráite inar leagadh amach an Prótacal i dtosach.

Cháin Frost an Prótacal arís nuair a labhair sé ag comhdháil bhliantúil na dTóraithe i rith na seachtaine. Níor fhógair sé áfach go mbainfí leas as Airteagal 16 faoina gceadaítear neamhfheidhmiú i gcás práinne. Níor thagair an Príomh-Aire Boris Johnson don Phrótacal in aon chor san óráid a thug sé ag an gcomhdháil Dé Céadaoin. Go deimhin ní raibh ach tagairt indíreach amháin san óráid do Thuaisceart Éireann inar gheall sé go bhfeabhsófaí an bóthar in Albain ar a dtéann cuid mhór den trácht go Stranraer!

 Faoi láthair ní féidir ach brí theoranta a bhaint as briathra Frost agus as tost an Phríomh-Aire.

Tá fonn orthu beirt:

  1. Comhaontú a rinne siad agus a mhol siad go hard roimhe seo a lochtú
  2. Lánfheidhmiú an chomhaontaithe sin a sheachaint
  3. Conradh nár chuir siad i bhfeidhm i gceart fós a athrú
  4. A chur ina luí ar aontachtaithe an Tuaiscirt go n-athrófar an Prótacal ó bhonn
  5. Teannas, naimhdeas agus mímhuinín a chothú sa chaidreamh leis an Aontas Eorpach.

Ainneoin chothú eascairdis na bpolaiteoirí agus ainneoin neamhshuim fhormhór na meán sa Bhreatain i gcúrsaí an oileáin seo agus na hEorpa, níl an dóchas go dtiocfar ar chomhréiteach faoi dheireadh ídithe fós. Tugtar faoi deara nach cealú an Phrótacail ach athrú suntasach (‘significant change’) a deir Frost a theastaíonn ón Ríocht Aontaithe.

Tá súil ag dream an dóchais go dtugann caint dá leithéid le fios go nglacfaidh an rialtas thall le hathrú ar fheidhmiú an Phrótacail seachas ar na forálacha. Más amhlaidh a bheidh, beidh Frost agus Johnson ag maíomh amach anseo gan dabht go bhfuil bua Breatimeachta eile bainte amach acu, agus gan fonn ar mhórán sa Bhruiséil ná i mBaile Átha Cliath a n-aisling a bhréagnú.

Faraor, is léir an chontúirt go gcuirfidh an cultúr polaitiúil agus an machismo frithEorpach atá i réim i Londain brú ar Frost leas a bhaint as Airteagal 16 den Phrótacal lena chur ar fionraí ionas go ngéarófaí ar an teannas leis an AE. Bheadh buntáiste eile ag baint le seift dá leithéid; shásódh sé aontachtaithe an Tuaiscirt, cé nach mbeadh iontas ar mhórán dá dtiocfaí ar chomhréiteach tar éis tamaill a shásódh an dá thaobh.

Más géarú gearrthéarmach ar an aighneas a theastaíonn ón mBreatain áfach, ní féidir a bheith cinnte go mbeifear ábalta gach dris chosáin a ghlanadh as an mbealach. Dúirt Frost le gairid mar shampla go gcaithfí deireadh a chur leis an údarás atá ag Cúirt Bhreithiúnais an AE ar fheidhmiú an Phrótacail. A mhalairt ar fad a dúirt Šefčovič Déardaoin: ní bheadh socrú dá leithéid “praiticiúil” a dúirt sé.

Thug foinsí Breatimeachta le fios go dteastaíonn córas nua eadrána uathu chun déileáil le haighnis faoin bPrótacal. Níl aon chosúlacht ar sheasamh an choimisiúin go bhfuiltear sásta údarás a thabhairt d’fhoras ar bith seachas an Chúirt Eorpach ar réiteach aighnis a bhaineann leis an margadh aonair (ina bhfuil an Tuaisceart páirteach, ní hionann agus an Bhreatain).

Ní bheidh deireadh leis an amhras a chothaíonn an t-ábhar seo go ndéanfaidh rialtas na Breataine rogha idir cothú achrainn agus aimsiú comhréitigh – agus comhlíonadh an Phrótacail.

Idir an dá linn, agus séasúr dian-idirbheartaíochta romhainn níl ach a ndúirt Šefčovič le linn an tseimineáir Déardaoin mar shólás ag an rialtas:

“Nuair a bhíonn duine sa teaghlach i dtrioblóid, bíonn an teaghlach go léir toilteanach cabhair a thabhairt.”

Fág freagra ar 'Tá amhras ar chách faoi mheon rialtas na Breataine agus an Prótacal le plé arís'