‘Tá ábhar réitigh ann’ – fáilte curtha ag an gCoimisinéir Teanga roimh leasuithe reachtaíochta

Deir Rónán Ó Domhnaill, go dtéann an beagnach leathchéad leasú atá molta ag Aire na Gaeltachta ‘cuid mhaith den bhealach chun dul i ngleic leis na fadhbanna móra a bhaineann le soláthar seirbhísí i nGaeilge’

‘Tá ábhar réitigh ann’ – fáilte curtha ag an gCoimisinéir Teanga roimh leasuithe reachtaíochta

Tá fáilte curtha ag an gCoimisinéir Teanga roimh leasuithe an Rialtais ar an mBille Teanga atá á thabhairt isteach chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú.

Thart ar 320 leasú ar fad atá molta do Chéim na Tuarascála den Bhille Teanga, céim a gcuirfear tús léi sa Dáil an tseachtain seo.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, go dtéann an beagnach leathchéad leasú atá molta ag Aire na Gaeltachta “cuid mhaith den bhealach chun dul i ngleic leis na fadhbanna móra a bhaineann le soláthar seirbhísí i nGaeilge sa stát seo”.

“Tá mé sásta go gcuireann na leasuithe san áireamh na moltaí atá déanta agam maidir le leasú an Achta. Ábhar réitigh atá ann ar chuid de na fadhbanna is mó i dtaobh cearta teanga. Téitear i ngleic le cúrsaí earcaíochta agus leis an easpa seirbhísí i nGaeilge sa Ghaeltacht, mar shampla. Táthar ag fáil réidh le córas na scéimeanna teanga freisin, córas a raibh teipthe ar fad air.

“Dul chun cinn a bheadh sna leasuithe seo ach feidhm a thabhairt dóibh, cé go bhfuil soiléiriú ag teastáil faoi rudaí áirithe; céard iad go díreach na seirbhísí sa Ghaeltacht a mbeidh dualgas ann ina leith, mar shampla.”

Chuir an Coimisinéir Teanga fáilte chomh maith roimh leasuithe an fhreasúra agus dúirt sé go raibh sé ag súil leis an bplé faoin mBille sa Dáil an tseachtain seo.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh fhoilsiú na leasuithe chomh maith.

Dúirt Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, go raibh “bunús an bhille le moladh”, is é sin an sprioc gur Gaeilgeoirí a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

Dúirt de Spáinn go raibh soiléiriú á lorg ag an eagraíocht teanga faoin bhforáil Ghaeltachta sna leasuithe agus faoi “roinnt de na moltaí eile”.

Tá Conradh na Gaeilge ag súil le bailchríoch a chur inniu ar aighneacht faoi na hathruithe is gá a dhéanamh ar leasuithe an Rialtais.

D’fhágfadh ceann de leasuithe an Rialtais go mbeadh ceangal reachtúil ar an stát a chinntiú gur Gaeilgeoirí a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

Tá leasú eile ann maidir le dáta a shonrú faoina mbeadh ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí a sholáthar i nGaeilge sa Ghaeltacht.

Ó thaobh leasuithe an fhreasúra de, tá os cionn 230 leasú molta ag Teachtaí Dála Shinn Féin agus tá 37 leasú eile ar an mbille curtha chun cinn ag an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly.

Agus líon mór leasuithe le plé, d’fhéadfadh go mbeadh aighneas sa Dáil nuair a chuirfear tús le Céim na Tuarascála an tseachtain seo.

Tá an freasúra ag iarraidh go ndéanfaí plé ar na leasuithe uile ach tá an Rialtas den tuairim go ndearnadh dóthain plé agus machnaimh ar na moltaí sin ag Céim an Choiste.

Fág freagra ar '‘Tá ábhar réitigh ann’ – fáilte curtha ag an gCoimisinéir Teanga roimh leasuithe reachtaíochta'