Sprioc d’earcú Gaeilgeoirí i measc leasuithe an Rialtais ar reachtaíocht Ghaeilge

Thart ar 320 leasú ar fad atá molta don chéad chéim eile d’aistear an Bhille Teanga i dTithe an Oireachtais

Sprioc d’earcú Gaeilgeoirí i measc leasuithe an Rialtais ar reachtaíocht Ghaeilge

Tá leasuithe reachtaíochta foilsithe ag an Rialtas a d’fhágfadh go mbeadh ceangal reachtúil ar an stát a chinntiú gur Gaeilgeoirí a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

Tá na leasuithe ar an mBille Teanga atá le plé sa Dáil an tseachtain seo chugainn réitithe ag an rialtas agus ag an bhfreasúra.

Thart ar 320 leasú ar fad atá molta do Chéim na Tuarascála, níos mó ná mar a moladh ag Céim an Choiste nuair a caitheadh breis is 25 uair an chloig ag plé na leasuithe uile.

Beagnach leathchéad leasú atá molta ag Aire na Gaeltachta. Chomh maith leis an leasú maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge sa státseirbhís, tá moladh eile ann maidir le dáta a shonrú faoina mbeadh ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí a sholáthar i nGaeilge sa Ghaeltacht.

Faoi na leasuithe eile atá molta ag an Rialtas, bheadh dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí aon ábhar margaíochta a scaipeann siad ar an bpobal a bheith i nGaeilge nó i mBéarla agus i nGaeilge.

Tá leasú le moladh ag Aire na Gaeltachta freisin a chinnteodh go mbeidh comhlachtaí poiblí in ann déileáil leis an síneadh fada i bhfoirmeacha ar líne. Dhéanfadh leasú eile nuashonrú ar an reachtaíocht ionas go mbeadh na meáin shóisialta san áireamh sa dhualgas a bhaineann le cumarsáid a dhéanamh i nGaeilge.

Tá moladh déanta ag an Aire freisin go mbeadh ar chomhlachtaí poiblí 20% dá gcuid fógraíochta a dhéanamh i nGaeilge gach bliain agus go mbeadh ar gach comhlacht poiblí 5% dá chuid fógraíochta in aon bhliain ar leith a dhéanamh sna meáin Ghaeilge.

Ó thaobh leasuithe an fhreasúra de, tá os cionn 230 leasú molta ag Teachtaí Dála Shinn Féin. Baineann a gcuid moltaí le gach rud ó chúrsaí oideachais go cúrsaí pleanála agus úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.

Mhol Sinn Féin breis is 240 leasú ag Céim an Choiste agus níor glacadh le haon cheann acu, cé go bhfuil leasuithe nua an rialtais bunaithe ar an bplé a rinneadh ar chuid acu.

Tá 37 leasú eile ar an mbille curtha chun cinn ag an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly, moladh go ndéanfaí gach bille, acht agus ionstraim reachtúil a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla ina measc.

Tá Connolly ag moladh freisin go gcaithfí aon reachtaíocht atá le tabhairt isteach a chur faoi bhráid an Choimisinéara Teanga chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh aici ar chás na Gaeilge.

Agus líon mór leasuithe le plé, d’fhéadfadh go mbeadh aighneas sa Dáil nuair a chuirfear tús le Céim na Tuarascála an tseachtain seo chugainn.

Tá an freasúra ag iarraidh go ndéanfaí plé ar na leasuithe uile ach tá an Rialtas den tuairim go ndearnadh dóthain plé agus machnaimh ar na moltaí sin ag Céim an Choiste.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, go raibh súil aige go dtabharfaí éisteacht cheart do leasuithe an fhreasúra.

“Mar gheall air sin, impím ar an Aire gan dícheannadh a dhéanamh ar an bplé sa Dáil an tseachtain seo chugainn agus seans a thabhairt do leasuithe an fhreasúra. Má tá ceacht amháin foghlamtha ó Chéim an Choiste, sé sin go bhfuil fiúntas ag baint le plé ceart parlaiminte agus nach leor trí uair go leith chun os cionn 360 leasú a phlé. Ní bheadh ansin ach 39 soicind an leasú,” a dúirt Ó Snodaigh.

Fág freagra ar 'Sprioc d’earcú Gaeilgeoirí i measc leasuithe an Rialtais ar reachtaíocht Ghaeilge'

  • Fionnbarra

    Dul chun cinn de shaghas éigean déanta ag an Rialtas ar an mBille. Caithfidh anois é a thabhairt tríd an Dáil agus an Seanad roimh Nollaig. 🤞