Tá a rian fágtha ag Peter Robinson ar an saol poiblí – ní léir go fóill a fhiúntas

D’imigh sé dá dheoin féin sula gcuirfí iachall air, agus mórán den tuairim go raibh ‘an dá Pheter Robinson’ i gcónaí ann

File photo: Trouble in DUP party

Ghlac Peter Robinson ceannas ar a raibh i ndán dó nuair a d’fhógair sé sa Belfast Telegraph go n-éireodh sé as an gcéad Aireacht agus as ceannaireacht an DUP taobh istigh de sheachtainí. Chinntigh sé sin gur cuairt ghaisce a bheadh aige ar chomhdháil bhliantúil a pháirtí Dé Sathairn. Chuir sé deireadh freisin leis na hiarrachtaí ar chúla téarmaí é a chur dá bhonnaí.

Bhí trí sprioc ag Robinson sula n-éireodh sé as oifig, a dúirt sé; ceannas Stormont ar cháin chorparáideach chun dul i ngleic leis an ráta íseal ó dheas, Stormont a chur ar bhonn seasmhach agus, thar ceann an DUP amháin, an suíochán Parlaiminte in Oirthear Bhéal Feirste a bheith buaite ar ais.

Ó bhí Stormont sábháilte agus an cháin chorparáideach le dílárú i 2018 faoin margadh a rinneadh an tseachtain seo agus oirthear Bhéal Feirste atógtha san olltoghchán deiridh, d’fhéadfadh sé imeacht ar a shuaimhneas, a dúirt sé. Shéan se go raibh aon bhaint ag a chinneadh leis an drochshláinte a bhí ag goilliúint air i mbliana, taom croí agus babhta tinnis eile, ach bhí ualach oibre an-trom aige agus é de cháil air go mbíodh sé ag obair d’oíche agus de ló.

Gan dabht, fearacht ceannaire polaitíochta ar bith, theastaigh uaidh a ‘oidhreacht’ a bhainistiú agus cruth dearfach a chur air. Cuid lárnach de sin is ea imeacht gan a bheith ruaigthe ag páirtí ná ag vótóirí. Bhí eite Phaisley den DUP naimhdeach do Robinson le tamall maith ach le déanaí bhí daoine eile freisin ag rá gur fadhb toghchánaíochta a bheadh i Robinson an bhliain seo chugainn.

Mar a dúirt mé anseo cheana, b’iad géarchúis, gliceas agus seiftiúlacht na tréithe a luaití le Peter Robinson ar feadh na mblianta ach le gairid bhí comhghleacaithe míshuaimhneach faoi bhotúin an pháirtí. Tharraing ciotaíl an DUP cáineadh laistigh agus lasmuigh den pháirtí – isteach/amach na nAirí, diúltú do ghnáthobair i Stormont go dtí go bhfaighfí amach arb ann do ‘Chomhairle Airm an IRA’ ach filleadh ar obair nuair a fógraíodh gurb ann dó.

Bíodh an milleán ar fad tuillte ag Robinson nó ná bíodh, is air a chuir siad an locht. Ceistíodh a bhreithiúnas agus d’imigh ball nó dhó den pháirtí chuig an UUP nó an TUV. Sa mullach air sin, luadh le scannal é faoi íocaíochtaí míbhailí as díol maoine NAMA le Cerberus. Shéan sé na líomhaintí as éadan agus níor cruthaíodh aon cheo a cuireadh ina leith.

Blianta ó shin, dúirt Robinson go n-éireodh sé as an bpolaitíocht nuair a bheadh se 65. Nuair a tháinig an lá breithe sin, bhí cainteanna Haass ar siúl. Ní bheadh se fóirsteanach imeacht nuair a theip orthu sin agus Stormont in aimhréidh. Anuraidh nuair a bhí sé 66 i mí na Nollag, bhí na páirtithe ag caint arís i dTeach Stormont; níor mhair an margadh a rinneadh ansin sách fada chun go n-imeodh sé – agus bhí olltoghchán ar na bacáin.

Go praiticiúil, is é seo an chéad seans a bhí aige le cúpla bliain éirí as le ceol aitheantais dearfach. Maítear go bhfuair an DUP margadh níos fearr ná mar a fuair Sinn Féin sa Tús Úr – an socrú a fógraíodh Dé Máirt. Maítear freisin go mbeidh a thuilleadh deacrachtaí i Stormont amach anseo ach gur chóir go mbeadh an saol réidh go ceann tamaill, rud a thabharfaidh deis do Peter Robinson imeacht i mí Eanáir gan a bheith ag fágáil le linn géarchéime.

Fuair sé ardmholadh ón Státúnaí Villiers agus ó chomhghleacaithe sa DUP ach is iomaí polaiteoir a thagair don dá Pheter Robinson, an fear dearfach, pragmatach a threoraigh an DUP chun tús áite agus chuig roinnt na cumhachta i Stormont; agus an fear diúltach, neamhghéilliúil a chaith blianta ag diúltú do chomhréiteach.

Liosta le háireamh iad na heachtraí a bhain leis an bhfear diúltach- an t-ionradh ar Chluain Tiobraid i gContae Mhuineacháin san áireamh, an débhríocht faoi pharaimíleataigh dhílseacha; ag tabhairt counter-terrorists orthu, agus fiú agus é ina Chéad Aire ag glacadh páirte, i dtaca le paráidí, i bhfronta dílseach/aontachtach a raibh paraimíleataigh ann.

Bhí tréith eile ag baint leis – céim mhór chun tosaigh á glacadh anois agus arís ach cúlú uaidh nuair a cuireadh brú air. Rinne sé roinnt óráidí mar cheannaire faoina mhian sochaí chomhroinnte, chothrom a chothú ach b’annamh a lean beart an briathar. Tá a oidhreacht measctha mar sin. Tar éis cúig bliana agus dá fhichead sa pholaitíocht ar na sráideanna agus mar ionadaí tofa, tá a rian fágtha aige ar an saol poiblí. Ní léir go fóill a fhiúntas.

Fág freagra ar 'Tá a rian fágtha ag Peter Robinson ar an saol poiblí – ní léir go fóill a fhiúntas'

  • Pól Réamonn

    Ní chuireann Robinson agus a pháirtí (Democratically Unsuitable Party) rud ar bith le saol polaitiúil nó sóisialta i dTuaisceart Éireann.