Sula bhfuair mé colscaradh ón sacar, thug mé mo chroí do Whelan, Giles, Dunne agus Cantwell

Tráth dá raibh bhí ár gcolúnaí agus Manchester United chomh mór lena chéile agus a bhíonn an bhó leis an gcoca féir

Sula bhfuair mé colscaradh ón sacar, thug mé mo chroí do Whelan, Giles, Dunne agus Cantwell

Captaen Manchester United, Noel Cantwell le Corn FA in 2963. Pictiúr: INPHO/Allsport

Chaith mé na déaga de bhlianta i m’óige ag dul thart agus pictiúir d’fhoireann Manchester United a bhuaigh Corn an FA 1963 i mo phóca. ’Sé is dócha anois dá mbeidís ag imirt thiar ar Dhumhach Mhór an Spidéil nach gcuirfinn d’anró orm féin breathnú amach sa bhfuinneog lena bhfeiceáil, ní áirím a dhul chomh fada leo. Ach ligfidh mé dó sin. Tá sibh sách bodhraithe cheana agam ag cur síos ar an gcolscaradh atá idir mé agus cluiche an tsacair.

Bhí muid chomh mór lena chéile agus a bhíonn an bhó leis an gcoca féir i 1963 nuair a bhí an Corcaíoch Noel Cantwell ina chaptaen ar an bhfoireann a fuair an bua 3-1 ar Leicester i gCluiche Ceannais Chorn na bliana sin. Bhí beirt Bhaile Átha Cliathach ina theannta – Tony Dunne agus John Giles. Tuilleadh de mhianach na gCeilteach a scóráil na cúil, péire ag David Herd as Hamilton i Lanarkshire na hAlban agus ceann ag Denis Law a saolaíodh in Aberdeen. Ba é Gordon Banks cúl báire Leicester.

Bhuaigh Manchester United Roinn 1 na Sraithe i Sasana i 1956 agus arís i 1957 ach bhí mé beagán ró-óg le haon suim cheart a chur sna héachtaí sin. Ach an bhliain dár gcionn, trí scór bliain ó shin cothrom na Máirt seo caite, tharla eachtra a shocraigh mo dhílseacht, mar a tharla i gcás na scórtha agus b’fhéidir na gcéadta míle duine eile – maraíodh ochtar d’imreoirí Manchester United agus cúig dhuine dhéag eile a bhí ar bord eitleáin ar chinn air éirí den talamh sa sneachta in Aerfort Munich.

Bhí mo chinniúint agus cinniúint imreoirí na ngeansaithe dearga fite, fuaite ina chéile go ceann blianta.

‘Soccer Stars Die in Crash’ a d’fhógair príomhleathanach Scéala Éireann lá arna mhárach. Is deacair é a chreidiúint sa lá atá inniu ann ach an uair sin agus go ceann blianta ina dhiaidh b’fhógraí báis agus fógraí tráchtála a bhíodh ar leathanach tosaigh an Irish Independent agus ar leathanach a dó. Níor tháinig léitheoirí an nuachtáin sin ar an scéala go raibh leath an pháipéir léite acu agus thug an fotheideal le fios go raibh beirt imreoirí Éireannacha orthu siúd a tháinig slán, ach a bhí gortaithe go dona, Harry Gregg as Machaire Fíolta agus Jackie Blanchflower as Béal Feirste.

Ar an taobh seo den teorainn chaoineadar bás duine de na himreoirí óga ab fhearr riamh a chuaigh thar sáile – Liam Whelan.

Ní raibh Whelan ach 17 bliain d’aois nuair a d’fhág sé bruachbhaile a bhfuil an Chabrach mar ainm air ach tá Bóthar Attracta inar saolaíodh é i bhfoisceacht leathuair siúil de Shráid Uí Chonaill.

Ghoill an t-uaigneas i ndiaidh an bhaile go damanta ar Liam. Fiú agus cúpla bliain déanta i Manchain aige ba mhinic leis turas abhaile gan choinne a dhéanamh go bhfeicfeadh sé a mháthair, a fágadh ina baintreach agus gan é ach 8 mbliana d’aois, a dheartháireacha agus a dheirfiúracha. Turas 14 uair an chloig ar an mbád bán.

Bhí aintín de mo chuid féin agus a clann ina cónaí sa gceantar – go deimhin ní raibh idir í agus Bóthar Attracta ach 100 méadar dá mbeadh cead a chinn trí na garrantaí ag duine agus fiú le fanacht ar na cosáin ní raibh sé ach cúpla céad slat lena chois sin.

Ba mhinic a rinne mé an t-aistear go bhfaighinn amharc ar an teach inar rugadh an laoch a bhí ar fhoireann sin United a bhuaigh an tSraith an dara bliain as a chéile, a scóráil 33 cúl dóibh an séasúr sin, cé nárbh é sin a phríomhchúram, agus a maraíodh i dtragóid Munich agus gan é ach 22 bliain d’aois.

Dhá bhliain déag ó shin baisteadh an droichead iarnróid atá ag bun an bhóthair inar tógadh é in ómós do Liam Whelan. Comhartha ar an athrú saoil is ea gurbh iad an cumann áitiúil de chuid CLG, Cumann Naomh Fionnbarra a chuir dlús leis an bhfeachtas go ndéanfaí amhlaidh. Comhartha ar an athrú saoil freisin gur minic na laethanta seo graifítí maslach a bheith in airde air ag maistíní.

Cothrom an ama seo arú anuraidh, d’eisigh an Post stampa i gcuimhne an Fhaolánaigh.

An lá ar cuireadh i gcré na cille é i Reilig Ghlas Naíon trí scór bliain ó shin, dúirt duine acu siúd a bhí ag cartadh na huaighe lena mhuintir nach bhfaca sé an oiread daoine ar shochraid ó bhásaigh Micheál Ó Coileáin.

Scrios Tubaiste Munich an fhoireann ógánach a bhí curtha le chéile ag a mbainisteoir Matt Busby – an dá shraith sin buaite ag na ‘Busby Babes’ agus gan a mbunáite ach beagán le cois scór bliain d’aois nuair a maraíodh iad.

Níor bhuaigh an club aon bhlas ina dhiaidh sin gur thug Giles, Cantwell agus Tony Dunne Corn an FA siúd leo i 1963. Sula raibh an séasúr dár gcionn tosaithe bhí Giles imithe go Leeds, é féin agus a bhainisteoir tite amach lena chéile.

I gCearnóg Urumhan i gcroílár Bhaile Átha Cliath a saolaíodh Giles, ach faoi thús na seascaidí bhí a mhuintir aistrithe amach chomh fada le Bóthar na hUaimhe, timpeall an chúinne ón áit a raibh aintín eile de mo chuid.

Lá breá i lár an Mheithimh 1963 agus mé i mo sheasamh ag an ngeata ansiúd sheas bus ag an séipéal a bhí trasna an bhóthair agus siúd amach as Giles, Dunne, Cantwell agus dornán eile imreoirí a bhí ar an bpáirc nuair a bhuaigh Manchester United ar Leicester sa gcluiche cúpla seachtain roimhe.

Duine ar dhuine shiúladar isteach sa séipéal chuig an mbainis inar phós deirfiúr Giles agus Nobby Stiles a chéile, trí bliana sular bhuaigh Stiles bonn Chorn an Domhain i Wembley.

Dá mbeadh sé de chiall agam seasamh taobh istigh den doras bheadh sé le rá go deo agam go raibh mé ar an mbainis!

Fág freagra ar 'Sula bhfuair mé colscaradh ón sacar, thug mé mo chroí do Whelan, Giles, Dunne agus Cantwell'

  • Criostóir Ó Maonaigh

    Níl sé soiléir ach má tá an ceart agam a Mhartain, ‘sé cúis gur thréigh tú an sacar ná go raibh an iomarca ama á chaiteamh agat ag plé leis an sacar sna meáin chomersáide? Thug Munich 1958 an deis duit éirí as. Nó b’fhéidir gur mó suime a bhí agat in imreoirí clúiteacha na hÉireann thar lear ná sa sacar féin? Chuaigh mise go Londain an bhliain dar gceann [1959] ach b’iad na Spurs mo rogha ó laethanta scoile agus d’fhan mé leo cé go rabhadar sa dara leath den sraith a haon an uair sin. I gcionn cúpla bliain bhuadar an ‘double’.