Muintir na hÚcráine atá tagtha chun na Gaeltachta tosaithe ar an nGaeilge a fhoghlaim

Tá ranganna Gaeilge le cur ar fáil do roinnt Úcránach atá anois ag cur fúthu i gConamara agus a bhfuil suim léirithe acu an teanga a fhoghlaim

Muintir na hÚcráine atá tagtha chun na Gaeltachta tosaithe ar an nGaeilge a fhoghlaim

Tá teifigh ón Úcráin atá tagtha chun na Gaeltachta le tabhairt faoi ranganna Gaeilge.

Tá na ranganna le cur ar fáil do na hÚcránaigh atá anois ag cur fúthu ar an gCeathrú Rua i gConamara agus a bhfuil suim léirithe acu an Ghaeilge a fhoghlaim.

Pobal Rua, an eagraíocht pleanála teanga áitiúil ar an gCeathrú Rua, atá chun na ranganna Gaeilge a reáchtáil le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Cuirfear tús leo Dé Máirt seo chugainn, an 17 Bealtaine, agus tá spéis léirithe cheana féin ag deichniúr tabhairt faoi na ranganna.

Dúirt Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Pleanála Teanga na Ceathrún Rua, go bhfuil ríméad uirthi gur suim le cuid de mhuintir na hÚcráine an Ghaeilge a fhoghlaim.

“Tuigeann siad gur áit ar leith í an Ghaeltacht ina labhraítear Gaeilge mar theanga dhúchais,” a dúirt Ní Chríocháin, “agus mar a dúirt Kseniia Tehza liom, tá siad ag súil go mór le teanga mhuintir na tíre seo, ‘atá chomh lách linn’ a fhoghlaim. 

“Tá 14 gasúr bunscoile agus ceathrar gasúr meánscoile eile ag freastal ar scoileanna an cheantair freisin, rud a fhágann go mbeidh ar a laghad 35% de mhuintir na hÚcráine atá ina gcónaí anseo ag foghlaim na Gaeilge. Tá an-aitheantas tuillte acu as an meas seo atá á léiriú acu ar chultúr agus ar theanga na Gaeltachta, ag tráth go bhfuil go leor imní orthu faoin gcogadh sa mbaile.”

Dúirt Ní Chríocháin freisin go bhfuil spéis léirithe ag na hÚcránaigh i stair agus cultúr na Gaeltachta chomh maith,  go mór mór mar a bhaineann sé le cúrsaí mara agus bádóireachta. Tá sé i gceist ag Pobal Rua ceardlanna a reáchtáil sna réimsí sin amach anseo. 

Dúirt Siubhán Nic Grianna, Bainisteoir Pleanála Teanga in Údarás na Gaeltachta, go raibh an-áthas orthu go bhfuil muintir na hÚcráine ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim agus mhol sí Pobal Rua agus na heagraíochtaí pleanála teanga eile ar fud na Gaeltachta as na hiarrachtaí atá idir lámha acu chun fáilte a chur roimh mhuintir na hÚcráine.

Tá tacaíocht bhreise curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta d’eagraíochtaí pleanála teanga agus grúpaí pobail chun ranganna Gaeilge a chur ar fáil do mhuintir na hÚcráine, má bhíonn éileamh ann.

Tá súil ann go bhféadfadh na ranganna cuidiú maidir leis an bhfadhb atá ann agus cuid de ghasúir ón Úcráin ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Tá ráite ag daoine in earnáil an Ghaeloideachais go bhfuil tacaíochtaí breise ón Roinn Oideachais ag teastáil do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a bhfuil páistí ón Úcráin cláraithe leo.

Faoi láthair, is ionann an tacaíocht atá á cur ar fáil do scoileanna atá ag freastal ar dhaltaí as an Úcráin, is cuma cé acu Gaeilge nó Béarla teanga teagaisc na scoile.

Fág freagra ar 'Muintir na hÚcráine atá tagtha chun na Gaeltachta tosaithe ar an nGaeilge a fhoghlaim'