Súil le leictreachas in Inis Oírr agus Inis Meáin ‘tráthnóna’ agus claochladán tugtha i dtír

Thug an BSL le fios go raibh 'go leor oibre' le déanamh ach dúirt urlabhraí go rabhthas ag súil go mbeadh cumhacht arís ag an dá oileán tráthnóna inniu

Súil le leictreachas in Inis Oírr agus Inis Meáin ‘tráthnóna’ agus claochladán tugtha i dtír

Tá súil go mbeidh leictreachas athuair in Inis Oírr agus Inis Meáin tráthnóna agus an claochladán a theastaíonn le córas leictreachais sa dá oileán a cheangal le gineadóir tugtha i dtír in Inis Oírr. As Sasana a tháinig an claochladán atá 22 tonna meáchain  agus tugadh i dtír in Inis Oírr timpeall a haon a chlog inniu é.

Tugadh dhá ghineadóir, a bhfuil meáchan 36 tonna eatarthu, go hInis Oírr Dé Sathairn agus bhí súil ag an mBord Soláthair Leictreachais an claochladán a thabhairt isteach ann inné chun na gineadóirí a cheangal le córas leictreachais an oileáin. D’fhág an drochaimsir inné, áfach, nach bhféadfaí an claochladán a thabhairt i dtír. D’fhág an claochladán calafort Ros an Mhíl ar maidin ag 9 a chlog.

Thug an BSL le fios go raibh “go leor oibre le déanamh” leis na gineadóirí agus an claochladán chun go mbeadh cumhacht athuair in Inis Oírr agus Inis Meáin. Dúirt urlabhraí ón BSL le Tuairisc.ie go rabhthas ag súil go mbeadh cumhacht arís ag an dá oileán tráthnóna inniu.

Trainned Diver
Tumadóir de chuid an BSL

Idir an dá linn, táthar fós ag obair ar dheisiú an fhabht ar chábla faoin bhfarraige idir Inis Meáin agus Inis Mór a d’fhág go bhfuil an dá oileán gan chumhacht ó mhaidin Dé hAoine.

Thug an BSL le fios go bhfuiltear ag baint leas as cur chuige nua chun an fabht a dheisiú. Is iondúil go dtarraingítear cábla fabhtach aníos ó ghrinneall na mara lena dheisiú ach sa chás seo tá tumadóirí ag obair faoin bhfarraige ar dheisiú an fhabht.

Maítear gur lú i bhfad an costas agus an t-am a bhíonn i gceist le deisiú cábla fothoinn leis an gcur chuige nua seo a d’úsáid an BSL uair amháin cheana le cábla i Sruth na Maoile a dheisiú.

Fág freagra ar 'Súil le leictreachas in Inis Oírr agus Inis Meáin ‘tráthnóna’ agus claochladán tugtha i dtír'