Súil le dáta do reachtaíocht don teanga agus an Ghaeilge faoi chaibidil laistigh agus lasmuigh de Westminster

Deir LeasChéad-Aire an Tuaiscirt Michelle O’Neill go bhfuil sí ag súil go dtabharfar isteach an tseachtain seo chugainn in Westminster reachtaíocht don Ghaeilge.

Súil le dáta do reachtaíocht don teanga agus an Ghaeilge faoi chaibidil laistigh agus lasmuigh de Westminster

Colum Eastwood agus Claire Hannah an SDLP; Conor McGinn agus Louise Haigh, Scáth-Rúnaí Stáit, ó Pháirtí an Lucht Oibre; Carol Monaghan an SNP; Liz Saville-Roberts, Plaid Cymru; John Finucane agus Paul Maskey ó Shinn Féin  agus Stephen Farry ceannaire an Alliance. I gcomhar leis na Feisirí bhí an Dr Niall Comer, Uachtarán, Conradh na Gaeilge, Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge agus Julian de Spáinn,Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.

Tá ráite ag LeasChéad-Aire an Tuaiscirt Michelle O’Neill go bhfuil sí ag súil go dtabharfar isteach an tseachtain seo chugainn in Westminster reachtaíocht don Ghaeilge.

Dúirt O’Neill an méid sin agus cás na Gaeilge sa Tuaisceart faoi chaibidil taobh istigh agus taobh amuigh de Westminster inniu.

Pléadh inniu i bParlaimint Westminster gealltanas Rialtas na Breataine go dtabharfaí an reachtaíocht teanga agus chultúir isteach in Westminster mí Dheireadh Fómhair mura ndéanfaí an cúram in Stormont roimh dheireadh mhí Mheán Fómhair.

Níos luaithe tráthnóna, bhí gníomhaithe Gaeilge agus feisirí parlaiminte i mbun léirsithe le chéile lasmuigh de pharlaimint Westminster le brú a chur ar Rialtas na Breataine cloí lena ngealltanas reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach mura ndéantar an beart in Stormont

Sa pharlaimint féin, cuireadh brú ar Conor Burns, aire stáit in Oifig Thuaiscirt Éireann, a dheimhniú cén uair a thabharfaí an reachtaíocht isteach ach dhiúltaigh sé an cheist sin a fhreagairt.

Mar sin féin, ag labhairt di i mBéal Feirste roimh chruinniú le Státrúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis tráthnóna, dúirt Michelle O’Neill go raibh súil aici go dtabharfaí an reachtaíocht isteach an tseachtain seo chugainn.

Le linn na díospóireachta in Westminster faoi chur i bhfeidhm an chomhaontaithe New Decade, New Approach, dúirt Colum Eastwood, ceannaire an SDLP go raibh deis ag an bparlaimint stop a chur le géarchéim a bhí ar na bacáin. Dúirt ceannaire an SDLP go bhféadfadh feisirí “seasamh sa bhearna agus gníomh a dhéanamh”.

Dúirt Claire Hanna, feisire eile ón SDLP, go raibh sé de chumas ag Albain agus an Bhreatain Bheag “siúl agus guma a chogaint ag an am céanna” fad is a bhain sé le cearta teanga agus cearta eile agus nárbh amhlaidh an scéal sa Tuaisceart mar go raibh Stormont sáinnithe ag córas veto na mórpháirtithe.

Dúirt Hanna, Feisire Parlaiminte do Bhéal Feirste Theas, gurb é seanmheon na mórpháirtithe “gurb ionann roinnt agus teip” cúis an aighnis is déanaí.

Dúirt Jim Shannon, an feisire parlaiminte de chuid an DUP, gur “ghoill sé go mór” air go raibh Westminster ag plé le cás na reachtaíochta. Dúirt sé nár chóir do Pharlaimint na Breataine “a ladar” á chur i gcinneadh a bhain leis an Tuaisceart mar gheall ar bhrú ón bpobal agus go gcaithfí stop a chur lena leithéid.

Níor chóir go mbeadh ceist na reachtaíochta cultúir á phlé mar chuid de dhíospóireacht faoi bhille eile, arsa Shannon.

Chuir Conor McGinn, Páirtí an Lucht Oibre, brú ar an Rialtas a rá cén uair go díreach a thabharfaí an “reachtaíocht Ghaeilge” isteach.

Dúirt an tAire Stáit Conor Burns, nach raibh “aon chuimhneamh” ag Rialtas na Breataine ‘reachtaíocht Ghaeilge’ a thabhairt isteach agus gur reachtaíocht chultúir a bhí i gceist a raibh soláthar don Ghaeilge mar chuid di.

Conradh na Gaeilge a d’eagraigh ócáid an lae inniu i Londain agus beidh lucht feachtais ó Éirinn agus ón mBreatain i láthair chomh maith le feisirí parlaiminte ó ‘fhormhór na bpáirtithe’ in Westminster.

B’iad na Feisirí a bhí i láthair ag an ócáid le gníomhaithe Chonradh na Gaeilge ag Westminster inniu ná Colum Eastwood agus Claire Hannah an SDLP; Conor McGinn agus Louise Haigh, Scáth-Rúnaí Stáit, ó Pháirtí an Lucht Oibre; Carol Monaghan an SNP; Liz Saville-Roberts, Plaid Cymru; John Finucane agus Paul Maskey ó Shinn Féin  agus Stephen Farry ceannaire an Alliance.

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge gurb ionanntacaíocht thraspháirtí an lae inniu” agus gealltanas Rialtas na Breataine féin i leith na reachtaíochta agus “tromlach ollmhór” na bhfeisirí parlaiminte in Westminster a bheith ar a son.

“Ba cheart, de réir Ré Nua, Cur Chuige Nua, go mbeadh an reachtaíocht seo curtha i bhfeidhm 500 lá ó shin. Cailleadh an spriocdháta sin ag an am, mar aon le spriocdháta mhí Mheán Fómhair na bliana seo, agus anois tá ceann úr againn, deireadh na míosa seo, faoi mar a gheall Rúnaí Stáit na Breataine é féin, Brandon Lewis, níos luaithe i mbliana.

“Anois is gá dó a choimitmint féin, agus a amlíne féin, a chomhlíonadh. Ní fhágann sin ag Rialtas na Breataine, nó ag an Rúnaí Stáit, ach cúpla lá anois beart a dhéanamh de réir briathair. Tá giota agus 15 bliain imithe fosta ó thug siad an choimitmint don Acht Gaeilge an chéaduair, ag Comhaontú Chill Rìmhinn in 2006,” arsa Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Súil le dáta do reachtaíocht don teanga agus an Ghaeilge faoi chaibidil laistigh agus lasmuigh de Westminster'