Tá foilsiú straitéis nua don Ghaeilge geallta ag Páirtí an Lucht Oibre mar chuid dá bhfeachtas olltoghcháin.
D’fhoilseodh Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an straitéis seo agus bheadh sé ar an “an chéad straitéis chuimsitheach don Ghaeilge ina ndéileálfar le gach gné d’fhoghlaim agus d’úsáid na teanga agus an bhéim á cur ar labhairt na teanga”.
Gealltar chomh maith i bhforógra toghcháin Pháirtí an Lucht Oibre go mbunófaí “feachtas uaillmhianach” chun daoine a spreagadh leis an nGaeilge a labhairt.
Deir Páirtí an Lucht Oibre nach bhfuil labhairt na Gaeilge ag formhór mhuintir na hÉireann “in ainneoin na ndeontas agus iarrachtaí na bhforas stáit”.
“Ní labhraíonn ach 1.8% den phobal an Ghaeilge gach lá. Cuirtear sin i gcomparáid leis an scéal sa Bhreatain Bheag, áit a labhraíonn 11% de na daoine fásta Breatnais go laethúil.
“Foghlaimeoidh i Páirtí an Lucht Oibre ón dea-chleachtas sa Bhreatain Bheag agus in áiteanna eile agus seolfaidh an páirtí feachtas nua chun borradh a chur faoi labhairt na Gaeilge i ngnáthchúrsaí an tsaoil gach lá,” a deirtear i bhforógra Pháirtí an Lucht Oibre a foilsíodh an tseachtain seo.
Gealltar chomh maith go gcuirfear deiseanna níos mó ar fáil le go bhféadfaidh daoine fanacht sa Ghaeltacht agus go mbunófar ceantair Ghaeltachta uirbeacha, mar a dtabharfar tosaíocht do labhairt na Gaeilge.
Gealltar go ndéanfaidh Páirtí an Lucht Oibre polasaí nua don Ghaeilge sa chóras oideachais a fhorbairt, ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal, mar atá á éileamh ag Conradh na Gaeilge.
Tá a bpolasaithe don Ghaeilge foilsithe anois ag na príomhpháirtithe go léir agus gealltanais go leor iontu.
Tá geallúint tugtha ag Sinn Féin go gceapfaidís aire sinsearach don Ghaeltacht má bhíonn siad i gcumhacht tar éis thoghchán na míosa seo chugainn.
Gealltar chomh maith i bhforógra Shinn Féin go dtabharfaí an maoiniú céanna d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge is a bhí acu in 2007 roimh an ngéarchéim eacnamaíochta agus go dtabharfaí ar ais toghchán Údarás na Gaeltachta.
Baineadh siar as lucht feachtais inniu nuair a tháinig sé chun solais nach bhfuil Fianna Fáil sásta geallúint a thabhairt go gceapfaí aire sinsearach a mbeadh an phríomhfhreagracht air ó thaobh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.
Idir an dá linn, dúirt urlabhraí Gaeilge Chomhaontas Glas Peter Kavanagh le Tuairisc.ie gur “polasaí seasmhach” acu é go mbeadh aire sinsearach ag plé le cúrsaí Gaeltachta, cé nach bhfuil a leithéid geallta ina bhforógra.
Dúirt urlabhraí Chomhaontas Glas, go dtacaíonn a pháirtí “100%” le ceithre éileamh réamhthoghcháin Chonradh na Gaeilge, aire sinsearach don Ghaeltacht, breis infheistíochta sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht, polasaí náisiúnta don Ghaeilge sa chóras oideachais agus bille teanga níos láidre ná an ceann a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite.
Tá geallta ag Comhaontas Glas ina bhforógra go mbunóidís clár náisiúnta foghlama Gaeilge do dhaoine fásta agus go gcuirfidís ranganna Gaeilge saor in aisce ar fáil do gach imirceach.
D’fhoilsigh Fianna Fáil agus Fine Gael a gcuid polasaithe don Ghaeilge agus don Ghaeltacht Dé hAoine seo caite.
Tá pacáiste €24.2 milliún geallta ag Fianna Fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, ag áireamh €10 milliún breise d’Údarás na Gaeltachta, €6 milliún breise do TG4 agus €3 milliún d’Fhoras na Gaeilge.
I bhforógra Fhine Gael, deirtear go bhfuil an páirtí meáite ar a dhá oiread airgid a bheith á infheistiú sa Ghaeilge faoi 2025 i gcomparáid le 2017, an bhliain inar ceapadh Leo Varadkar ina Thaoiseach.
Gealltar in A Future to Look Forward To go mbeadh €46 milliún breise ar fáil don Ghaeilge agus do na hoileáin faoi 2025 sa chás go mbeidís féin i gcumhacht.
Diarmuid Rossiter.
Cuir m’ainm síos le haghaidh teach sa Ghaeltacht nua i nGuaire nó nó in Inis Chórthaidh.
Daor Mac an tSaoir
Vóta dom seandream vóta don status quo. Is cuma liom cé acu na glasaigh, Sinn Féin, PaLO, ach athrú a bheith ann. Cén daille intinne is ea é súil le hathrú agus an vóta tugtha do na bradaigh chéanna