Stoirm Jocelyn ar a bealach, foláirimh aimsire nua fógartha

Meastar go dtabharfaidh Stoirm Jocelyn léi amárach gaotha an-láidir aniar agus aniar aneas agus gustaí contúirteacha

Stoirm Jocelyn ar a bealach, foláirimh aimsire nua fógartha

Tá Stoirm Jocelyn ar a bealach agus foláireamh gaoithe stádas oráiste fógartha do Ghaillimh, Dún na nGall agus Maigh Eo amárach.

Tiocfaidh an foláireamh oráiste i bhfeidhm sna trí chontae ag 6pm amárach agus mairfidh sé go dtí meán oíche amárach i gcás na Gaillimhe agus Mhaigh Eo agus go dtí 2am i gcás Dhún na nGall.

Meastar go dtabharfaidh Stoirm Jocelyn léi gaotha an-láidir aniar agus aniar aneas agus gustaí contúirteacha.

Tá foláireamh buí i bhfeidhm go dtí 7pm inniu do Dhún na nGall, Gaillimh, Maigh Eo, Liatroim agus Sligeach ach tiocfaidh foláireamh buí i bhfeidhm do gach contae tráthnóna amárach agus mairfidh sé go dtí go moch maidin Dé Céadaoin.

Tá rabhadh tugtha ag Met Éireann faoi ghustaí contúirteacha agus deir siad go bhfuil an baol ann go bhféadfadh tonnta arda a bheith cois cósta.

Ní mór a bheith cúramach ar bhóithre, ar thalamh rite agus cois cósta, a deirtear. Caithfear a bheith cúramach faoi chrainn a bheith tite chomh maith agus tá an baol ann go bhféadfaí a thuilleadh dochair a dhéanamh do línte cumhachta agus d’fhoirgnimh ar bhuail Stoirm Isha iad inné.

Tá roinnt bóithre dúnta go fóill mar gheall ar chrainn agus línte cumhachta bheith leagtha chun talún. Bhí moill ar thraenacha agus cuireadh as chomh maith do roinnt eitiltí.

Tá na seirbhísí éigeandála fós ag dul i ngleic leis an lorg a d’fhág Stoirm Isha ar an tír agus iad ag iarraidh cumhacht a thabhairt ar ais do dhaoine a raibh briseadh cumhachta acu.

Timpeall 155,000 custaiméir de chuid An Bhoird Soláthair Leictreachais a bhí fós gan aon chumhacht ar maidin.

40,000 custaiméir sa Tuaisceart a bhí gan aon chumhacht i ndiaidh Stoirm Isha.

Bhí Dún na nGall, an Ghaillimh agus ceantair áirithe i ndeisceart Chiarraí i measc na n-áiteanna is mó a raibh bristeacha ann.

Dúirt Met Éireann go raibh gustaí idir 133-137 ciliméadar san uair i nDún na nGall agus sa Ghaillimh tráthnóna inné agus i gCiarraí bhí breis agus 115km/h leis an ngaoth ar Dhairbhre.

Fág freagra ar 'Stoirm Jocelyn ar a bealach, foláirimh aimsire nua fógartha'