Stíurthóir na Gaeilge agus ceannsaí Údarás na Gaeltachta le cás na teanga a phlé ag ócáid ar líne

Beidh Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Aodhán Mac Cormaic, agus Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh, mar chuid de phainéal a chuirfidh clabhsúr ar shraith cainteanna Teacht Aniar

Beidh beirt de na feidhmeannaigh stáit is sinsearaí atá ag plé leis an nGaeilge á gceistiú ag ócáid speisialta anocht.

Beidh Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Aodhán Mac Cormaic, agus Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh, mar chuid de phainéal a chuirfidh clabhsúr ar shraith cainteanna faoi staid na Gaeltachta.

Beidh Sorcha Ní Chéilleachair, ceannasaí an ghrúpa Tuismitheoirí na Gaeltachta; Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga Ghaoth Dobhair; agus Donncha Ó hÉallaithe, gníomhaí pobail i gConamara, ag glacadh páirt sa phlé ar líne anocht freisin.

Cuirfidh Gormfhlaith Ní Thuairisg ó RTÉ Raidió na Gaeltachta an seisiún i láthair.

Is é an grúpa Teacht Aniar a d’eagraigh an tsraith cainteanna ar cuireadh tús leo mí Feabhra.

Bhí trí mhórthéama leis an tsraith – an pholaitíocht, cúrsaí éiceolaíochta agus cúrsaí reatha sa Ghaeltacht. Bhí tOllamh Conchúr Ó Giollagáin, an tOlllamh Michael Cronin, Seosamh Ó Cuaig agus na Teachtaí Dála Mairéad Farrell agus Marc Ó Cathasaigh ina measc siúd a bhí i mbun cainte go dtí seo.

Reáchtálfar an seisiún deireanach anocht ar líne ar an gcóras Zoom. Beidh sé ar siúl idir 7.00pm agus 8.00pm agus beidh deis ag an lucht féachana páirt a ghlacadh sa phlé.

Is féidir clárú don ócáid anseo.

Fág freagra ar 'Stíurthóir na Gaeilge agus ceannsaí Údarás na Gaeltachta le cás na teanga a phlé ag ócáid ar líne'

  • MVO

    Cé mhéid uair a mbeidh an focal “straitéis” luaite ag Ó hÉanaigh?

  • Seán Mag Leannáin

    Comhghairdeas le Breandán Mac Cormaic agus a chomhghleacaithe i Teacht Aniar as an gcomhdháil seo ar líne a eagrú don oíche anocht. Tá painéal cainteoirí fíor-mhaith curtha le céile don ócáid. Is gaisce ann féin é a leithéid a dhéanamh san am i láthair agus táimid uilig faoi chomaoin ag an lucht eagraithe as. Tá an chuma air go mbeidh plé fíor-spéisiúil ann. Tá na sonraí le haghaidh clárú le fáil ag deireadh an ailt iniata.