‘Stiúideo mór’ á fhorbairt do Nuacht TG4 — Esslemont

Dheimhnigh Ardstiúrthóir TG4 do choiste Oireachtais go mbeidh ‘Nuacht TG4 ar RTÉ’ á chraoladh ó thús na Samhna

‘Stiúideo mór’ á fhorbairt do Nuacht TG4 — Esslemont

Níl “cuma shásúil” ar Nuacht TG4 toisc go gcraoltar “ó stiúideo beag” é, dar le hArdstiúrthóir an stáisiúin Gaeilge, Alan Esslemont.

Ag labhairt dó le Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTithe an Oireachtais inné, dúirt Esslemont gur “clár suntasach nuachta é” Nuacht TG4 agus gur mhaith leis go mbeadh sé “chomh maith le RTÉ News agus BBC News”.

Tá athchóiriú á dhéanamh ag TG4 ar “an stiúideo mór” i mBaile na hAbhann agus tá sé beartaithe gur ón láthair sin a chraolfar Nuacht TG4.

Bhíodh cláir ar nós Comhrá, Róisín, Béaloideas Beo, agus Seó Spóirt á gcraoladh ón stiúideo sin go dtí gur beartaíodh níos túisce i mbliana deireadh a chur leo mar chuid d’atheagar na seirbhíse teilifíse faoin gceannasaí nua.

Bhí an tArdstiúrthóir cáinteach ar an gcuma a bhí ar Nuacht TG4 nuair a labhair sé ag ócáid i nGaillimh níos luaithe i mbliana. Dúirt sé an uair sin go raibh sé “cosúil leis an nuacht Bhéarla a chuirtí amach ar RTÉ i 1983” agus gur theastaigh “cuma i bhfad níos mó ón gclár”.

Ag labhairt dó leis an gcoiste Oireachtais inné, dheimhnigh Alan Esslemont go mbeidh Nuacht TG4 ar RTÉ ag tosú mí na Samhna. Athbhrandáil atá i gceist leis an gcur chuige seo faoina leanfaidh an feasachán nuachta Gaeilge ar RTÉ a bheith á chraoladh as Baile na hAbhann ach go mbeidh an craoladh sin faoi bhranda Nuacht TG4 seachas Nuacht RTÉ mar a bhí roimhe seo.

Fág freagra ar '‘Stiúideo mór’ á fhorbairt do Nuacht TG4 — Esslemont'