Staidéar misniúil ar Alan Titley a léiríonn fiúntas na scoláireachta liteartha Gaeilge

Mura bhfuil ach cuid an bheagáin de shaothar Alan Titley léite agat is maith mar a chuidíonn saothar nua Mháirtín Coilféir linn greim a fháil ar an scríbhneoir ildánach

Staidéar misniúil ar Alan Titley a léiríonn fiúntas na scoláireachta liteartha Gaeilge

Titley
Máirtín Coilféir
LeabhairComhar
€20

Staidéar liteartha misniúil é seo. Scagadh ar shaothar scríbhneoireachta Alan Titley atá ann agus tráchtar ar a bhfuil foilsithe aige go dtí 2016. Ní cheal dúshláin ábhar an leabhair mar sin, ná cheal toirte, ná cheal téamaí. Is maith an oidhe ar Alan Titley féin taighde mar seo a bheith curtha i gcrích ar chuid éigin dá chorp(as), go fiú agus an t-othar féin i láthair agus faobhar á chur ar scian an dochtúra.

Céard go díreach atá sa leabhar? Tá scagadh ar scríbhinní den uile chineál – gearrscéalta, úrscéalta, drámaí, colúnóireacht chlóis, aistí léinn agus filíocht fiú. Mura bhfuil ach cuid an bheagáin de shaothar Titley léite agat is maith mar a chuidíonn léarscáil na staire liteartha agus an mhapáil mentalité linn greim a fháil ar ní fíorluaineach ar uairibh: sin cód eitice an scríbhneora Alan Titley.

Bíonn comharthaí sóirt a leithéid seo de chód le sonrú in aon saothar scríbhneora nach carghas leis nó léi peann a chur le pár. Tá luachanna polaitiúla úrscéalta Bhreandáin Uí Eithir, dá achrannaí iad, le fáil ach filleadh ar a chuid iriseoireachta mar shampla. Is gabhlánaí i bhfad an tasc a chuireann Máirtín Coilféir roimhe i ngeall ar scóipiúlacht scríbhneoireacht Titley. Ceart chun féinléirithe bun agus barr an scéil, agus na scéalta mar sin.

Tagann prionsabail na polaitíochta forásaí go barr uisce arís is arís eile sna scríbhinní. B’fhurasta an teoiric pholaitiúil a chur i bhfeidhm ar na téacsanna ficsin agus neamhfhicsin scun scan ach pléitear féiniúlacht chultúrtha, smál an chiníochais, comhar in éadan an choilíneachais agus urchóid an rachmais i dtéarmaí na heitice coitinne agus pearsanta. Anailís chothrom thairbheach a bhíonn mar thoradh ar an gcur chuige.

Shílfeá go mbeadh léitheoir ar bith suthach sách leis an méid sin ach féachann scríbhneoireacht Titley an bonn a bhaint den uile chineál údaráis. Ní foláir dul in árach le cineál na ceannairceachta liteartha seo freisin. Is sa gcaibidil faoin ngreann is fearr a fhuasclaítear na fadhbanna seo, más fadhbanna iad, agus tá an scrúdú a dhéantar ar athshaothrú macallaí liteartha thar barr ar fad.

Tagraítear do shaothar léinn Alan Titley, de réir an áitimh, le go dtuigfí cé mar a dhéanann sé feidhm dá smaointeachas nó cleachtas dá theoiric féin. Is maith ann don trácht ar An tÚrscéal Gaeilge ar a shon sin óir is ann atá cuid den ghrinneas is géarchúisí óna pheann ar cheisteanna léirmheastóireachta. Aighneasóireacht den scoth a bhí san aiste fhada ‘An Cogadh in aghaidh na Critice’ tráth a fhoilsithe in 1994 agus údar machnaimh i gcónaí iad líon mór de na haistí léirmheasa is léinn.

Cé go ndéantar staidéar ar scríbhneoireacht Alan Titley ina cháilíocht féin sa leabhar seo rith sé liom go mbeadh gnéithe de shaothar David Lodge inchomparáide leis, trasnaíl na hidirthéacsúlachta cuir i gcás. Go deimhin féin, is comhaoisigh, a bheag nó a mhór, Alan Titley agus leithéidí Biddy Jenkinson, agus Dermot Healy, nach maireann, ar scríbhneoirí ildánacha eile iad a léiríonn máistreacht ar chuimse cineálacha foirme agus ar geal leo an spraíúlacht teanga freisin. Ach scrúdú ar an indibhidiúlachas é seo tríd is tríd.

Ba mhór i gceist an monagraf i léann na Nua-Ghaeilge tráth. Chuirtí spéis mhór i dteidil An Clóchomhar agus bhíodh ardchaighdeán ag roinnt le teidil acadúla Cois Life freisin. Is fiú a mheabhrú go raibh Trén bhFearann Breac le Máirín Nic Eoin go mór i mbéal an phobail nuair a foilsíodh é in 2005. Ach tá an tóin tite as an earnáil ó shin.

Athruithe ar na hollscoileanna, ar chleachtais taighde agus ar an bhfoilsitheoireacht is cionsiocair leis an deibhil sa dioscúrsa. Lena cheart a thabhairt do LeabhairComhar, tá iarracht ar fónamh ar bun ag an teach foilsitheoireachta úd seasamh sa mbearna bhaoil, treise leo. Tá fíor-ardchaighdeán táirgeachta ag Titley, idir innéacs, chóip, chló agus loime deartha an chlúdaigh.

Eithne na litríochta eiticiúla is cás le Máirtín Coilféir sa staidéar seo agus baineann sé earraíocht mheáite as scríbhinní Alan Titley chun léiriú stuama a dhéanamh ar an mbunáiteamh: gníomh gléineach féinléirithe is ea scríbhneoireacht Alan Titley, chun líofachta, chun leasa, chun maitheasa. Éirim mhisniúil, modheolaíocht shocair agus éascaíocht stíle a dhéanann barrshamhail chumasach chritice den fhoilseachán: teist eile fós ar fhiúntas na scoláireachta liteartha.

Fág freagra ar 'Staidéar misniúil ar Alan Titley a léiríonn fiúntas na scoláireachta liteartha Gaeilge'

  • Gabriel Rosenstock

    Ba cheart léirmheasanna a bheith againn go rialta ar Tuairisc.ie agus sleachta as leabhair nuafhoilsithe.

  • Fearn

    Dea-smaoineamh, a Ghabriel. Tagaim leis!

  • Jim Normoyle

    An-smaoineamh ar fad. Bheadh sé go hiontach léirmheas a fháil ar na leabhair nua