SRAITH PICTIÚR: Rialacha na Scoile

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán


Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.
  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Muna bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán.
  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

 

Gníomhaíocht 4 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 5 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 6 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.
  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.
  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 7 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 8 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 9 – céard fút féin?

  • Bhris tú féin agus do chara ceann de rialacha na scoile. Scríobh an comhrá bheadh eadaraibh.
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: bíodh easaontas eadraibh, bíodh comhairle á lorg, leithscéalta á ndéanamh, cuir imní in iúl.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.

 


Rialacha na scoile

(Téacs an fhíseáin)

1) Ag tús na scoilbhliana  labhair Príomhoide Ardscoil an Chnoic  le daltaí uile na scoile  ag an tionól.
Thug sí óráid faoi rialacha na scoile.
Chuir sí béim faoi leith ar mheas a bheith acu ar chuile dhuine agus gan bulaíocht a dhéanamh.
Thug sí foláireamh dóibh gan na rialacha a shárú.

2) Thug cuid de na scoláirí an chluas bhodhar don chomhairle seo.
An mhaidin dár gcionn thosaigh Seán agus Pádraig ag troid sa chlós.
Thosaigh Áine agus Deirdre ag caitheamh tobac.
Tháinig múinteoirí aniar aduaidh orthu agus rug siad orthu.
Bhí siad ar fad in umar na haimléise.

3) Thug na múinteoirí íde béil dóibh.
Dúirt an Máistir Ó Sé le Seán agus Pádraig go mba cheart dóibh meas a léiriú dá chéile ionas go mbeadh an timpeallacht scoile  á choinneáil sona.
Dúirt Iníon Uí Bhriain leis na cailíní gur cur amú airgid   a bhí sa tobac gan trácht ar an dochar a bhí sé ag déanamh dá sláinte.

4) Níorbh shin é deireadh an scéil , áfach.
Ghlaoigh an Príomhoide ar na tuismitheoirí ar fad agus mhínigh sí an scéal dóibh.
Eagraíodh cruinniú idir na tuismitheoirí, na scoláirí agus an Príomhoide.
Ní mó ná sásta a bhí siad.
Tugadh íde na muc agus na madraí do na scoláirí.

5) Bhí crith cos agus lámh ar na scoláirí roimh an gcruinniú.
Mhínigh an Príomhoide gur bhris na scoláirí rialacha na scoile.
Bhí náire an domhain   ar na tuismitheoirí.
Ghabh na scoláirí leithscéal agus gheall siad nach dtarlódh a leithéid arís.

6) Bhí ar na daltaí fanacht tar éis scoile   ar an Aoine le hobair bhreise a dhéanamh.
Bhí ar na cailíní fanacht ar feadh uair an chloig.
Bhí ar na buachaillí fanacht ann ar feadh dhá uair an chloig.
Bhí an seomra chomh ciúin le reilig.
Bhí ciall ceannaithe acu i ndiaidh na n-eachtraí sin.

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht

  1. Luaigh/mínigh cuid de rialacha na scoile.
  2. Cé chluiche atá ar siúl i mbosca 2?
  3. Cén oifig atá ann i mbosca 5?
  4. Cén t-am é i mbosca 4?
  5. Cé mhéad ama atá luaite le tobac?