SRAITH PICTIÚR: Ag Campáil Cois Farraige

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

SRAITH PICTIÚR: Ag Campáil Cois Farraige

Físeán

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.
  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 4 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 5 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 6 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 7 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr. Tá uirlis taifeadta le fáil ar bharr an leathanaigh ar chlé.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 8 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

    • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte is féidir é a chuardach san uirlis foclóra. Cliceáil ar an gcnaipe ‘Foclóirí’ atá ar bharr an leathanaigh ar chlé.

Gníomhaíocht 9 – céard fút féin?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: rud éigin a bhí go maith faoi, rud éigin nach raibh go maith faoi, comhairle a thabharfá do dhuine éigin a bheadh ag tabhairt faoin turas céanna, déan cur síos ar bhia na háite.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís, is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Ag Campáil Cois Farraige

(Téacs an fhíseáin)

1) An bhliain seo caite chríochnaigh Seán agus Pól scrúduithe na hArdteiste ar an dara lá is fiche de mhí an Mheithimh.
D’fhiafraigh siad dá dtuismitheoirí an mbeadh cead acu dul ag campáil don deireadh seachtaine.
Theastaigh uathu dul go láthair champála cois trá i Loch Garman.
Cheap na tuismitheoirí gur smaoineamh maith é.

2) Bhuail siad bóthar an lá dár gcionn.
Shroich siad ceann scríbe ag meán lae.
Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch.
I bpreabadh na súl bhí an puball curtha in airde acu.
Bhí siad an-sásta leis an láthair champála.

3) Níorbh fhada ina dhiaidh sin go raibh bolg le gréin á dhéanamh acu ar an trá.
Lá breá brothallach ab ea é ach go tobann thosaigh sé ag stealladh báistí.
Tháinig an drochaimsir aniar aduaidh orthu.
Rith siad ón trá ar nós na gaoithe.

4) Baineadh geit astu nuair a shroich siad an láthair champála.
Bhí an puball tar éis titim.
Bhí sé fós ag stealladh báistí agus bhí na buachaillí fliuch go craiceann.
Bhí siad in umar na haimléise.

5) Ní raibh an dara rogha acu ach glaoch abhaile féachaint an mbeadh a dtuismitheoirí in ann cuidiú leo.
Bhí siad fliuch go craiceann agus ag crith leis an bhfuacht.
Dúirt an t-athair go raibh óstán i ngiorracht scread asail díobh agus go raibh aithne aige ar an mbainisteoir.
Lig na buachaillí osna faoisimh.

6) Bhain siad Óstán na Faille amach leathuair an chloig ina dhiaidh sin.
D’fhág siad na málaí sa seomra agus chuaigh siad le haghaidh béile mar bhí ocras an domhain orthu.
Bhí siad te teolaí agus bhí béile den scoth acu.
“Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin,” a dúirt Seán.

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

  • Cén dáta a luaitear i mbosca 1?
  • Cad atá le feiceáil sa chúlra i mbosca 2?
  • Cá bhfuil siad i mbosca 6?

Fág freagra ar 'SRAITH PICTIÚR: Ag Campáil Cois Farraige'