SRAITH PICTIÚR: Obair Dhian – Torthaí Maithe san Ardteist (Leagan 2)

Sraith Pictiúr na hArdteiste (SP 4). Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith.

SRAITH PICTIÚR: Obair Dhian – Torthaí Maithe san Ardteist (Leagan 2)

Scannán

Mír

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint:

Féach ar bhosca 1 agus éist leis an gcur síos air dhá nó trí bhabhta. Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh, is leor eochairfhocail agus frásaí). Déan an méid atá scríofa agat a roinnt nó a phlé leis an duine in aice leat.

An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán? Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí:

Féach ar bhoscaí 2 agus 3. Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord:

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint:

Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6. Tá roinnt focal agus nathanna sa liosat thíos le cabhrú leat:

Déan iarracht focail, nathanna agus briathra eile a aimsiú ar focloir.ie.

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh:

Léigh an cur síos thíos ar an SP.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht:

Éist leis an gcur síos iomlán ar an SP. Breathnaigh ar an téacs ag an am céanna más maith leat.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá:

Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh) déanfaidh tú cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine ina aice leat. Ansin déanfaidh siad sin cur síos ar an trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

Cuir roinnt de na ceisteanna ar a chéile. Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta:

Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

Tá go leor nathanna cainte agus focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéil leis an duine in aice leat. Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa. Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte déan é a chuardach ar focloir.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

Scríobh cúpla faoi uair éigin gur tháinig tú i gcabhair ar dhuine éigin eile. Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid. Déan focail agus briathra nua a chuardach ar focloir.ie.

Nodanna agus Feidhmeanna Teanga:
Cuir síos a thabhairt ar an eachtra, mínigh cén chaoi a chabhraigh tú leis an duine. Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat. Arís is féidir tú féin a thaifeadh.

Gníomhaíocht 11 – Mír Seoigh!

Tá comhrá dáiríre ar siúl ag an mbeirt seo. Samhlaigh an comhrá sin agus scríobh síos é. Teanga: Déan cur síos, déan argóint, tóg taobh, bí ag gearán, tabhair míniú. Déan an méid a scríobh tú a roinnt leis an duine in aice leat.

image00

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


Obair Dhian: Torthaí Maithe san Ardteist.

Chuaigh Máire chun cainte leis an ngairmthreoraí. Mhínigh sí dó go raibh spéis aici cúrsa ceimice a dheanamh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Dúirt an gairmthreoraí go raibh ceithre chéad pointe CAO ag teastáil uaithi agus go gcaitheadh sí breis oibre a dhéanamh dá dteastódh uaithi an cúrsa sin a fháil. Chuir sé comhairle a leasa uirthi. Rinne Máire cinneadh obair na gcapall.

Cúpla lá ina dhiaidh sin chuir a cara Síle ceist uirthi teacht chuig dioscó in éineacht léi. Bhí fonn ar Mháire imeacht amach ach dúirt sí nach bhféadfadh sí mar go raibh go leor obair bhaile le déanamh aici. Tá buachaillí ag imirt cispheile sa chúlra.

Coicís ina dhiaidh sin, thug Micheál cuireadh di teacht chuig an bpictiúrlann leis. Scannán den chéad scoth a bhí ann, dar leis, agus bhí sé ar siúl ag a hocht a chlog sa Savoy. Bhí Máire idir dhá chomhairle. Chinn sí leanacht leis an obair.

D’oibrigh sí go dian dícheallach siar amach san oíche. Tar éis tamaill d’éirigh a hathair buartha fúithi. Dúirt an mháthair gur scoláire den chéad scoth í agus go mbeadh sí ceart go leor. Ní raibh ach cúpla mí fágtha agus idir an dá linn bheadh sí in ann a scíth a ligean ag na deirí seachtaine.

Tar éis tamaill, d’éirigh a hathair buartha fúithi. Dúirt an mháthair gur scoláire den chéad scoth í agus go mbeadh sí ceart go leor. Ní raibh ach cúpla mí fágtha agus idir an dá linn bheadh sí in ann a scíth a ligean ag na deirí seachtaine.

Sa deireadh thiar thall, tháinig na torthaí ardteiste amach. Fuair Máire ceithre chéad caoga pointe. Bhí áthas an domhain uirthi. Thréaslaigh a cairde léi. Dúirt siad go raibh luach a cuid saothair faighte aici. Ag deireadh an tsamhraidh, thug Máire aghaidh ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bhí sí ag tabhairt faoi chúrsa eolaíochta. Deireadh ré agus tús ré a bhí ann.

  1. Cé leis a bhfuil Máire ag caint i mbosca 1?
  2. Céard atá ar siúl sa chúlra i mbosca 2?
  3. An raibh Máire sásta sa Choláiste?
  4. An bhfuair éinne dá cairde áit in O.É.G?
  5. Meas tú an ndeachaigh sí amach ar chor ar bith i rith na bliana?