SRAITH PICTIÚR: Robáil Bhainc

Sraith Pictiúr na hArdteiste. Iniata chomh maith tá pacáiste gníomhaíochtaí bunaithe ar an tsraith

Físeán

Gníomhaíocht 1 – bí ag éisteacht, scríobh agus ag caint

  • Féach ar bhosca 1 san fhíseán thuas agus éist leis an gcur síos air dhá/trí bhabhta.

  • Déan iarracht an méid a chloiseann tú a scríobh síos. (Mura bhfuil tú in ann abairtí iomlána a scríobh is leor eochairfhocail agus frásaí).   

  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat. An bhfuil sibh in ann teacht ar an gcur síos iomlán?

  • Éist leis an gcur síos arís.

Gníomhaíocht 2 – líon na bearnaí

  • Féach ar bhoscaí 2 agus 3 san fhíseán.
  • Thíos tá cur síos ar bhoscaí 2 agus 3. Déan iarracht na bearnaí a líonadh.

  • Déan do chuid freagraí a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist arís leis an gcur síos ar bhoscaí 2 agus 3. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 3 – cuir in ord

Thíos tá cur síos ar bhoscaí 4 agus 5 ón bhfíseán, ach níl na habairtí san ord ceart. An féidir leat iad a chur san ord ceart?

  • Déan do fhreagra a roinnt/a phlé leis an duine in aice leat.
  • Éist leis an gcur síos ar bhoscaí 4 agus 5. An raibh an ceart agat?

Gníomhaíocht 4- bí ag scríobh agus ag caint

  • Déan iarracht cúig líne a scríobh ag déanamh cur síos ar bhosca 6 san fhíseán.
  • Tá roinnt focal/nathanna sa liosta thíos le cabhrú leat.
  • Déan iarracht focail/nathanna/briathra eile a aimsiú ar www.focloir.ie nó www.teanglann.ie.

 

Gníomhaíocht 5 – bí ag léamh

Léigh an cur síos thíos ar an tSraith Pictiúr.

Gníomhaíocht 6 – bí ag éisteacht

  • Éist leis an gcur síos iomlán ar an tSraith Pictiúr.
  • Ag an am céanna, más maith leat, breathnaigh ar théacs an fhíseáin, atá ag bun an leathanaigh seo.

Gníomhaíocht 7 – ciorcal comhrá

  • Ag úsáid na nótaí (ach gan a bheith á léamh), déan cur síos ar thrí cinn de na boscaí don duine in aice leat. Ansin déanfaidh sé sin cur síos ar na trí bhosca eile. Is féidir seo a dhéanamh cúpla uair le páirtnéirí difriúla.

  • Cuir roinnt de na ceisteanna, atá ag bun an leathanaigh seo, faoi ‘Ceisteanna don Idirghníomhaíocht’, ar a chéile.

  • Déan iarracht ceisteanna nua a chumadh.

Gníomhaíocht 8 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag déanamh cur síos ar an tSraith Pictiúr.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 9 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs thíos. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.

  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.

  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 10 – céard fút féin?

Scríobh comhrá a bheadh idir tú féin agus Garda tar éis duit a bheith i láthair eachtra choiriúil.

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga:
    Tabhair cur síos ar an eachtra, déan cur síos ar an iontas agus an eagla a bhí ort, abair nach cuimhin leat rud éigin.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

 


Robáil Bainc

(Téacs an fhíseáin)

1) An mhí seo caite bhí lá saor ón obair ag Síle.
Shuigh sí síos ar a sáimhín só agus bhí cupán caife aici.
Bheartaigh sí dul ag siopadóireacht i lár na cathrach.
Sheol sí téacs chuig a cara Máire féachaint an mbeadh spéis aici teacht ina teannta

2) Bhuaileadar lena chéile ag an stáisiún traenach uair an chloig ina dhiaidh sin.
Cheannaigh siad ticéad do Bhaile Átha Cliath ar Ardán 2.
Ní raibh duine ná deoraí ar an ardán seachas bean a bhí suite ar bhinse.
Níorbh fhada gur tháinig an traein.

3) Shroich siad lár na cathrach leathuair an chloig ina dhiaidh sin.
Shiúil siad chuig an spíce ar Shráid Uí Chonaill.
Bhí an áit dubh le daoine.
Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch.

4) Nuair a bhí siad ag siúl thar Bhanc na hÉireann rith beirt fhear amach as an mbanc ar luas lasrach.
Bhí púicíní orthu agus bhí gunnaí á n-iompar acu.
Bhí málaí airgid acu chomh maith.
Baineadh geit as na cailíní.
Bhéic siad in ard a gcinn is a ngutha.

5) I bpreabadh na súl bhí na Gardaí tagtha ar an láthair.
Scaoil na gadaithe urchair leo.
Bhí crith cos agus lámh ar na Gardaí ach chruinnigh siad a misneach agus rinne siad na robálaithe a ghabháil.
Rug siad greim an duine bháite orthu agus chuir siad isteach sa scuaidcharr iad.

6) Lig na cailíní osna faoisimh nuair a bhí an eachtra thart.
Ghabh an Garda buíochas leo as an méid a rinne siad.
Coicís ina dhiaidh sin tugadh na gadaithe os comhair na cúirte.
Ciontaíodh iad as an robáil agus eachtra lámhaigh.
Gearradh téarma príosúnachta deich mbliana orthu.

Ceisteanna don Idirghníomhaíocht:

  • Cad a bheartaíonn Síle a dhéanamh i mbosca 1?
  • Cén t-ardán atá luaite i mbosca 2?
  • Cá bhfuil na cailíní ag dul?
  • Cén banc atá i gceist?
  • Cé mhéad robálaí a bhí ann?