‘Sraith na gcúigí’ amárach againn sa PRO 12

Beidh sárchoimhlintí amárach againn agus Cúige Mumhan ag imirt in aghaidh Chúige Uladh agus Cúige Laighean ar an mBóthar Beag sa Ghaillimh

‘Sraith na gcúigí’ amárach againn sa PRO 12

Is ionann Babhta 20 den Pro 12 agus sraith na gcúigí agus ceithre fhoireann rugbaí as an tír seo ag tabhairt faoina chéile amárach. Ar pháirc Thuamhan a bheas na Muimhnigh (atá sa dara háit sa tsraith) ar a míle dícheall ag iarraidh a chinntiú nach mbeidh an lá leis na hUltaigh (4ú háit). Ní róshásta atá fir Bhéal Feirste agus drochthaispeántas tugtha uathu acuaguss iad ag imirt sa mbaile Dé hAoine seo caite i gcoinne Caerdydd (8ú háit). Ar comhscór a chríochnaigh an cluiche sin agus níor éirigh leis na hUltaigh ach dhá phointe a shlánú, toradh a fhágann faoi bhrú damanta anois iad agus iad i mbaol titim siar as an gceathrú háit agus gan ach trí chluiche fós le n-imirt acu i réamhbhabhtaí an Pro 12. 

Má thiteann siad áit níos ísle ná an ceathrú háit órga sin ní bheidh siad ag imirt sna cluichí leathcheannais. Bheadh caillteanas mór airgid i gceist gan trácht ar an díobháil a dhéanfadh sé do mheanma na foirne. Fágann sin nach mbeidh de rogha ag na hUltaigh ach an fhoireann is láidre acu a chur chun páirce amárach.

Is cinnte go mbeidh na Muimhnigh ag súil le sár-iarracht ó na cuairteoirí ach beidh imreoirí Rassie Erasmus ag iarraidh bua sa gcluiche seo lena chinntiú go bhfanfaidh siad sa dara háit ar an tábla, rud a chinnteodh gur ag imirt sa mbaile a bheidís sna babhtaí leathcheannais dóibh. Chomh maith leis sin beidh na Muimhnigh ag iarraidh chuile leas a bhaint as an gcluiche seo mar réiteach do chluiche leathcheannais Chorn na gCuradh a bheas á imirt acu faoi cheann seachtaine. Níl fáil ar Conor Murray don chluiche seo agus beidh na Muimhnigh ag súil thar aon rud eile go dtiocfaidh a gcuid imreoirí chéad rogha slán ó chluiche an tSathairn seo, is cuma cén toradh. Beidh siad ar fad ag teastáil uatha in aghaidh Saracens faoi cheann seachtaine. 

Ar an mBóthar Beag a bheas triall aLaighneach atá ag barr na sraithe  agus iadsan freisin ag réiteach do chluiche leathcheannas Chorn na gCuradh faoi cheann seachtaine. Ba cheart go mbeadh na Laighnigh róláidir do na Connachtaigh (7ú háit) ach ní bhíonn sé éasca ariamh fir an iarthair a chloí sa mbaile.  Cuir san áireamh freisin gurb é seo an 300ú cluiche á imirt ag John Muldoon dá chúige, agus tá bunchloch iontach againn do shárchoimhlint i staid a bheidh lán go béal. Ach an oiread leis na Muimhnigh beidh na Laighnigh ag súil le  gortuithe  a sheachaint agus dúshlán mór na bliana seo rompu sa Fhrainc an tseachtain seo chugainn.

Fág freagra ar '‘Sraith na gcúigí’ amárach againn sa PRO 12'