Sraith choiriúlachta lonnaithe i mBaile Átha Cliath ar nós na coda eile go léir 

Saothar ar nós na coda eile é ‘Redemption’ ar shlí ach éiríonn le Paula Malcomson an scéal a iompar

Sraith choiriúlachta lonnaithe i mBaile Átha Cliath ar nós na coda eile go léir 

I dtosach na sraithe coiriúlachta címid an póilín cnagaosta, tiufáilte Collette Cunningham (Paula Malcomson) sa tóir ar liúdramán de dhíoltóir drugaí. Canúint láidir Learphoill ag cur abhaile orainn cá bhfuilimid. I lár na heachtraíochta seo faigheann Collette glaoch ós na Gardaí i mBaile Átha Cliath maidir le bás mná a bhfuil Collette luaite mar neasghaol aici. 

Ní chuireann sí aon tsuim sa scéal á rá go mífhoighneach nach bhfuil aithne aici ar éinne sa gcathair sin agus nár leag sí cos féin sa gcathair le tuairim is tríocha bliain. Nuair a thugann an Garda cur síos ar chorp an té atá básaithe baintear geit uafásach aisti. Aithníonn sí an corp ón mball broinne ar an ngualainn; sí a hiníon atá ann, iníon nach bhfuil feicthe aici le fiche bliain.

Téann sí thar toinn go Baile Átha Cliath le cúram a dhéanamh dá hiníon bhásaithe, Stacey. Buaileann sí den chéad uair lena garmhac Liam (Evan O’Connor) agus a gariníon Abby (Cara Lockley). Insíonn na Gardaí di gur briseadh a hiníon as a post mar altra mar go raibh sí ag goid drugaí ón láthair oibre.

Táid in amhras gur féinmharú a bhí sa bhás. Tá a blianta mar thaithí sna póilíní ag cothú amhrais in Collette, áfach. Sin an tús a chuirtear leis an gcéad ghála den tsraith ceithre chlár (Redemption, Virgin Media, Dé Domhnaigh). 

Bogann an saothar ar aghaidh go mall, staidéartha. Níl aon deabhadh ar an meitheal léimt isteach sa chamastaíl agus sa choiriúlacht. Tá cuid mhaith de dírithe ar thionchar bhás na mná óige ar a muintir. Tugtar le fios dúinn gur rugadh Stacey agus Collette í féin an-óg agus gur fhág sí an tigh nuair a bhí sí seacht mbliana déag. Is cinnte go ndéanfar tuilleadh tochailte ar an ngaol agus na heachtraí seo sna gálaí atá le teacht. Níl aon trácht ar athair Stacey, gné eile a dhéanfar a chíoradh is dócha. 

Cor saghas áiféiseach sa scéal ná go bhfaigheann Collette aistriú sealadach ó sheirbhís phóilíneachta Learpholl chuig an Garda Síochána gan mórán moille nó achrainn. Vae léi ansin ar an bpointe boise ag fiosrú eachtra drugaí i bpríosún sa gcathair. Tá a fhios againn, áfach go dtosóidh sí ag fiosrú bás Stacey agus go bhfuil uisce fé thalamh i gceist. 

Sí bean Bhéal Feirste, Paula Malcomson a dhéanann an saothar a iompar; aisteoir cumasach a bhfuil cáil uirthi de bharr a taispeántais in Ray Donovan agus Deadwood. Bean thiufáilte a bhí cráite ag an gcoimhthíos lena hiníon agus atá anois suaite de bharr a báis. Beidh sí coráistiúil, cumasach i mbun fiosrúcháin.

Tá O’Connor agus Lockley go maith i mbun a gcúraim agus beidh sé suimiúil cá rachfar lena scéalta siúd. Tá foireann bhreá aisteoirí bailithe timpeall orthu agus tá cuma bhreá ar Bhaile Átha Cliath. Déantar iarracht fónta réalachas a bheith sa chás beag a bhíonn Collette a fhiosrú. 

Saothar coiriúlachta ar nós na coda eile ar shlí ach bronnann Malcomson a mhaitheasaí féin ar an saothar seo. 

Fág freagra ar 'Sraith choiriúlachta lonnaithe i mBaile Átha Cliath ar nós na coda eile go léir '