‘Sonas trí sheans’ ag Comórtas Peile na Gaeltachta

Ní bheadh aon stró orm a inseacht duit cén chaoi a mbainfeá amach páirceanna imeartha na 24 club a d’eagraigh é ó buaileadh an chéad chic ar an liathróid i Machaire Gathlán i 1969

‘Sonas trí sheans’ ag Comórtas Peile na Gaeltachta

Heureux Hasard’ an leagan atá ag an bhFrancach air deirtear liom agus ‘Sonas Trí Sheans’ an t-aistriú is gaire dó sin. Inár dteanga féin feicim ‘cor dea-chinniúna’ mar leagan ar a leithéid i gceann de na foclóirí. Fearacht go leor eile mar é, bheifeá den bharúil gur téarma é a ceapadh ag cruinniú ach nár chualathas as béal duine ariamh.

Ar aon nós ag cuimhneamh ar an deireadh seachtaine atá ann agus Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl i gCill na Martra, nach mba thráthúil an rud é go mba é Antóin de Baróid an duine ba thúisce a chas dom agus mé ar mo bhealach amach as Teach an Phobail i mBóthar na Trá Dé Domhnaigh seo caite – (‘comhtharlú, de réir bhreith an chruinnithe!).

Bhí Antóin ar ndóigh ar dhuine díobh siúd a chuir An Síol sa Sneachta, mar a thug Seán Mac an tSíthigh ar an leabhar a chuir sé in eagar do Chumann Caide na Gaeltachta nuair a reáchtáil siadsan an comórtas in 2019, ócáid cheiliúrtha iubhaile leathchéad bliain an chomórtais.

Faraor, bhí práinn ormsa agus ar Antóin. Mura mbeadh féin, ní mó ná go raibh an áit ina raibh muid thar a bheith feiliúnach do chomhrá fada. Chroith muid lámh lena chéile agus gheall gur mar a bhí ag an bPaorach a bheadh ag an mbeirt againne. In áras de chineál eile a tharlódh sin freisin gan amhras.

In imeacht na mblianta tá na céadta cluiche de chuid an Chomórtais Peile feicthe agam. Fágann an ceo atá tagtha ar mo chuimhne le linn an achair go bhfuil cuid acu níos faide siar ann ná a chéile. Fós ní bheadh aon stró orm a inseacht duit cén chaoi a mbainfeá amach páirceanna imeartha na 24 club a d’eagraigh é ó buaileadh an chéad chic ar an liathróid i Machaire Gathlán i 1969.

Cé go bhfuil sé os cionn scór bliain ó sheas mé ann, b’fhurasta dom comhairle a chur ort faoin mbealach a thógfá le dul chuig Inse na Toinne, áit a bhfuil a gceannáras ag Piarsaigh na Dromad. Ba dhóbair nár ith na míoltóga beo beathach muid ansiúd in 2001. Deargbhréagadóir a bhí ar an té a bhaist ‘míoltóga beaga orthu’. Ach iad a bheith leathbhruite, bhainfeadh beirt treabhadóirí cothú astu.

I mo shuí anseo dom, samhlaím na radharcanna áille atá le feiceáil síos uait ar Pháirc Tamhnaigh i gCill Chárthaigh agus ar Pháirc na nGael i nGleann Cholmcille.

Agus púicín orm, dhéanfainn duine a threorú go Gallaras, An Portach Rua, Páirc Naomh Fionnán, Páirc Uí Shíocháin, Machaire Gathlán, Páirc Naomh Muire ar bhruach Loch Measca, Páirc na nDúnaibh le hais Chuan na gCaorach agus gach a bhfuil acu ann.

Ainneoin a bhfuil ligthe i ndearmad de réir a chéile, ní bheadh aon amhras orm faoin gcoimhlint ab fhearr a chonaic mé as na cúpla céad cluiche sin.

Ar Pháirc Uí Chuana i gCill na Martra, áit a mbeidh cluichí ceannais an lae amárach ar siúl, a chonaic mé an cluiche sin – ceann ina rabhthas taobh le dhá thréimhse den am breise sular bhuaigh Naomh Abán, Baile Bhuirne, ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne i mbabhta leathcheannais in 2005.

Gob ar ghob, buille ar bhuille, cionn sa gcionn – bíodh do rogha agat. Bhí os cionn dhá uair an chloig caite ar an bpáirc ag na himreoirí faoin am ar scóráladh an cúilín a thug an bua do na Corcaígh.

Lá arna mhárach sa mbabhta ceannais bhuaigh siad ar Ghaoth Dobhair 1-6, 0-8. Mar a thugann an toradh deireanach le fios, ba chluiche é seo a raibh stró agus anó ag baint le chuile scór. Ba as seacht gcic saor a tháinig na scóranna a d’fhág na Conallaigh ceann chun cinn ag leath ama. Bhíodar cothrom arís nuair a tháinig buille na cinniúna sna nóiméid dheireanacha – urchar de chuid Antaine Uí Loingsigh a bhuail an trasnán agus bhí Dara Ó Súilleabháin ar an láthair lena ropadh san eangach.

B’in an t-ochtú Craobh Shinsir ag Naomh Abán i gComórtas nach bhfuil buaite acu ó shin.

An scéal sin freisin atá le n-inseacht ag Lios Póil a bhuaigh an Chraobh Shóisir. Ar Chill Chomáin Mhaigh Eo a bhuaigh siadsan sa gcluiche ceannais (1-11,1-8). Bhí an bheirt chúl báire, Tadhg Ó Brosnacháin agus Pádraig Ó Máille, thar barr agus tábhacht as cuimse leis an gcúl a scóráil Breandán Ó Deargáin do na buaiteoirí ag tús an dara leath.

B’in an lá ar osclaíodh Ardán Uí Shíocháin – ainmnithe in ómós do Sheán Ó Síocháin a bhí ina Ardstiúrthóir ar CLG idir 1964 agus 1979 agus a rugadh i bhfoisceacht scread asail do Pháirc Uí Chuana.

I bhfianaise an ábhair atá inniu agam, ní bheadh sé ceart agam an deis a scaoileadh tharam gan comhbhrón a dhéanamh le muintir Sheáin Uí Chróinín as Baile Bhuirne a cuireadh i gcré na cille an tseachtain seo caite. Crann taca do Chomórtas Peile na Gaeltachta, do chlub a cheantair dhúchais, dá pharóiste agus go deimhin don saol Gaelach fré chéile ab ea Seán. Trócaire Dé air.

Seán Ó Cróinín, Naomh Abán

Fág freagra ar '‘Sonas trí sheans’ ag Comórtas Peile na Gaeltachta'