Sonas saoil geallta ag foirmle nua – Splanc Áthais!

Ná lig do ghaolta ná do chuimhní cinn srian a chur ort fáil réidh leis na nithe sin ar fad i do shaol nach gcuireann áthas láithreach ar do chroí a deir Marie Kondo, saineolaí stíl mhaireachtála a bhfuil na milliúin de lucht leanúna aici ar fud an domhain

Sonas saoil geallta ag foirmle nua – Splanc Áthais!

Marie Kondo

An dtagann gliondar beag ar do chroí nó an mbuailtear thú le ‘splanc áthais’ nuair a fhéachann tú ar an éadach a bheas á chaitheamh agat ar maidin? Mura dtarlaíonn sin, níl ach leigheas amháin ar an scéal; buíochas a ghabháil leis an éadach sin as ucht na seirbhíse a thug sé duit roimhe seo agus fáil réidh leis láithreach. 

Sin an chomhairle atá tugtha ag an guru is deireanaí atá tagtha chun cinn sa réimse seo agus a bhfuil na milliúin de lucht leanúna bailithe aici in achar an-ghairid ama.

Ón tSeapáin ó dhúchas í Marie Kondo atá 31 bhliain d’aois. Cé go bhfuil sí ar bheagán Béarla tá ceithre mhilliún cóip díolta den chéad leabhar a scríobh sí sa teanga sin, The Life Changing Magic of Tidying Up.  Tá an saothar sin agus an dara leabhar uaithi Spark Joy: An Illustrated Guide to the Japanese Art of Tidying ar uimhreacha 1 agus 2 i liosta na leabhar is mó díol faoi láthair sa New York Times; roghnaigh Time Magazine í le cur ar an liosta is deireanaí den 100 duine is mó tionchair ar domhan i dteannta le Barack Obama agus an Pápa Proinsias. Tá ceadúnais díolta aici a cuid leabhar a aistriú go 40 teanga agus tá éileamh mór uirthi féin mar aoichainteoir ag ócáidí ar fud an domhain.

Tá ailt faoin mbean óg agus tuairiscí ar a cuid tuairimí foilsithe i nuachtáin agus i bhfoilseacháin mhóra idirnáisiúnta le gairid, ina measc, The New York Times, The Sydney Morning Herald, The South China Morning Post, The Guardian, the Telegraph, The Financial Times, The Economist agus mórán eile. 

Baineann a cuid saineolais leis an mbealach ar cheart dúinn ar fad, dar léi, ord agus eagar a chur ar na nithe sin a bhailíonn muid agus a gcoinníonn muid inar seilbh – éadach, leabhair, ceol, agus mar sin de. Níl aon ghá againn, a deir sí, leis an tranglam de nithe a mbíonn ár gcuid seomraí agus ár saol rólíonta leo agus ba cheart dúinn rogha chiallmhar, chúramach a dhéanamh scaradh leis an chuid is mó acu.  Deirtear go bhféadfadh suas le 300,000 ‘rud’ a bheith faoi dhíon an tí ag duine i Meiriceá, cruthú go mbíonn an iomarca nithe á gcarnadh againn.

An ‘KonMari Method’ a thugtar ar an gcóras stíl mhaireachtála a mholann Marie Kondo. I gcroílár an chórais sin tá an coincheap gur cheart do dhaoine fáil réidh le gach ní ina dtimpeall nach spreagann ‘splanc áthais’ iontu an nóiméad a leagann siad súil orthu. Caitear an iomarca ama agus dua ag cruinniú agus stóráil nithe nach mbainfear úsáid go deo arís astu agus deirtear gur sláintiúla agus gur sona an saol a bheadh ag duine ach cinneadh a dhéanamh gan nithe mar sin a choinneáil níos faide. Bheadh eagar agus slacht nua ar a saol acu agus iad i bhfad níos sásta.

Deir Maire Kondo i réamhrá a céad leabhair nach rialacha eagair agus smachta amháin atá i gceist sa chóras aici ach gur treoir é ‘to acquiring the right mindset for creating order and becoming a tidy person’. Tá an dearcadh aici níos doimhne ná sin; ‘To truly cherish the things that are important to you, you must discard those that have outlived their purpose,’ a deir sí. ‘To get rid of what you no longer need is neither wasteful nor shameful’.

Bhí suim ag Marie Kondo in ord agus eagar a chur ar gach rud ina timpeall ó bhí sí cúig bliana d’aois. Faoin am go raibh sí 19 mbliana bhí gnó rathúil bunaithe aici ag cur comhairle ar dhaoine faoina gcuid tithe a fholmhú agus gan ach na rudaí sin a bhí riachtanach agus a thug ‘splanc áthais’ dóibh a choinneáil. Tá tréimhse feithimh de thrí mhí i gceist anois do dhaoine le coinne a fháil léi le go roinnfidh sí a comhairle leo. Is de bharr fhaid an liosta feithimh sin a spreagadh í a cuid leabhar a scríobh.

Deir sí gur cheart tabhairt faoin obair ghlantacháin a theastaíonn le nithe a dhíbirt ónar saol ar bhealach eagraithe – rannóg amháin d’ábhair a dhéanamh ag an am (mar shampla, éadach, pictiúir, etc.) seachas a bheith á dhéanamh seomra amháin ag an am. ‘Don’t let relatives or nostalgia cloud your judgement about what ought to be binned,’ a deir sí. Ná bíodh leabharlann agat ach coinnigh leabhair an-speisialta atá tábhachtach duit a mholann sí, mar shampla. Má tá leabhar agat a bhfuil rún agat é a léamh ‘amach anseo’ faigh réidh leis anois; ní léifidh tú go deo é! Molann sí meas a léiriú ar na nithe sin a roghnaíonn duine le coinneáil agus tá bealaí speisialta aici le baill éadaigh a fhilleadh lena gcoinneáil ‘le h-ómós agus le buíochas’.

Dúirt scríbhneoir amháin sa Guardian nach ag magadh ar fad a bhí sí nuair a dúirt sí go mbeadh an uair a bhfaca sí Marie Kondo ag míniú do shlua i seomra i Nua Eabhrac an bealach le t-léine a fhilleadh i measc na gcuimhní cinn a bheadh le roinnt aici le clann a clainne. Luaigh sí é i gcomhthéacs an té a chuimhneodh ar an uair gur chuala siad Pavarotti ar ardán nó go bhfaca siad Beckham ag scóráil cúil, le titim balla Berlin nó le saoradh Nelson Mandela as príosún!

B’fhéidir gurbh é an comhartha is mó go bhfuil seasamh ag Marie Kondo i measc aicme áirithe daoine ná go bhfuil leabhair eile foilsithe mar aoir ag déanamh scigmhagadh fúithi: Sarah Knight a scríobh an saothar nua seo dar teideal The Life-Changing Magic of Not Giving A F*ck.

Fág freagra ar 'Sonas saoil geallta ag foirmle nua – Splanc Áthais!'