Solskjaer suairc, Klopp duairc agus malairt scéil ag Liverpool agus Manchester United le tamall

Casfaidh Liverpool agus Manchester United ar a chéile in Anfield tráthnóna i gcluiche cinniúnach i bPríomhroinn Shasana

Solskjaer suairc, Klopp duairc agus malairt scéil ag Liverpool agus Manchester United le tamall

Tá beagnach bliain ann ó chas Liverpool agus Manchester United ar a chéile in Anfield i gcluiche cinniúnach i bPríomhroinn Shasana. An 19 Eanáir 2020, bhuaigh Liverpool 2-0 ar a gcéilí comhraic agus thug foireann Jurgen Klopp céim mhór chun cinn agus iad ag iarraidh an tsraith a bhuachan den chéad uair ó 1990.

Is mór an t-athrú atá tagtha ar an scéal ó shin i leith.

Casfaidh na foirne ar a chéile in Anfield arís tráthnóna ach is iad fir Liverpool atá ag iarraidh coinneáil le United, atá trí phointe chun cinn orthu ar bharr na sraithe.
Dá ndéarfá le duine bliain ó shin go mbeadh United chun tosaigh ar gach foireann eile an tráth seo bliana, is beag duine a chreidfeadh é.

Nuair a bhuaigh Liverpool an cluiche sin mí Eanáir na bliana seo caite, bhí siad 30 pointe chun tosaigh ar a sean-naimhde. Bhí United ag streachailt agus cheap a lán go raibh a sheal beagnach tugtha mar bhainisteoir ag Ole Gunnar Solskjaer.

D’éirigh le Solskjaer dul chun cinn ina dhiaidh sin, a bhuíochas do Bruno Fernandes den chuid is mó. Chruthaigh an Portaingéalach thar cionn ó cheannaigh United é an mhí sin.

Ach bhí fadhbanna arís ag United ag tús an tséasúir nua. Níor bhuaigh siad ach ceann de na chéad sé chluiche a bhí acu sa bhaile agus náiríodh iad nuair a bhuaigh Tottenham agus iarbhainisteoir United, José Mourinho, orthu 6-1 in Old Trafford mí Dheireadh Fómhair.

Cáineadh Solskjaer arís ina dhiaidh sin nuair a díbríodh United ó Sraith na gCuradh ach tá teacht aniar den scoth déanta ag an bhfoireann ó shin.

Níl cluiche caillte acu sa tsraith ó thús mhí na Samhna agus nuair a bhuaigh siad ar Burnley Dé Máirt seo caite, bhain siad áit amach ar bharr an tábla.

Tá dúshlán ar leith rompu tráthnóna agus iad ag iarraidh Liverpool a bhualadh in Anfield, rud nach bhfuil déanta ag aon fhoireann eile sa Phríomhroinn le beagnach ceithre bliana anuas. Cúis dóchais amháin ag United ná a gcumas agus iad ag imirt as baile.

Níl cluiche as baile caillte acu sa Phríomhroinn go dtí seo in 2020-21. Cé go raibh siad chun deiridh in aghaidh Brighton, Newcastle United, Everton, Southampton, West Ham agus Sheffield United, bhuaigh siad gach ceann de na cluichí as baile sin.

Fainic amháin a chuirfinn leis sin ná nach bhfuil na foirne is fearr sa tsraith imeartha acu as baile go fóill. Caithfidh siad Liverpool, Arsenal, Chelsea, Manchester City, agus Tottenham a imirt as baile sna míonna amach romhainn.

Cúis dhóchais eile atá ag imreoirí agus lucht tacaíochta United tráthnóna ná an drochbhail atá ar Liverpool le mí anuas. Ó bhuaigh siad 7-0 in aghaidh Crystal Palace ar an 19 Nollaig, tá cluichí sraithe imeartha ag Liverpool in aghaidh West Brom, Newcastle United agus Southampton ach theip orthu aon cheann acu a bhuachan.

Níor bhain siad an sprioc amach ach le seacht n-iarracht ar fad sna trí chluiche sin agus níor scóráil siad ar chor ar bith sa dá chluiche sraithe is deireanaí a bhí acu in aghaidh Newcastle agus Southampton.

Ní raibh aon rian den mheon gealgháireach a bhíodh ag bainisteoir na foirne Jurgen Klopp le feiceáil le linn na tréimhse sin ach oiread.

Agus tionchar an Covid-19 le feiceáil ar an tsraith an séasúr seo, tá iarracht déanta cluichí a bhrú le chéile agus bíonn níos lú ama ag foirne le teacht chucu féin ná mar a bhíodh.

Tá an chuma ar Liverpool go bhfuil sé seo ag cur isteach orthu níos mó ná mar atá ar fhoirne eile de bharr stíl fhuinniúil a gcuid imeartha. Chonacthas Klopp ag argóint le hiriseoirí mí na Samhna agus é míshásta le sceideal na gcluichí agus bhí achrann idir é agus bainisteoir Sheffield United an tráth sin chomh maith.

Bhí sé ag tabhairt amach le gairid faoi líon na gciceanna éirice atá á mbronnadh ar Manchester United le cúpla bliain agus é den tuairim nach bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt dá fhoireann féin.

Is fada é ón bplámás uile a bhíodh ag Klopp le roinnt blianta anuas agus léiríonn sé an míshonas atá air na laethanta seo.

Ní hé sin le rá go bhfuil rudaí tite as a chéile ar fad don Ghearmánach agus do Liverpool. Má bhuann Liverpool tráthnóna beidh siad ar ais ar bharr na sraithe.

Cé go raibh mí-ádh ceart orthu ó thaobh na ngortuithe a bhain do chosantóirí na foirne i mbliana, tá imreoirí den scoth go fóill ag Liverpool agus má éiríonn le Mo Salah, Sadio Mané agus Roberto Firmino a bheith i mbarr a maitheasa arís, bheadh sé deacair iad a stopadh.

Cluiche mór é gach cluiche idir Liverpool agus Manchester United agus is amhlaidh a chuireann na scéalta éagsúla a bhí ag an dá fhoireann le roinnt seachtainí anuas le coimhlint an lae inniu.

Má éiríonn le Liverpool, beidh tréimhse dheacair curtha díobh acu agus tiocfaidh borradh fúthu agus iad ag iarraidh an tsraith a thabhairt leo don dara bliain as a chéile.

Má bhuann United, cuirfidh sé go mór leis an obair atá déanta ag Solskjaer agus beifear ag tnúth go mbeidh siad in ann ar a laghad iarracht mhaith a thabhairt faoin bPríomhroinn i mbliana.

Fiú má bhíonn comhscór ann, mar a tharlaíonn go minic nuair a bhíonn caint mhór faoi chluiche mar seo, ní hé deireadh an domhain a bheadh ann do cheachtar foireann. Ach is cinnte gurb iad United is sásta a bheadh agus lá eile acu ag barr na sraithe.

Fág freagra ar 'Solskjaer suairc, Klopp duairc agus malairt scéil ag Liverpool agus Manchester United le tamall'