‘Soiléiriú’ le tabhairt do na coláistí samhraidh ‘chomh luath agus is féidir’

Cuireann Roinn na Gaeltachta os cionn €4 milliún ar fáil do na coláistí samhraidh gach bliain agus meastar go n-íocann na coláistí ar a laghad an méid céanna leis an 700 teaghlach a chuireann lóistín ar fáil do scoláirí

‘Soiléiriú’ le tabhairt do na coláistí samhraidh ‘chomh luath agus is féidir’

Tabharfar “soiléiriú” do na coláistí samhraidh faoina bhfuil i ndán dá gcúrsaí sna míonna amach romhainn “chomh luath agus is féidir”.

Thug urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta an méid sin le fios do Tuairisc.ie inné agus dúradh go bhfuiltear ag obair “i gcomhar leis na páirtithe leasmhara eile” chun an earnáil a chosaint.

Tá amhras ann an mbeidh na coláistí samhraidh in ann cúrsaí a reáchtáil i mbliana de bharr na géarchéime Covid-19 agus imní ann faoin gcaillteanas mór airgid a bheadh ann do mhuintir na Gaeltachta dá dtarlódh a leithéid.

Beidh cruinniú ag ofigigh na Roinne le hAire Stáit na Gaeltachta, an Seanadóir Seán Kyne, le Concos inniu chun cúrsaí a phlé.

Meastar gur fiú earnáil na gcoláistí samhraidh suas le €50m sa bhliain do gheilleagar na Gaeltachta.

Sa ráiteas a chuir Roinn na Gaeltachta ar fáil do Tuairisc.ie, dúradh go n-aithníonn siad “luach agus tábhacht” na gcoláistí don teanga agus do phobal agus do gheilleagar na Gaeltachta.

Dúradh go raibh “tréimhse neamhghnách, éiginnte agus dúshlánach atá romhainn ar fad” agus go bhfuil an Roinn ag obair ar shoiléiriú a thabhairt faoina bhfuil i ndán do na coláistí samhraidh agus ar dheireadh a chur leis an éiginnteacht.

“Tá oifigigh na Roinne ag obair i gcomhar leis na húdaráis sláinte, le Ranna Rialtais eile, leis na Coláistí Gaeilge/CONCOS agus le páirtithe leasmhara eile chun dul i ngleic leis na ceisteanna sonracha a bhaineann le hearnáil na gColáistí Gaeilge a chosaint i gcomhthéacs a bhfuil ag tarlú go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta mar a bhaineann le Covid-19.

“Beidh an Roinn i dteagmháil leis na páirtithe leasmhara chun soiléireacht agus cinnteacht a thabhairt dóibh ar na ceisteanna seo chomh luath agus is féidir, faoi réir chomhairle na n-údarás sláinte agus i gcomhar le beartas iomlán an Rialtais i leith na paindéime COVID-19.”

Fianna Fáil ag éileamh go gcuirfí ciste tacaíochta ar fáil do choláistí samhraidh agus tá sé ráite ag Conradh na Gaeilge go ndéanfar “dochar as cuimse” don Ghaeltacht d’uireasa na gcúrsaí samhraidh.

Freastalaíonn os cionn 26,000 scoláire ar choláistí samhraidh na Gaeltachta gach bliain. Cuireann an Roinn os cionn €4 milliún ar fáil dóibh in aghaidh na bliana faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus meastar go n-íocann na coláistí ar a laghad an méid céanna leis an 700 teaghlach a chuireann lóistín ar fáil.

Tá cinneadh glactha cheana féin ag ceann de na coláistí samhraidh is aitheanta agus is rathúla sa tír, Coláiste Lurgan, in Indreabhán i gConamara, cúrsaí na bliana seo a chur ar ceal de bharr an choróinvíris. 


Dúirt Mícheál Ó Foighil, bainisteoir Choláiste Lurgan, nach mbeadh na cúrsaí Gaeilge á reáchtáil i mbliana toisc go mbeadh srianta fós i bhfeidhm. 

“Tá siad ag teacht as lockdown sa tSín ach níl scoileanna, níl ollscoileanna agus níl crecheannaí, níl siad ar oscailt fós,” a dúirt Ó Foighil. Dúirt sé gur “ar mhaithe le folláine agus sláinte” a chinn Coláiste Lurgan na cúrsaí a chur ar ceal i mbliana.

Fág freagra ar '‘Soiléiriú’ le tabhairt do na coláistí samhraidh ‘chomh luath agus is féidir’'