‘So realistic, it’s insane!’ – reicneolaíocht nua le do bhéaldath a roghnú

Tá deis curtha ar fáil ag YouTube le ‘réaltacht bhreisithe’ a úsáid le béaldath a roghnú

‘So realistic, it’s insane!’ – reicneolaíocht nua le do bhéaldath a roghnú

Nuair a bhíodh duine ag ceannach béaldath nua go dtí seo ní raibh de rogha agat leis an dath a thástáil ach stríoc a chur ar chúl do láimhe. Go deimhin, ba dheacair a shamhlú ón stríoc sin cén chaoi a mbreathnódh an béaldath sin ar do bheola nó an mbeadh sé ag teacht leis an smideadh ar d’aghaidh nó le dath an éadaigh a bheadh ort.

Ach, a bhuíochas don teicneolaíocht, tá deis nua tagtha chun cinn le gairid a ligeann duit an béaldath a fheiceáil ar do liopaí féin.

YouTube, an t-ardán físeán is mó ar domhan a d’fhorbair an córas nua seo agus leas á bhaint acu as an teicneolaíocht ar a dtugtar ‘réaltacht bhreisithe’ (augmented reality nó AR).

Go bunúsach, breathnaíonn tú ar fhíseán ar aip YouTube agus láithreoir aitheanta ag cur roghanna éagsúla de bhéaldathanna uirthi féin. Má bhrúnn tú an cnaipe gorm ‘Try it on’ i gcúinne íochtarach an scáileáin ar an aip ar d’fhón cliste feicfidh tú d’aghaidh féin i bhfíseán agus an béaldath sin ar do liopaí. Is féidir leat na dathanna éagsúla a thriail ort féin agus tá an teicneolaíocht chomh foirfe sin go gceapfá cinnte gur ar do bheola féin atá an dath.

Seo an nasc chuig an chéad fhíseán den chineál seo ar YouTube. 

Sa bhfíseán seo, atá urraithe ag MCA Cosmetics, tá an YouTuber, Roxetta Arisa, i mbun léirmheasa ar bhailiúchán béaldathanna nua ag MAC ar a dtugtar ‘Love Me Lipsticks’. 

Is féidir leat an rogha iomlán de na dathanna atá sa mbailiúchán a thriail ort féin trí chliceáil ar an gcnaipe ‘Try it on’. Nuair a bhrúitear an cnaipe sin, athraíonn an scáileán ar d’fhón go scáileán roinnte. Feicfidh tú físeán Roxetta in uachtar agus d’éadan féin faoina bhun sin.

Ar ndóigh, níl anseo ach uirlis bhreise mhargaíochta ach is ceann an-éifeachtach agus an-úsáideach é. Beidh tuairim mhaith agat an bhfeileann dath áirithe duit féin sula gcuireann tú do lámh i do phóca. Go bunúsach, is fógraíocht idirghníomhach atá ann.

Tá lucht díolta smididh ag bogadh i dtreo na bhfíseán ar YouTube le tamall agus ag caitheamh airgid ansin ar YouTubers mar ‘lucht tionchair’ mar mhalairt ar airgead mór a chaitheamh ar fhógraí sna hirisí gleoite faisin nó ar chláir mhóra fógraíochta.

Ón taighde a rinne YouTube sular sheol siad ‘Try It On’, thug siad le fios gur bhain 30% de na daoine a bhreathnaigh ar an bhfíseán úsáid as an deis nua seo agus gur chaith na daoine sin ar an meán 80 soicind ag baint triail as na béaldathanna éagsúla.

Tá an deis chéanna a úsáid anois ag comhlachtaí eile smididh. Seo an nasc chuig an bhfíseán ag NARS. Tá míniú tugtha ag an láithreoir, Estée Lalonde, ar an mbealach a n-oibríonn an córas ag 0.50” sa bhfíseán. Deir sí nach haon teicneolaí í féin agus go bhfuil an deis nua seo ‘so realistic, it’s insane!’.

Tá iarracht déanta le tamall anuas ag comhlachtaí eile ar nós Facebook, Snapchat, Sephora, Ulta agus Specsavers le húsáid a bhaint as teicneolaíocht na réaltachta breisithe (AR) ach is cosúil go bhfuil iarracht YouTube níos fearr faoi láthair. Is buntáiste mór don ardán físeán é go bhfuil pobal mór físbhlagálaithe acu cheana féin ar suim leo cúrsaí smididh.

De réir mar a forbróidh an teicneolaíocht seo is cosúil nach mbeidh orainn an teach a fhágáil ar chor ar bith le táirgí agus earraí nua a thástáil sula n-ordóidh muid ar líne iad.

Beimid ag maireachtáil i ndomhan na réaltachta breisithe.

Fág freagra ar '‘So realistic, it’s insane!’ – reicneolaíocht nua le do bhéaldath a roghnú'