Smidiríní an ghrá in Iarsmalann na gCaidreamh Briste

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Agus é ar thuras Interrail timpeall na hEorpa, tharla ár gcolúnaí ar iarsmalann thar a bheith neamhghnách i gcathair Zagreb sa Chróit

Smidiríní an ghrá in Iarsmalann na gCaidreamh Briste

‘Mhair an rud 300 lá rófhada. Thug sé a ghuthán póca dom ionas nach dtiocfadh liom glaoch air níos mó.’

Bhí an téacs sin – píosa splancfhicsin den scoth – ar chárta in aice le bosca gloine agus seanghuthán Nokia ann.

Foirfe.

Má bhíonn tú i gcathair Zagreb riamh agus má bhíonn €7 le spáráil agat, gabh isteach in Iarsmalann na gCaidreamh Briste.

Is ea, níl mé ag magadh, tá a leithéid ann.

Go deimhin bronnadh gradam uirthi roinnt blianta ó shin as a bheith ar an iarsmalann is nuálaí san Eoraip agus meallann sí os cionn 100,000 cuairteoir in aghaidh na bliana.

Caidreamh briste idir beirt ealaíontóirí ón gCróit, an scannánaí Olinka Vištica agus an dealbhóir Dražen Grubišić, a spreag an iarsmalann an chéad lá riamh – stuif acu nár theastaigh ó cheachtar acu a choinneáil ach nach raibh sé de chroí acu a chaitheamh amach ach oiread. Ag tarraingt ar scór blianta ó shin chuir siad smidiríní a gcaidrimh bhriste féin ar taispeáint agus inniu tugann a n-iarsmalann deis do dhaoine ón domhan ar fad a leithéidí de chuimhneacháin a bhronnadh ar an músaem le go gcuirfear ar taispeáint iad.

Mar a bheadh deasghnáth ann.

“Tugtar aitheantas inár gcuid sochaithe do bhainiseacha, do shochraidí, do shearmanais bhronnta céimeanna agus a leithéidí, ach diúltaítear dúinn searmanas a mharcálfadh go foirmeálta deireadh caidrimh,” a mhíníonn téacs ag an mbealach isteach don chuairteoir.

Mar scríbhneoir, is go rímhaith a thuigim an fheidhm ó thaobh na teiripe a bhaineann leis an gcruthaitheacht. Is iomaí saothar ficsin a scríobh mé féin d’fhonn comóradh de chineál éigin a dhéanamh ar chaidreamh nár mhair. Tugann an scríbhneoireacht (agus an tsíoreagarthóireacht a leanann an chéad dréacht) deis duit dul siar arís is arís ar ar tharla, rud b’fhéidir nár mhaith leat a dhéanamh ar dtús, ach le himeacht na mblianta tiocfaidh tú ar thuiscintí agus ar léargais nua – fút féin chomh maith – agus sa deireadh beidh do scéal idir dhá chlúdach agat agus beidh tú in ann é a dhúnadh.

Ach beidh daoine eile in ann é a léamh.

Agus sin í, seans, an phríomhchúis a scríobhann scríbhneoirí faoina gcroí briste, agus an phríomhchúis a mbeadh fonn ar dhaoine nach scríbhneoirí iad, b’fhéidir, cuimhneacháin ó chaidrimh nár mhair a bhronnadh ar Iarsmalann na gCaidreamh Briste. Píosa de cháca bainise a coinníodh i gcuisneoir ar feadh nach mór dhá scór bliain, mar shampla, agus a cuireadh ar taispeáint i gcuisneoir beag bídeach.

Agus mé ag siúl timpeall na hiarsmalainne, ag breathnú ar na cuimhneacháin éagsúla agus ag léamh na scéalta a bhain leo, is minic a mhothaigh mé mar a bheadh gliúcaí ionam, mo shrón á cur isteach agam i ngnóthaí daoine nach raibh aithne dá laghad agam orthu.

Ach nach é sin go díreach an fáth ar bhronn na daoine sin a gcuid stuif ar an iarsmalann?

Nach é sin go díreach an fáth a scríobhann scríbhneoirí leabhair?

Ní gliúcaí an téarma ceart, ach finné.

Tá finnéithe uainn ar fad. Daoine a déarfadh leat: chonaic mé thú. Bhí tú ann. Tháinig tú tríd.

Fág freagra ar 'Smidiríní an ghrá in Iarsmalann na gCaidreamh Briste'