Smaointe á lorg d’fhadscannáin Ghaeilge

Is é ‘Doineann’, fadscannán Gaeilge a seoladh ag Fleadh Scannán na Gaillimhe le déanaí, an chéad scannán a rinneadh faoin scéim ‘Gealán’

Smaointe á lorg d’fhadscannáin Ghaeilge

Tá dhá chiste airgid ar fáil d’fhorbairt fadscannán Gaeilge faoi scéim de chuid an Chiste Craoltóireachta ó thuaidh.

Is é Doineann, fadscannán a seoladh ag Fleadh Scannán na Gaillimhe le déanaí, an chéad scannán a rinneadh faoin scéim ‘Gealán’.

Is é aidhm na scéime tacú le hearnáil drámaíochta na Gaeilge sa tuaisceart agus ábhar siamsúil a léiriú.

Smaointe do dhráma “i gcomhthéacs nádúrtha ina mbeadh Gaeilge á labhairt” agus a bheadh “tarraingteach” ag an phobal “náisiúnta agus idirnáisiúnta” atá á lorg.

Tá £22,500 ar fáil chun dhá thionscadal a fhorbairt agus cuirfear maoiniú £350,000 [€411,311] ar fáil chun tionscadal amháin a léiriú.

Glacfar le hiarratais ó dhaoine aonair nó ó chomhlachtaí léiriúcháin atá lonnaithe ó thuaidh. Cainteoirí líofa Gaeilge iad na scríbhneoirí agus stiúrthóirí a bheidh i mbun an léirithe, a deirtear.

Mar chuid den tréimhse forbartha cuirfidh eagarthóir scripte le seanchleachtadh ar an gceard tacaíocht ar fáil agus d’fhéadfadh tacaíocht a bheith i gceist ar bhealaí eile chomh maith.

Glacfar le hiarratais go dtí 5pm an 10 Meán Fómhair.

Fág freagra ar 'Smaointe á lorg d’fhadscannáin Ghaeilge'

  • Ultan Macken

    Ba ceart fadscannán a dhéanamh bunaithe ar gearrscéal a scríobh m’athair, Walter Macken. ” God Made Sunday ” is teideal don ghearrscéal. Tá an scéal lonnaithe i Inis Oírr agus is scéal é faoi iascaire agus a bheatha iomlán. Is é Ghaeilge a theanga dúchais

  • Colin Ryan

    Nó scannán faoi na cainteoirí Gaeilge a chuaigh go Meiriceá agus go tíortha eile.

  • Antóin

    Tá sé in am scéal na Tána a chur ar an scáileán mhór.

  • Toirealach Ó Gráda

    “i gcomhthéacs nádúrtha ina mbeadh Gaeilge á labhairt”

    An ionann sin is a rá gur gá don scannán a bheith suite sa Ghaeltacht ?