Slaitín draíochta le seoladh a chuirfidh tús le réabhlóid i gcúrsaí smididh

Réabhlóid maidir le húsáid smididh geallta ag meaisín nua ardteicneolaíochta ar a dtugtar Opté

Slaitín draíochta le seoladh a chuirfidh tús le réabhlóid i gcúrsaí smididh

Tá an chéad radharc tugtha don phobal ag fochomhlacht de chuid Proctor & Gamble ar ghléas nua a d’fhéadfadh athrú ó bhonn a chur ar ghnó an smididh más fíor ar chor ar bith an méid atá á ghealladh acu.

Breathnaíonn an gléas nua chun smideadh a chur ar dhuine cosúil go maith le rásúr gan sreang ach tá ceannródaíocht i gcúrsaí deartha sa teicneolaíocht nua-aimseartha. Tá ráite gurb ionann an meaisín nua seo ar a dtugtar Opté agus slaitín draíochta a chuirfidh tús le réabhlóid i gcúrsaí smididh.

Is cosúil go bhfuil P&G Ventures, fochomhlacht fiontraíochta de chuid Proctor& Gamble, ag obair faoi rún ar an táirge nua seo le blianta agus go bhfuil siad tar éis tarraingt ar an saineolas is nua i réimsí éagsúla den teicneolaíocht agus de tháirgí smididh.

Go bunúsach, tá ceithre chuid san Opté a bhfuil feidhmeanna difriúla acu.

Tá solas láidir gorm LED ann a scanann an craiceann ar dtús agus ceamara digiteach atá chomh cumhachtach sin go dtógann sé 200 pictiúr den chraiceann in aghaidh an tsoicind.

Tá an ceamara sin ceangailte le mionríomhaire le halgartam a dhéanann próiseáil ar 70,000 líne de chód i gcás gach orlach den chraiceann. Aithníonn an algartam sin gach locht agus laige agus gach spota agus goirín faoin gcraiceann sula mbeidh aon rian díobh le feiceáil ag súil an duine féin.

Ar deireadh, tá scairdphrintéir ann a steallann deora de smideadh nó de séiream díreach san áit a dteastaíonn sé.

Tá an teicneolaíocht atá forbartha sa scairdphrintéir seo chomh pointeáilte cruinn sin nach gá duit ach aon bhilliúnú cuid de lítear leachta smididh a úsáid.  Ciallaíonn sin nach mbíonn ag teastáil ach 1% den mhéid smididh a úsáidtear anois agus nach mbeidh ort aon rud a chur ar aghaidh an duine ach amháin sna háiteanna ar leith sin ina dteastaíonn sé.

Maíonn P&G Ventures go bhfágann an cur chuige nua seo cuma fhoirfe amach is amach ar an gcraiceann; ‘flawless’, nó gan smál, an focal a bhí in úsáid ag cuid acu sin a chonaic an toradh.  

Tá leacht smididh nó séiream ar leith forbartha don Opté agus is cosúil gur sin agus sin amháin a oibreoidh ann. Ciallaíonn sin go mbeidh smacht as cuimse ag lucht a dhéanta ar an bpraghas a bheas ar an ngléas nua nuair a chuirfear ar díol é. Is cosúil go bhfuil 40 paitinn dhifriúil faighte acu leis an gcóipcheart a bhaineann lena ndearadh a chosaint.

 

Níl dáta seolta fógartha go hoifigiúil fós don táirge nua ach meastar go gcuirfear ar an margadh é uair éigin le linn na bliana 2020.

Is cosúil go bhfuil infheistíocht iontach mór déanta ag Proctor & Gamble san Opté agus is comhlacht iad a bhfuil aithne agus meas orthu ar fud an domhain. Is liosta le háireamh iad na brandaí ar fad atá acu agus mórán acu in úsáid rialta go leor againn – Crest, Head & Shoulders, Oral-B, Gillette, Fairy, Ariel, Olay, Pantene agus na scórtha eile.

Is cosúil nach bhfuil scéal an Opté ach ina thús agus go gcloisfimid cuid mhaith eile faoi sula mbeidh sé le fáil ar an margadh an bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Slaitín draíochta le seoladh a chuirfidh tús le réabhlóid i gcúrsaí smididh'