le John B. Keane
Amharclann an Gaiety
Déagóir óg scoile í Sive, leanbh tabhartha ar fheirm bheag dhearóil a huncail, suite áit éigin ar na hardtailte idir Lios Tuathail, Ladhar a’ Chrompáin agus Cnoc na gCaiseal. Í i ngrá le buachaill óg na háite, Liam Scuab. Is bitseach chríochnaithe a haintín Mena. Bean nimhneach atá tiomanta Sive ‘a dhíol’ fá choim ar £200 i gcleamhnas le feirmeoir láidir, seanchreatlach fir a bhfuil cos amháin leis san uaigh. Cleamhnas a d’eagraigh an grabálaí claon Thomasheen Seán Rua, slíomadóir lofa fir – leathcheann fireann Mhena sa ghnó náireach céanna.
Chuir Garry Hynes Sive feimineach don aonú haois fichead ar stáitse an Gaiety in 2018. B’eo chugainn Sive i ndiaidh na scannal mí-úsáid gnéis, Sive i ndiaidh na Kerry Babies, Sive i ndiaidh na gluaiseachta MeToo. Thug an Sive sin faoiseamh dúinn ó leadrán na gcéadta léiriú a mhúch scread feirge John B. Keane. Léirithe ab ea iad sin a dhein rud stálaithe de dhráma pléascánta fhear Lios Tuathail. Tá Sive ar ais sa Gaeity arís, Andrew Flynn ar an stiúir an uair seo agus Sive bhocht fuascailte arís aige.
Samhlaigh mar a bheadh ag Sive dá mba leanbh tabhartha de phór na hAfraice í agus í ag cur fúithi faoin tuath in Éirinn fhaoistiniúil na 1950idí.
Sive i ndiaidh Christine Buckley atá curtha os ár gcomhair ag Andrew Flynn. Sive a dhúisíonn taibhsí eile, taibhsí atá ionainn féin ina measc.
Ba thuar dóchais don léiriú seo go ndeachaigh an compántas go dtí teach tábhairne John B i Lios Tuathail i mí na Nollag chun an dráma a léamh le chéile den chéad uair. Nod d’fhoinse an dráma a bhí ann- ómós don dráma is don scríbhneoir ag an tobar beannaithe i gcomhluadar cuideachtúil Billy Keane. Ionracas. Dea-chomhartha. Tús maith. Neart le déanamh fós.
Dúirt Sade Malone (mar ‘Shad-ay’ a fhuaimnítear a hainm baiste) an t-aisteoir óg Gael-Sasanach a dhéanann páirt Sive, ‘Having Sive be mixed race, for a modern audience, adds heat.’
Teas, gan dabht. Ach tugann sé dúinn tuiscint nua, tuiscint níos pointeáilte, ar scéal bhean óg dhubh i sochaí na hÉireann sna 1950idí freisin.
Tá Andrew Flynn aitheanta as léirithe de The Cripple of Inishmaan, The Lieutenant of Inishmore agus The Lonesome West le Martin McDonagh – (Martin Johnny Mhichael Choilm s’gainne) agus le nádúr, panache agus élan críochnúil a thugann sé Sive John B Keane i dtír in Éirinn ‘ilchultúrtha’ 2024.
Téann Flynn i muinín cliar a bhfuil an-mhianach iontu – Fionnuala Flanagan, Norma Sheahan, Denis Conway agus John Olahan – agus déanann siad obair na gcapall dó. Tá Sive Sade Malone inchurtha leo.
Ba mhaith liom níos mó den ndrúis ghréisceach i Seán Dóta Olahan. Déanann Sade Malone thar cionn go deo ina ról freisin, agus má bhí súil thirim san amharclann ag an dénouement aréir, ní fhaca mise í.
Mar bharr ar a lán rudaí eile, an chaint seachas ceardaíocht ná plota John B. Keane a iompraíonn fírinní síoraí Sive.
Má bhraitheas uaireanta easnaimh sa léiriú ar an gcaint sin a thugann bealach isteach dúinn ar shícé agus ar thírdhreach teanga phobal John B – pobal a mhaireann fós sna hardchríocha sceirdiúla idir Cnoc na gCaiseal agus Ladhar a’ Chrompáin – ní raibh stró ar bith ar Norma Sheahan ná Denis Conway a dhein éacht agus rithim chaint fhileata na muintire á tabhairt leo acu. Beirt iad siúd a shíolraíonn ó na dúichí cultúrtha céanna – beirt a raibh Béarla na hÉireann leo ón gcliabhán.
Rinne gach éinne eile a seacht ndícheall ach ní i gcónaí a d’éirigh leo.
Réalta go smior í Fionnuala Flanagan, atá go hiomlán ar a compord ag láimhseáil éilimh chrua agus bhoga Nana. Tá binb a dóthain inti do ‘sheisce’ Mena agus milseacht a dóthain dá peata Sive. Ach chuir sé iontas orm nár éirigh léi teacht isteach níos údarásaí ar chanúint Shliabh Luachra.
Cad faoi na tincéirí, Pats Bocock agus a mhac, an t-amadán fileata Carthalawn?
Níl údarás ná cumhacht ach ag beirt sa dráma seo – Tomasheen Seán Rua agus Pats Bocock. Fulaingeoirí iad gach éinne eile. Bhuel, ní baol do Denis Conway mar tá an t-údarás ag sileadh uaidh mar Tomasheen Seán. Ach ceal údarás teanga agus cur i láthair agus cumhachta ag an tincéir Pats Bocock chun sceon a chur ar chách lena chuid mallachtaí diabhlaí – cailltear, ar bhealach, sa bhrí bhunúsach den bhfocal, an plota.
Is oth liom a rá nach raibh Steve Wall in ann ar fad don choimhlint theicniúil sin – é róbhog, rófhíneálta tríd síos agus sa mhír dheireanach go háirithe, mír inar gá Sceon na Seacht nAsal a chur ar gach duine, ar an stáitse agus sa lucht féachana, chun go dtabharfaí i dtír an chumhacht dhrámatúil a thug John B do Pats Bocock.
‘Mena’ Norma Sheahan? ‘Pure brillo’, mar a deirtear i nGaeltacht Mhúscraí.
Ina chéad ról gairmiúil, sáraíonn John Rice (Liam Scuab) na heasnaimh sa tuiscint atá aige ar an gcultúr as ar fáisceadh an dráma leis an éacht aisteoireachta a dhéanann sé sa dénouement scéiniúil deiridh. Tá sé agat, a John Rice, a chara, ach dul ag dreideáil. Tiocfaidh do shamhradh fós, is fásfaidh féar.
Idir shoineantacht, mhilseacht, áille, scil nach beag agus cumas an lucht féachana a chur faoi gheasa, cuireann Sade Malone Sive os ár gcomhair atá chomh maith de Sive is a chonac riamh.
Tá an seit, an dearadh, feisteas, fuaim, soilsiú ar fheabhas.
Murar tháinig Béarla na hÉireann Chiarraí Thuaidh slán go hiomlán sa léiriú seo – rud ab amhlaidh i léiriú Hynes in 2018 – is trua sin, ach déanann Andrew Flynn is a chriú sinn a chúiteamh le go leor eile a chuireann le hacmhainn, stair agus stádas an dráma.
Éilítear níos mó ón léiriú seo ná na gnáthshuáilcí ealaíne, amharclannaíochta agus tráchtála. Tá níos mó ná an gnáthchaidreamh idir dráma agus pobal anseo freisin. Lena sárthaispeántas mar Sive, tugann Sade Malone, bean óg de mhianach na hAfraice, dúshlán vigilantes frith-inimirceach/frith-theifeach bhailte na hÉireann, mí Feabhra 2024.
Ní áirím Éire dhoicheallach iata na gcaogaidí féin, an tréimhse dhuairc sin ina bhfuil an dráma seo suite.
Ach, an aimsíonn Sive an Gaiety a sprioc?
Ní féidir an léiriú seo a mheas gan na tinte a lasadh ag loisceadh na n-ionad ‘fáilte’ a áireamh mar chuid den ‘chúlsoilsiú’.
Agus is fíor fós an rud a dúirt Garry Hynes faoi Sive in 2018 – ‘seasca (cúig) bliain ar aghaidh, tálann Sive go fial fós orthusan a ghéilleann di’.
Ó Thuaidh le fonn, le dóchas!
Fág freagra ar '‘Sive’ den scoth ag Sade Malone i ndráma atá chomh fírinneach inniu is a bhí riamh'