Siopa an Phobail i nGaeltacht Chonamara le dúnadh ar feadh tréimhse

Ní bheidh aon ollmhargadh idir Bearna agus Baile na hAbhann fad is atá Siopa an Phobail á athfheistiú agus á athbhrandáil mar shiopa Tesco

Siopa an Phobail i nGaeltacht Chonamara le dúnadh ar feadh tréimhse

Beidh Siopa an Phobail, an siopa aitheanta in Indreabhán i gConamara, ag dúnadh ag deireadh mhí Lúnasa ar feadh tréimhse.

Is mar gheall go mbeidh úinéirí nua, Tesco, ag dul i mbun an tsiopa, a bheidh sé ag dúnadh. Meastar go bhféadfadh go mbeidh an siopa dúnta ar feadh 10 seachtaine. Le linn na tréimhse sin cuirfear traenáil ar fáil d’oibrithe an tsiopa agus déanfar an áit a athfheistiú agus a athbhrandáil mar shiopa Tesco.

Dheimhnigh urlabhraí ón siopa do Tuairisc go mbeidh an siopa ag dúnadh ag deireadh na míosa seo chugainn ach dúirt sé nach raibh aon eolas eile faighte acu go dtí seo. Tá ráiteas lorgtha ag Tuairisc ó cheanncheathrú Ollmhargaí Joyce’s in Áth Cinn i nGaillimh.

Tesco le teacht go Cois Fharraige an bhliain seo chugainn

Ciallaíonn dúnadh Shiopa an Phobail nach mbeidh aon ollmhargadh idir Bearna agus Baile na hAbhann ar feadh tréimhse an fómhar seo.

Tuairiscíodh i mí an Mheithimh go raibh cead faighte ag Tesco dul ar aghaidh leis an socrú a bhí déanta acu an siopa aitheanta i nGaeltacht Chonamara agus roinnt siopaí eile a cheannach ó mhuintir Joyce.

Thart ar 500 duine atá fostaithe ag siopaí Joyce’s agus tá ráite ag Tesco go mbeadh fáilte roimh an bhfoireann sin fanacht leo ó cheannaigh siadsan na siopaí.

Dúirt urlabhraí ó Shiopa an Phobail le Tuairisc nach raibh na sonraí faoi chúrsaí fostaíochta deimhnithe go fóill agus go bhfuil an fhoireann féin ag fanacht ar a thuilleadh eolais.

Fág freagra ar 'Siopa an Phobail i nGaeltacht Chonamara le dúnadh ar feadh tréimhse'