‘Sinn Féin has weaponised the Irish language’ – is fiú aghaidh a thabhairt ar raiméis mar sin…

Is túisce leithscéal ná réiteach: an Ghaeilge agus aighneas polaitiúil an Tuaiscirt

‘Sinn Féin has weaponised the Irish language’ – is fiú aghaidh a thabhairt ar raiméis mar sin…

An dea-scéal do gach Gaeilgeoir? Tá an Ghaeilge i lár an aonaigh ó thuaidh. Ní léir cé mar a réiteofar an argóint maidir le hacht na Gaeilge, más féidir í a réiteach, ach níl aon dabht maidir lena tábhacht.

Tá cearta teanga, agus meas ar an teanga, á bplé go tréan i dTuaisceart Éireann agus ar an taobh seo den teorainn.  Tá stádas bainte amach ag an teanga mar dhlúthchuid den chomh-urraim nach dtiocfar ar chomhréiteach polaitiúil dá ceal.

An drochscéal? Má fhágtar cás eisceachtúil mar Iosrael as an áireamh, ní chuidíonn achrann polaitiúil le labhairt ná le leas teanga.

Bhí an ceart ag cibé duine a dúirt gur ‘Beatha teanga í a labhairt’.

Gan dabht, músclóidh an t-aighneas idir an DUP agus Sinn Féin maidir le hacht na Gaeilge spéis sa teanga ó thuaidh. Ach is tábhachtaí go mór feidhmiú na gceart, oideachas trí Ghaeilge agus comhluadar cainteoirí eile ná síor-achrann polaitiúil.

Deimhneoidh tionchar an DUP ar rialtas mionlaigh na gCaomhach i Westminster nach féidir brú a chur ar an bpáirtí glacadh le reachtaíocht teanga go dtí go n-athróidh olltoghchán comdhéanamh na parlaiminte thall.

Tá súil ag an dá rialtas go mb’fhéidir go n-athróidh meon Arlene Foster agus  móramh dá comhghleacaithe mar gheall ar athmhachnamh inmheánach. Ach seachain: níl oiread agus ‘MÁ’ beag amháin sa liosta seo a leanas de na rudaí a d’fhéadfadh an t-athrú intinne sin a spreagadh. D’fhéadfadh sé tarlú:

MÁ éiríonn leis an dá rialtas nó le hidirghabhálaí neamhspleách teacht ar leagan nua den chomhaontú i bprionsabal a bhí á phlé ag an DUP agus Sinn Féin go dtí an deireadh seachtaine seo caite.

MÁ deirtear le comhaltaí an pháirtí sa Chomhthionól i Stormont nach n-íocfar a dtuarastail níos mó mura mbunaítear Feidhmeannas arís.

MÁ chothaíonn fógra dá leithéid teannas idir comhaltaí an DUP den Chomthionól i Stormont agus feisirí parlaiminte an pháirtí i Westminster.

Ní léir ach cúis bheag amháin go mb’fhéidir gur mar sin a tharlóidh: ní raibh tásc ná tuairisc roimh ré ar an margadh manqué a bhí á phlé ag an DUP le Sinn Féin ar feadh trí seachtaine ar a laghad. Go deimhin dúirt formhór na n-iriseoirí a choinnigh súil ar an gcaidreamh eatarthu nach raibh aon chosúlacht réitigh air.

Níor chuidigh Mary Lou McDonald leis an atmaisféar i measc na n-aontachtaithe nuair a chríochnaigh sí a céad óráid mar cheannaire nua ar Shinn Féin le ‘Tiocfaidh Ár Lá’ – mana leathmhíleata, leathpholaitiúil a páirtí.

Fiú mura mbeadh na focail sin ráite aici ar ndóigh, is léir anois nach n-athródh sé an claonadh chun diúltachta i measc chomhaltaí agus lucht leanúna an DUP. Ach thug sí leithscéal gan chúis do chuid acu chun a mhaíomh gur gléas cogaidh í an teanga agus nach ar mhaithe leis an teanga ach chun aidhmeanna polaitiúla Shinn Féin a chur chun cinn a bhí an páirtí sin.

Níor chuidigh an doiléire agus mór is fiú a bhain uaireanta lena raibh le rá ag urlabhraithe áirithe i measc lucht tacaíochta acht na Gaeilge lena gcás ach oiread. Ach arís, ní mar gheall ar dhoiléire ná áibhéil a thit na cainteanna as a chéile. An bhunfhadhb: neamhthoil aontachtach an chomhurraim, mar a theastaíonn sí ó naisiúnaithe, a ghéilleadh.

Ar an taobh ó dheas den teorainn, tá cúis nó leithscéal gan chiall eile aimsithe ag lucht cáinte Shinn Féin. Sampla amháin an cheannlíne a cuireadh ar cholún Noel Whelan san Irish Times Dé hAoine: ‘Sinn Féin has weaponised the Irish language’.

Ní foláir aghaidh a thabhairt ar raiméis mar seo ar fhaitíos go neartódh sí an mhíthuiscint ó dheas ar thábhacht na Gaeilge ó thuaidh. Ar ndóigh, tá leas á bhaint ag ceannairí Shinn Féin as an teanga ar mhaithe leo féin. Ach ní cóir diúltú do thuairim toisc go bhfuil leas polaitiúil á bhaint aisti.

Tá sé ráite go soiléir ag an iriseoir Eamonn Mallie anseo agus i móran alt eile atá scríofa aige, go bhfuil móramh mór i measc náisiúnaithe an Tuaiscirt i bhfabhar Acht na Gaeilge mar chéim ar mhaithe le cothú na comhurraime thar aon rud eile.

Is fiú cur i gcuimhne do leithéid Noel Whelan freisin go bhfuil an SDLP, Páirtí an Alliance, na Glasaigh agus an PbP i bhfabhar Acht na Gaeilge chomh maith.

Níor admhaigh ceachtar rialtas go bhfuil teipthe go hiomlán ar na cainteanna ó thuaidh. B’fhearr leo araon gan cur lena bhfreagracht maidir le cúrsaí an Tuaiscirt.

Faraor, níl an léargas go maith. Fiú mura luaitear an bac is bunúsaí ar an gcomhthuiscint i mBéal Feirste, agus idir Londain agus Baile Átha Cliath –  An Breatimeacht.

Fág freagra ar '‘Sinn Féin has weaponised the Irish language’ – is fiú aghaidh a thabhairt ar raiméis mar sin…'

  • Cluain Sceach

    Ar fheabhas. Tá Whelan ag gabháilt den saghas ruda seo le fada.