Síneadh ama go dtí an 30 Meitheamh iarrtha ag May ach bliain an tairiscint

Deir Jacob Rees-Mogg gur chóir don Bhreatain a bheith ina dealg faoi shúil an Aontais Eorpaigh agus cur as dá fheidhmiú más síneadh ama bliana a bheidh ann

Síneadh ama go dtí an 30 Meitheamh iarrtha ag May ach bliain an tairiscint

Tá litir curtha ag Theresa May chuig Donald Tusk ag iarraidh síneadh ar an mBreatimeacht go dtí an 30 Meitheamh, dáta ar dhiúltaigh an AE dó cheana an mhí seo caite.

Ó shin i leith, tá tús curtha ag Príomh-Aire na Breataine le cainteanna le ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre in iarracht teacht ar chomhaontú traspháirtí faoin mBreatimeacht.

“Tá moladh á dhéanamh ag an Ríocht Aontaithe go dtiocfadh deireadh leis an síneadh ama ar an 30 Meitheamh 2019. Má éiríonn leis na páirtithe [an margadh] a dhaingniú roimhe sin, is é atá á mholadh ag an rilatas go gcuirfí deireadh leis an tréimhse [an síneadh ama] níos luaithe ná sin,” arsa May ina litir chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí.  

Is cosúil gur síneadh ama solúbtha bliana atá á mholadh ag an AE agus go ndéanfar a leithéid a thairiscint do Theresa May ag cruinniú mullaigh an AE sa Bhruiséil ar an 10 Aibreán.

Is é is dóichí ná gur an t-eiteach atá i ndán do Theresa May arís sa Bhruiséil agus gur síneadh ama níos faide a chuirfear leis an mBreatimeacht.

Tá ráite cheana ag Jacob Rees-Mogg, duine de na Breatimeachtóirí is righne in Westminster, gur chóir don Bhreatain a bheith ina ndealg faoi shúil an Aontais Eorpaigh agus cur as dá fheidhmiú más síneadh ama bliana a bheidh ann.

Beidh an cruinniú mullaigh ar siúl dhá lá roimh an dáta Breatimeachta atá faoi láthair ann agus mura n-éireoidh leo teacht ar shocrú eile ag an gcruinniú sin imeoidh an Bhreatain as an AE de thuairt ar an 12 Aibreán.

Agus dhá lá cainte déanta aici le Jeremy Corbyn, dúirt gur aontaigh an dá pháirtí go gcaithfí an comhaontú aistarraingthe a chur tríd ach go raibh easaontas fós ann faoin dara cuid dá margadh imeachta – an dearbhú polaitíochta ina leagtar amach roinnt sonraí faoin gcaidreamh a bheidh idir an Bhreatain agus an AE amach anseo.

Mura n-éiríonn leo teacht ar réiteach faoin margadh imeachta tá súil ag May tabhairt faoi chur chuige eile ina gcuirfí pleananna éagsúla Breatimeachta faoi bhráid na parlaiminte ag súil go roghnófaí ceann a gcloífeadh gach duine leis. 

Tá súil ag May go dtarlódh sin roimh an 22 Bealtaine ionas nach mbeidh ar an Ríocht Aontaithe páirt a ghlacadh i dtoghcháin na hEorpa, cé gur ghéill sí nach mbeadh aon rogha acu de réir dlí ach na toghcháin sin a reáchtáil mura mbeadh an reachtaíocht Bhreatimeachta daingnithe. 

Fág freagra ar 'Síneadh ama go dtí an 30 Meitheamh iarrtha ag May ach bliain an tairiscint'