Sinéad O’Connor, údar splancfhicsin

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Ní le seánra an splancfhicsin a shamhlaítear Sinéad O’Connor go hiondúil, ach máistir í sa cheird

Sinéad O’Connor, údar splancfhicsin

Pictiúr: Paul Daly/Photocall Ireland

Bhí mé ar bhóithrín na gcuimhní ceoil le deireanas agus tharla mé ar sheanamhrán le Sinéad O’Connor, ‘The Value of Ignorance’, a tháinig amach i 1990 ar an taobh tuathail den singil Three Babies.

Féadfaidh duine a rogha tuairim a bheith aige faoi iníon Uí Chonchúir, ach ní féidir a shéanadh go bhfuil bua ar leith aici maidir le liricí nach gcuireann aon fhiacail ann a chumadh. Sampla den scoth é curfá ‘The Value of Ignorance’:

All those nights with my arse in your face and your words in my dreams

Now I know what the value of ignorance means

Ar ndóigh, is minic gur ar mhaithe le croitheadh a bhaint as daoine a bhainfeadh scríbhneoir úsáid as focail thrombhríocha, as mionnaí móra agus as íomhánna gáirsiúla agus d’fhéadfaí a mhaíomh gur ealaín í sin a bhfuil tuiscint ar leith ag Sinéad O’Connor uirthi. D’fhéadfaí a mhaíomh freisin nach mbíonn ann ach cleas. Ach oibríonn an cleas go hiontach sa chás seo.

Tá codarsnacht chomh mór sin idir an íomhá gháirsiúil, ábhairín mhíthaithneamhach i dtús na chéad líne (tóin duine amháin in aghaidh duine eile) agus an coincheap rómánsúil sa dara cuid den líne (focail leannáin le cloisteáil i mbrionglóid) go bhfuil teannas diamhair le brath sa líne ar fad, an teannas diamhair céanna a bhaineann leis an gcaidreamh grá a chuirfeadh fonn ar dhuine rudaí a dhéanamh in aghaidh a thola.

Ach is é an rud is fearr ar fad faoin gcurfá in ‘The Value of Ignorance’ go n-insítear scéal iomlán ann, a bhuíochas leis an dara líne, ‘…Now I know what the value of ignorance means’. Ar ndóigh, caithfidh an t-éisteoir mionsonraí an scéil a shamhlú ina aigne féin, ach tá an plota ar fad aige: cuireadh an dallamullóg ar dhuine a chuir í féin in áit na leathphingine toisc go raibh sí dúnta i ngrá le duine eile.

Dar liom go bhfuil curfá ‘The Value of Ignorance’ inchurtha leis an líne cháiliúil úd a luaitear le Ernest Hemingway go minic agus a ndeirtear fúithi gurb í an gearrscéal is giorra ar domhan í:

‘For sale: baby shoes, never worn.’

Splancfhicsean a thugtar ar an gcineál sin scríbhneoireachta ar ndóigh, seánra ar leith a bhfuil borradh mór faoi le leathscór bliain anuas. 

Nach iontach go bhfuil Sinéad O’Connor ina máistir ar an gceird sin, leis. Ar chúiseanna go leor bíonn tuairimí láidre ag cuid mhór de mhuintir na hÉireann fúithi, ach ná déanaimis dearmad gur scríbhneoir den scoth í.

Fág freagra ar 'Sinéad O’Connor, údar splancfhicsin'