Siar bóithrín na smaointe chun na Briotáine leis an Tour de France…

Cuid den draíocht a bhaineann leis an rothaíocht is ea go gceadaítear don lucht féachana dul chomh cóngarach seo do na hiomaitheoirí

Inniu tiocfaidh an Tour de France 2018 chun críche ar an Avenue des Champs Élysées agus má chonaic mé uair an chloig de ar an teilifís le trí seachtaine ba é a chloch nirt é.

Admhaím, mar a dhéanann go leor, go gcaithim corr-shracfhéachaint air ó am go chéile ainneoin go bhfuil déistin orm ag an mbaint atá ag drugaí leis an spórt agus go háirithe leis an Tour. Fós tá mé ag ceapadh go mba í an dea-aimsir a d’fhág ar an ngannchuid i mbliana mé, seachas moráltacht agus uaibhreacht.

Ba í Staid 5, os cionn dhá chéad ciliméadar idir Lorient agus Quimper sa mBriotáin ba mhó a shantaigh mé a fheiceáil, mar de thalamh na Fraince ar fad is ar an gcuid sin den Bhriotáin is fearr m’aithne.

Ba mhinic linn a dhul ar saoire ann agus bhí an-fhonn orm anois cuid de na háiteacha a ndeachaigh na rothaithe tríothu a fheiceáil arís féachaint ar tháinig mórán d’athrú orthu sna déaga de bhlianta ó sheas muid iontu go deireadh.

Agus 30 ciliméadar de Staid 5 curtha díobh acu tháinig na rothaithe chomh fada le baile beag Pont-Aven atá suite ar bhruach na habhann as a bhfaigheann an áit a ainm. Ealaíontóirí ba mhó a thaobhaíodh an áit, ina measc Paul Gauguin, an t-aon ainm a d’aithnigh an dúramán seo agus é ag siúl na sráideanna.

D’aithnigh mé an áit de léim mar a d’aithin mé Concarneau ón mballa mór cloiche atá ina thimpeall.

Go gairid ina dhiaidh sin, chaill mé suim sa rás nuair a d’fhág na rothaithe an fharraige ina ndiaidh agus nuair a thréigeadar an cósta agus níor bhreathnaigh mé arís air gur bhuaigh an Slóvacach Peter Sagan sa ruathar a thug sé féin agus an tIodálach Sonny Colbrelli faoin líne i Quimper féin.

Ach a bheith ina ngaobhar bheinn in ann a inseacht dóibh go raibh togha an phionta agus rogha an cheoil le fáil sa bPoitín Still ar Avenue de la Libération agus murar thaithnigh sé sin go raibh Finnegans ar an mbaile freisin. Dá mbuailfeadh fonn damhsa ina dhiaidh sin iad, tá mé ag dul amú nó tá tábhairne eile ansiúd a bhfuil Céilí air!

Go deimhin murach go bhfuil a fhios agam nach mblaisfeadh siad d’aon bhraon go mbeadh obair an lae déanta, d’fhéadfadh sé a bheith ráite agam leo sular bhuaileadar bóthar as Lorient beag ná mór an lá sin go mbeadh fáilte rompu ag Pádraig Larkin sa Galway Inn.

Tá an Lorcánach ag líonadh pórtair ansiúd le hos cionn deich mbliana fichead anois. Is ina theach ósta a thagann imreoirí Chumann Lúthchleas Gael Lorient le chéile – níl aon Éireannach ina measc – agus chuir sé féile roimh an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ansiúd cúpla bliain ó shin ag an bhFéile Idirnáisiúnta.

Ba aníos trí dheisceart na Briotáine a tháinig an Tour de France 2018 faoi bhealach go Lorient agus Quimper. I mbaile galánta La Baule a thosaigh Staid 4. Buailte air sin a bhí muid ar an gcuairt ba thúisce a thug muid ar an mBriotáin – baile ina bhfuil balla cloiche eile ina thimpeall agus a bhfuil Guérande mar ainm air.

Píosa fánach de thús an lae sin a chonaic mé. Chaill mé suim ann nuair a thuig mé nach mbeadh aon fheiceáil ar an droichead mór a thrasnaíonn abhainn an Loire ag St. Nazaire.

Ní raibh a leithéid feicthe againne riamh nuair a thaistil muid air os cionn scór bliain ó shin – 3,356 méadar ar a fhaid agus é coinnithe ina chéile ag cáblaí iarainn. Bhí a bheag nó a mhór d’fhaitíos ar na daoine fásta a bhí sa gcarr agus údar acu. Ach fág ag an óige é níorbh amhlaidh dóibh.

Ní hamháin go raibh siad go hiomlán ar a gcompord, ach bhí de thriail acu focal a mhúineadh don tiománaí nach raibh cloiste riamh roimhe aige: ‘Humungous’.

‘Mór millteach’ nó ‘ollmhór’ a fheicim mar aistriú air. Ghlacfainn leis sin dá mba burgar nó fata a bheadh i gceist ach i gcás Dhroichead San Nazaire níl de rogha agam faraor ach géilleadh don Bhéarla.

Sa séú háit a chríochnaigh Dan Martin ar an staid sin isteach go Quimper inar bhuaigh Sagan ar éigin ar Colbrelli.

Lá arna mhárach d’fhág an córas réamhfhógraíochta a tháinig leis na meáin shóisialta nua go bhfuair mé scéala go raibh seans aige an bua a bhreith leis i Mur de Bretagne agus an teilifís curtha sa siúl agam go bhfeicfinn sin – mar a bhí arís nuair a chríochnaigh sé sa dara háit Céadaoin na seachtaine seo sa staid a chniog Chris Froome.

Cinntím i gcónaí go mbreathnaím ar chuid éicint de Staid Alpe d’Huez, ach ba trí sheans a tharla sé go mba é an píosa ina ndearna duine den lucht féachana iarracht Froome a bhualadh de dhorn a chonaic mé i mbliana.

Ach amharc na súl a bheith sách maith agat d’fheicfeá cuid eile acu ag caitheamh smugairlí leis agus lena chomhghleacaithe ar fhoireann Sky. Ní foireann iad a bhféadfá an oiread sin trua a bheith agat dóibh, ach fós níl an cineál sin íde ag dul d’aon duine.

Cuid den draíocht a bhaineann leis an rothaíocht ag an gcaighdeán seo is ea go gceadaítear don lucht féachana dul chomh cóngarach seo do na hiomaitheoirí agus is sólás éicint gur iondúil gur ag iarradh iad siúd a spreagadh a bhíonn siad seachas a bheith á mbascadh.

Cuimhnigh ar an raic a bheadh ann dá mba ag greadadh liathróide nó i mbun reathaíochta a bheadh na lúthchleasaithe.

Fág freagra ar 'Siar bóithrín na smaointe chun na Briotáine leis an Tour de France…'