Seoid Gwenno, an Phicnic Leictreach, ceardaithe Gaeilge Chorcaí agus novella Phóil Uí Mhuirí

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

Seoid Gwenno, an Phicnic Leictreach, ceardaithe Gaeilge Chorcaí agus novella Phóil Uí Mhuirí

CEOL

Cad is cool ann? Tá Gwenno cool…

Gwenno
Tresor
(Heavenly)

An míniú a bheadh agam ar cool ná duine a dhéanann a rogha rud, agus a dhéanann go maith é. Agus mar sin, is beag duine atá chomh cool le Gwenno Saunders. 

Le hocht mbliana anuas tá albaim eisithe aici a mheall aird na meán agus an phobail. Albaim phop, albaim leictreonacha, albaim atá théis Gwenno a chur ar comhardán le hElton John agus le Dizzy Rascal, agus ar an scáileán teilifíse le Jools Holland. Albaim i mBreatnais, agus i gCoirnis. Le mí anuas, fógraíodh gearrliosta Ghradam Mercury, agus tá ainm Gwenno luaite i measc leithéidí Harry Styles, Littles Simz agus Wet Leg. Is é Tresor an chéad albam nach bhfuil i mBéarla a fuair ainmniúchán.

D’fhéadfainn labhairt faoin gcaoi gur údar dóchais é seo do cheol na mionteangacha, agus gur eiseamláir í Gwenno do cheoltóirí Breatnaise, Coirnise, agus Gaeilge. Ach ní hamháin gur albam Coirnise den scoth é Tresor – is albam den scoth é ar leibhéal idirnáisiúnta, le fuaim úr a mhairfidh na blianta fada, a tharraingíonn ar an phsyc-folk agus a fréamhacha iarphuinc; a chuirfeadh Cat le Bon agus Kate Bush i gcuimhne duit, agus a phléann le téamaí ar nós an mháithreachais, na máthairtheangacha, agus an phatrarcacht. Thar aon rud eile, tá Tresor, mar atá Gwenno féin, thar a bheith cool. 

FÉILTE

Sochar an amhrais tuillte ag an bPicnic Leictreach

Electric Picnic
(2-4 Meán Fómhair, An Sráidbhaile, Co Laoise)[infobox]

Tá amhras áirithe orm maidir leis an bhféile cheoil is mó in Éirinn i mbliana: tá meánaois lucht freastail na féile tite le tamall de bhlianta (nó an é go bhfuil mise ag dul in aois?), agus tá méadú as cuimse tagtha ar líon na ndaoine a bheidh i láthair, ó 57,000 go 70,000 duine i mbliana. 

Tá athruithe agus cinntí spéisiúla déanta ag lucht na féile le gairid. An bhfuil sé inghlactha nach bhfuil ach bean amháin i measc na sé phríomhbhanna atá ar an gclár? An mbainfidh sé ón bhféile nach mbeidh tearmann Body & Soul ag a croílár a thuilleadh? An bhfuil spéis ag déagóirí in Snow Patrol? Beidh le feiceáil.

Is duine dóchasach mé, áfach, agus tá sochar an amhrais á thabhairt agam don Phicnic Leictreach – agus ní de bharr mo chuid spéise sna Arctic Monkeys amháin. Is iontach an fhéile a fheiceáil ar an bhfód arís i ndiaidh na mblianta dúshlánacha a bhí aici, agus an éiginnteacht a bhí roimh lucht a heagraithe anuraidh, go háirithe. 

Freastalaíonn an fhéile ar réimse leathan grúpaí agus sainspéiseanna, agus bua atá aici ná láithreacht na nGael i lár an aonaigh. Beidh an Puball Gaeilge ag díriú i mbliana ar chainteanna spéisiúla agus podchraoltaí leithéidí Beo ar Éigean, Meon na mBan, agus Brisim Achan Riail (plug gan náire); soláthróidh An Chollchoill spás séimh don fhilíocht agus don cheol leis an Shandrum Céilí Band agus Bandia, agus tá láthair champála na nGael ar oscailt in athuair. 

Ar bhealach, comhartha atá sa Phicnic go bhfuil deireadh an tsamhraidh tagtha, agus cé go bhféadfadh féile 70,000 duine a bheith beagán fiáin, táim ag ceapadh go bhfuil beagán fiántais tuillte againn le slán ceart a fhágáil le tréimhse seo na bliana.

Emma Ní Chearúil


Ceardaithe dátheangacha Chorcaí

[infobox]Cork Craft Month/Mí Ceardaíochta Chorcaí
Corcaigh
(Go dtí an 31 Lúnasa)

Luadh go minic ag sraith cruinnithe a bhí ar siúl i dTithe an Oireachtais le déanaí an easpa airde a bhíonn ag féilte litríochta agus ealaíon ar an nGaeilge. 

Easpa fhollasach atá ann agus is léir nach bhfuil ag éirí go rómhaith le pé mealladh agus spreagadh atá ar siúl ag lucht maoinithe na bhféilte seo.

Is deas mar sin a fheiceáil go bhfuil béim á leagan ar an nGaeilge ag an Cork Craft Month atá ar siúl an mhí seo.

Mar chuid den cheiliúradh ar chúrsaí ceardaíochta tá feachtas clár fógraíochta Gaeilge ar siúl agus cláir fógraí crochta ar fud na cathrach chun léiriú a thabhairt ar shaothar cheardaithe éagsúla. 

Tá an feachtas á reáchtáil i dteannta le Notes to Cork agus coimisiúnaíodh léaráidí ó Annie Forrester.

‘A crafty cúpla focal’ a thug lucht poiblíochta na féile ar an nGaeilge ar na cláir ach maithfimid é sin dóibh.

Is léir go bhfuil i bhfad níos mó ná cúpla focal i gceist agus ráineodh gur imeartas focal a bhí sa ‘crafty’. 

Moltar do dhaoine súil a choimeád amach do na cláir fógraíochta a bheidh ar crochadh ar fud na cathrach go dtí deireadh na míosa. 

Tá ócáidí Gaeilge eile ar siúl le linn Cork Craft Month chomh maith. An deireadh seachtaine seo caite, léirigh Peadar Ó Riada do dhaoine conas coirceog thraidisiúnta a dhéanamh as cíb.

An Domhnach seo chugainn i nGaeilge a inseoidh Sonia Caldwell do dhaoine conas gligín a dhéanamh as luachair. Beidh an ócáid sin ar siúl in Kilcoe Studios, ar phríomhshráid Bhéal na Dá Chab.

Tá tuilleadh eolais faoi imeachtaí Mhí Ceardaíochta Chorcaí anseo.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

LEABHAIR

Súil ghrinn ar shaol rúndiamhair an spóirt

The Game: A Lifetime Inside and Outside the White Lines
Tadhg Coakley
(Merrion Press)

Is annamh liom leabhar faoi chúrsaí spóirt a léamh ach chuir mé an-suim sa leabhar The Game le Tadhg Coakley a foilsíodh an samhradh seo. Cnuasach aistí atá ann ina bhfuil meascán de chuimhní cinn agus machnamh ar ról an spóirt sa saol go ginearálta, idir mhaith agus olc. 

Úrscéalaí é Coakley (The First Sunday in September, Mercier Press, 2018) agus iriseoir spóirt le The Irish Examiner. Scríobhann sé sna haistí seo faoina shaol féin mar imreoir agus mar leantóir cúrsaí spóirt.

Is iomaí uair a chuimhnigh mé go mba bhreá an rud é a bheith dúghafa le spórt éigin, ar mhaithe leis an am a chaitheamh fiú agus beagáinín drámaíochta a tharraingt as crácamas an tsaoil laethúil.

Saol rúndiamhair é saol an spóirt domsa ar go leor bealaí. Tuigim an áilleacht, tuigim an díograis, tuigim an chomrádaíocht, tuigim fiú tarraingt na hiomaíochta.

Ina dhiaidh sin féin, tá go leor gnéithe de shaol an spóirt a chuireann as dom. Ní thuigim cén fáth go bhfuil níos mó meas ar spórt na bhfear ná spórt na mban, ná cén fáth go mbíonn daoine in aighneas lena chéile mar gheall ar chluiche amháin nó eile. 

Déanann Coakley machnamh ar chuid de na ceisteanna seo sna haistí chomh maith le machnamh ar ghnéithe áille spreagúla an spóirt. Tá cur chuige tuisceanach, pearsanta, umhal aige sna haistí, cuid acu ar nós ‘Kisses’ agus ‘Miracles’ a tharraingeodh deoir as cloch eibhir.

Bridget Bhreathnach


Trí novella Phóil Uí Mhuirí

Triangle: Three Novellas of Ireland
Pól Ó Muirí
(Arlen House)

Is dócha gur mar gheall ar a chuid iriseoireachta agus scríbhneoireachta i nGaeilge is fearr a bheadh aithne ag léitheoirí Tuairisc ar Phól Ó Muirí, ach seo chugainn é le saothar ficsin i mBéarla, Triangle: Three Novellas of Ireland.

Cé nach bhfaigheann sé i gcónaí an t-aitheantas atá ag dul dó, scríbhneoir breá é Ó Muirí sa dá theanga oifigiúil agus is cuma colún nó dán a bheith idir lámha aige, déanann sé a chuid go slachtmhar gan chamadh gan chlaonadh. 

Ní duine é a dhéanann glúin a fheacadh roimh aon fhaisean cultúrtha ná foras teanga, ach bíonn stíl líofa liriciúil go minic sa chuid is fearr dá shaothar.

An bua sin is mó a fhágann go léifimid le fonn an saothar ficsin is déanaí uaidh – trí novella faoi scáth a chéile a dhéanann ionramháil ar cheisteanna éagsúla a bhaineann le hÉirinn na linne seo. 

Deir foilsitheoirí Triangle go leanann sé conair triúr fear atá ag sracadh leis an saol agus iad ag dul i ngleic le béasa comhaimseartha a fhágann ar fán iad óna ndúchas. 

Fág seo agus cuirimis aithne orthu.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Fág freagra ar 'Seoid Gwenno, an Phicnic Leictreach, ceardaithe Gaeilge Chorcaí agus novella Phóil Uí Mhuirí'