Seo leo ar fud na tíre agus as sin go Meiriceá! – €50,000 bailithe ag ‘Seo Linn’

Tá an €50,000 a theastaigh ó Seo Linn dá bhfeachtas Kickstarter faighte acu agus 60 uair a’ chloig ann sula ndúnfar an leathanach

Seo Linn
Seo Linn

Tabharfaidh Seo Linn faoin gceol ar bhonn gairmiúil leis an maoiniú atá faighte acu ón bpobal agus sprioc a bhfeachtais Kickstarter sáraithe acu trí lá roimh an dáta deiridh.

Chuir an banna tús leis an bhfeachtas chun €50,000 a bhailiú ag tús na míosa seo caite agus é mar aidhm acu an méid sin a thiomsú roimh an Satharn beag seo.

Sháraigh siad an €50,000 ag a sé a chlog tráthnóna nuair a deonaíodh €1,000 don chúis. Dúirt Stiofán Ó Fearail, príomhamhránaí an bhanna, go bhfuil an seisear “an-sásta go deo” leis an tacaíocht a léirigh lucht a leanta agus an pobal i gcoitinne le ceithre seachtaine anuas.

Tá sé anois i gceist ag Seo Linn ceoltóirí gairmiúla lánaimseartha a dhéanamh díobh féin agus an t-airgead a bailíodh a úsáid le tús a chur lena ngairm.

“Beidh muid ag feidhmiú mar bhanna ceoil go lánaimseartha anois. Tá muid tar éis beagán athbhrandála a dhéanamh ar an mbanna ceoil, póstaeir nua a dhearadh agus a leithéid. Tá seachtain curtha in áirithe againn i stiúideo le EP a thaifeadadh agus beidh muid ag cur an dlúthdhiosca amach i lár an fhómhair agus tá tús curtha leis na pleananna eile freisin,” a mhínigh Ó Fearail do Tuairisc.ie

I measc na bpleananna sin, tá ceardlanna ceol trí Ghaeilge do scoileanna timpeall na hÉireann. Tá seacht gcinn de cheardlanna curtha in áirithe cheana féin ag scoileanna ó cheann ceann na tíre agus tá súil ag Seo Linn go méadófar an líon sin anois toisc go bhfuil an maoiniú faighte acu le tabhairt fúthu ar bhonn lánaimseartha.

Beidh an banna ceoil ag dul ar camchuairt timpeall na hÉireann chun a gcuid ceoil a scaipeadh – idir leaganacha Gaeilge d’amhráin mhóra Bhéarla agus a gcuid ceoil nua-scríofa a bheidh le cloisteáil ar an EP nua. Tabharfaidh siad aghaidh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá i rith na bliana 2016, áit a bhfuil lucht leanta mór acu de bharr a gcuid oibre le TG Lurgan in Indreabhán.

Thug Stiofán Ó Fearail leid do Tuairisc.ie go mbeadh Seo Linn ag tabhairt faoi cheiliúradh an chéid 1916-2016 go fonnmhar agus go raibh siad i mbun pleanála cheana féin faoi chúpla imeacht a bheidh ag tarlú an bhliain seo chugainn.

Fanfaidh an leathanach Kickstarter ar oscailt go dtí an dáta sprice – Dé Sathairn 4 Iúil – agus dúirt Ó Fearail go mbeidís fíorbhuíoch as aon airgead breise a thiocfadh isteach idir an dá linn.

“Is é an chaoi go dtógann Kickstarter féin 10% den airgead a dheonaítear do thograí ar an suíomh. Mar sin, le go bhfaighidh Seo Linn an €50,000 ar fad theastódh thart ar €5,000 breise uainn. Ach tá muid lánsásta leis an tacaíocht a tugadh go dtí seo agus fíorbhuíoch dár leantóirí,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Seo leo ar fud na tíre agus as sin go Meiriceá! – €50,000 bailithe ag ‘Seo Linn’'