Timpeall an ama seo gach uile bhliain déantar ceiliúradh ar ‘Athbhliain na Síneach’, nó ‘Athbhliain na Gealaí’ mar is ceart a thabhairt air, ó tharla nach sa tSín amháin a dhéantar ceiliúradh ar an mbliain nua an tráth seo den bhliain. Tá fadhbín ann leis an ainm sin freisin toisc nach bliain cheart ghealaí atá i mbliain na Síneach ach bliain ‘ghealaghréine’ (bliain a mheáitear de réir gréine is gealaí).
Bhí rath ar an bhféile sa Domhan Thiar le blianta fada a bhuí leis na céadta míle Áiseach a tháinig go Meiriceá agus a scaip a gcultúr ann. Go deimhin, nuair a tháinig na chéad inimircigh ón Oirthear go na Stáit Aontaithe sa 19ú agus 20ú haois, ba é féilire na gealaí fós a bhí in úsáid go hoifigiúil sa tSín. Meastar go ndéanfaidh os cionn 1.75 billiún duine ar fud an domhain an ócáid a cheiliúradh i mbliana.
Le blianta beaga anuas, tá an fhéile tar éis dul i méid in Éirinn. Bíonn an ceiliúradh is mó ar siúl i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil féile oifigiúil ann mhairfidh coicís agus tá an ceiliúradh á scaipeadh go cathracha eile sa tír de réir a chéile. Beidh imeachtaí ar siúl i mBéal Feirste agus sna hollscoileanna i gCorcaigh agus i nGaillimh.
De réir sheanchas na Síne, ba é an tImpire 皇帝 (Huangdi – ‘An tImpire Buí’) a cheap an féilire sa bhliain 2637 BC. Féilire gealaghréine atá ann a riarann gluaiseachtaí na gealaí cuid de ach a chloíonn le míonna na gréine.
Bíonn 12 mí i ngnáthmhí agus bíonn mí bhreise ann nuair a bhíonn bliain bhisigh ann. Bíonn idir 353 agus 355 lá i ngnáthbhliain agus idir 383 agus 385 lá i mbliain bhisigh. Bíonn bliain bhisigh ann má bhíonn 13 ghealach nua ann idir dhá ghrianstad geimhridh.
Tá a fhios ag an saol go mbíonn ainmhithe luaite le Féilire na Síneach agus go n-athraíonn na hainmhithe sin ó bhliain go bliain. Is leis an Moncaí, mar shampla, an bhliain seo, agus anuraidh bhí beagáinín mearbhaill ann faoi cé acu ar Caora, Reithe, nó Gabhar a bhain leis an mbliain sin.
Tá Féilire na Síneach éagsúil le féilirí móra eile atá in úsáid sa chaoi nach gcomhairtear na blianta i ndiaidh a chéile gan teorainn (1 AD ar aghaidh, mar shampla) ach tugtar ainm – ar cuid de é an t-ainmhí – do na blianta i gcóras a atosaíonn gach 60 bliain.
Tá deich ‘bhfréamh neimhe’ ann agus 12 ‘fréamh saolta’ ann:
Na Fréamhacha Neimhe:
甲 (jiǎ)
乙 (yǐ)
丙 (bǐng)
丁 (dīng)
戊 (wù)
己 (jǐ)
庚 (gēng)
辛 (xīn)
壬 (rén)
癸 (guǐ)
Na Fréamhacha Saolta
子 (zǐ – An Francach)
丑 (chǒu – An Damh)
寅 (yín – An Tíogar)
卯 (mǎo – An Coinín)
辰 (chén – An Dragún)
巳 (sì – An Nathair)
午 (wǔ – An Capall)
未 (wèi – An Gabhar)
申 (shēn An Moncaí)
酉 (yǒu – An Coileach)
戌 (xū – An Cú)
亥 (hài – An Mhuc)
Cuirtear an dá fhréamh le chéile le hainm na bliana a fháil. Mar sin, is í an chéad bhliain sa chóras 60 bliain ná 甲子 (jiǎ-zǐ), agus an dara bliain 乙丑 (yǐ-chǒu) agus araile. Nuair a thagtar chuig deireadh na bhfréamhacha, tosaítear ag an tús arís. Mar sin, is í an 11ú bliain 甲戌 (jiǎ-xū), an 12ú bliain 乙亥 (yǐ-hài) agus araile go dtí go dtagtar chuig an 60ú bliain 癸亥 (guǐ-hài). Thosaigh an “chéad bhliain” sa chóras seo sa bhliain 2637 BC nuair a ceapadh an féilire, de réir an tseanchais.
Is í an bhliain a thosaigh inniu, mar sin, ná 丙申 (bǐng-shēn). Is í an 33ú bliain sa 78ú babhta den chóras 60-bliain agus is í an 4,714ú bliain ó thosaigh an córas sin.
Fág freagra ar 'Seo chugainn Bliain an Mhoncaí – sracfhéachaint ar Fhéilire na Síneach'