Seisear eile a bhí buailte ag an gcoróinvíreas básaithe sa Tuaisceart

2,025 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,543 duine ó dheas den teorainn agus 482 ó thuaidh di

Seisear eile a bhí buailte ag an gcoróinvíreas básaithe sa Tuaisceart

Tá seisear eile a bhí buailte ag an gcoróinvíreas básaithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ó Roinn Sláinte an Tuaiscirt.

2,025 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,543 duine ó dheas den teorainn agus 482 ó thuaidh di.

28,513 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 24,112 ó dheas den teorainn agus 4,401 cás ó thuaidh.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Ghníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (Nisra), is mó go mór líon na marbh ná 482 duine.

599 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 8 Bealtaine. Básanna san ospidéal den chuid is mó a chuireann an Roinn Sláinte ó thuaidh san áireamh ina gcuid figiúirí.

48,931 tástáil déanta don ghalar sa Tuaisceart go dtí seo.

Deimhníodh chomh maith inniu go raibh ráig den ghalar i 71 ionad cúraim sna sé chontae agus meastar go raibh 31 ionad eile buailte chomh maith.

Dúirt príomhchomhairleoir eolaíochta Fheidhmeannas Stormont, an tOllamh Ian Young, go raibh ráta atáirgthe an ghalair go maith os cionn 1 in ionaid chúraim ar fud an Tuaiscirt.

17 othar atá in aonaid dianchúraim an Tuaiscirt agus 40 leaba ICU atá folamh.

Beidh na srianta dianghlasála i bhfeidhm sa Tuaisceart go dtí an 28 Bealtaine, cé gur tugadh cead ionaid gharraíodóireachta a oscailt inniu.

Agus tús curtha ó dheas inniu leis an gcéad tréimhse i bplean cúig thréimhse dhíchuibhrithe an Rialtais, dúirt an tAire Sláinte gur “ciall ó chách” a theastaigh agus cuid de na srianta á scaoileadh.

Ní hamhlaidh go raibh an Covid-19 “bailithe leis” agus chaithfí a chruthú anois gur féidir “maireachtáil in éineacht leis an víreas”, arsa Harris.

Fág freagra ar 'Seisear eile a bhí buailte ag an gcoróinvíreas básaithe sa Tuaisceart'